Ionad Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath geallta mar chuid de phlean infheistíochta €178 milliún

Deirtear sa Phlean Forbartha Náisiúnta a seoladh i Sligeach inniu go n-ardófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go dtí €12 milliún

Ionad Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath geallta mar chuid de phlean infheistíochta €178 milliún

Tá €178 milliún geallta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Phlean Náisiúnta 2040 a seoladh i Sligeach inniu.

I measc na dtograí nua i ‘Project Ireland 2040’, tá ionad Gaeilge agus cultúrtha i lár chathair Bhaile Átha Cliath a mhaítear a chuirfidh le fás phobal na Gaeilge san ardchathair.

Déanfar ionaid teanga a fhorbairt chomh maith, a deirtear, sna bailte atá luaite sa chóras pleanála teanga mar bhailte seirbhíse Gaeltachta agus sna ceantair atá luaite mar Líonraí Gaeilge.

Deirtear sa phlean go neartóidh an infheistíocht atá geallta an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta agus go gcuirfidh sé leis na deiseanna atá ar fáil an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den Ghaeltacht.

Deirtear chomh maith go bhfuil cuid de cheantair na Gaeltachta i measc na gceantar is mó sa tír atá faoi mhíbhuntáiste agus gur gá dá réir 1,000 post in aghaidh na bliana a chruthú sa Ghaeltacht. Chuige sin, gealltar go n-ardófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta de réir a chéile go dtí €12 milliún. Maítear go gcuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis 400 post nua in aghaidh na bliana a chruthú i dtús thréimhse an phlean agus go n-ardófaí an sprioc sin go dtí 1,000 post sa bhliain ina dhiaidh sin.

Sa mhír sa phlean náisiúnta nua faoi chúrsaí pleanála teanga, gealltar go ndéanfar uasghrádú ar choláistí samhraidh, agus go gcuirfear seirbhísí cúraim leanaí agus seirbhísí tacaíochta teanga ar fáil in áiteanna a bhfuil gá leo. Gealltar go dtógfar oifigí nua don chomharchumann agus áiseanna don phobal in Inis Meáin. Déanfar áiseanna turasóireachta a fhorbairt ag Sliabh Liag, An Earagail agus Fánaid i nDún na nGall agus i gceantar na n-oileán i gConamara. Gealltar go gcríochnófar Ionad na hEachléime i nGaeltacht Mhaigh Eo agus go bhforbrófar an bealach siúil, Slí Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Cuirfidh na forbairtí sin leis na háiseanna atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin cheana féin nó atá ar bacáin.

Maidir leis na hoileáin Ghaeltachta deirtear go bhfuil sé i gceist feabhas a chur ar chéanna agus infreastruchtúr ar oileáin Árann agus ar ché Mhachaire Rabhartaigh chun bonn a chur faoi thionscail na mara. Luaitear chomh maith cás seirbhís farantóireachta oileán Thoraí agus gealltar go gcuirfear soitheach nua ar fáil don tseirbhís amach anseo.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna go raibh sé “thar a bheith sásta” leis an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Thar thréimhse deich mbliana a chuirfear an infheistíocht €178 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar fáil agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur thar thréimhse roinnt blianta a ardófar buiséad Údarás na Gaeltachta go dtí €12 milliún.

Seoladh Plean Náisiúnta 2040 inniu. €116 billiún atá luaite mar infheistíocht don phlean agus i measc na dtograí atá luaite ann tá mótarbhealaí nua agus forbairt an phlean don Metro North i mBaile Átha Cliath le go gcuirfí bruachbhailte dheisceart na cathrach san áireamh chomh maith.

Fág freagra ar 'Ionad Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath geallta mar chuid de phlean infheistíochta €178 milliún'

  • Mánus

    Tá éigeandáil tithíochta i measc daoine óga sna cathracha; in Áth Cliath go háirithe. Seo deis dúinne bunsraith do chur faoin Ghaeilge sna cathracha. Ní leor lár-ionad don Ghaeilge cé gur maith an smaoineamh é. Níl pobal lánGhaeilge buansheasmhach in aon chathair in Éirinn; thuaidh ná theas.
    Tá ganntanas tithíochta ann agus seo deis dos na Gaeil óga. Ní mór cúpla comharchumann tithíochta a bhunú timpeall na tíre chun eastáit Lán Ghaeilge ina mbeadh an Ghaeilge beo iontu a thógáil. Bheadh seans ansin go mairfeadh an teanga.
    Tá an Comhairleor Ó Chonchúir ag moladh a leithéid d’eastát LánGhaelach i nGaillimh. Bheadh ciall an-mhór leis sin toisc gur Gaillimh an taon bhaile mór in bhfuil beagán Ghaeilge le cloisteáil ar na sráideanna ann.
    Ach níl comhairle cathrach ar bith chun eastát LánGhaelach a bhunú cé go bhféadfadh comhairleoirí tacú le comharchumainn tithíochta LánGhaelach nuair a bheadh cinneadh tógtha ceann a bhunú.
    Is cuimhin liom scata babarún i gClub Chonra Na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mB.Á.C. ag bladráil faoi nGaeltacht “a athbhunú” in eastát nua a bhí le tógáil in Áth Cliath sna 1980daí agus thosaigh cuid des na babarúin chéanna ag bladráil faoi sa gClub arís sna 1990daí. Rinne fear óg iarracht esstát LánGhaelach a bhunú in iarthar chondae Átha Cliath sna 1990daí ach nínbhfuair sé an tacaíocht a theastaíon ó na babarúin sa gClub ná ón GAA.
    Teastaíonn fiontraithe óga agus gréasán daoine oilte chun comharchumann tithíochta LánGhaelacha a bhunú. Mholfainn d’éinne a thaitníonn an smaoineamh seo leo fiosrú faoi na chomharchumainn tithíochta atá ag feidhmiú le fada an lá sna tíortha Lochlannacha. Ní oirfeadh an múnla atá ag na comharchumann tithíochta abhus toisc a casta is a bheadh sé an Ghaeilge a chosaint nuair a díolfaí teach nó árasán. Tá an ceann i gCloch Siúrdáin ag dul sa treo ceart agus ba chóir labhairt leo sin freisin.