Ionad athchóirithe An Bhlascaoid Mhóir oscailte do chuairteoirí

Tá an t-ionad oidhreachta i nDún Chaoin agus an taispeántas ann athchóirithe agus athmhaisithe ó bhonn

Ionad athchóirithe An Bhlascaoid Mhóir oscailte do chuairteoirí

Osclaíodh don bpobal inniu Ionad An Bhlascaoid ar na hÁth Ruaití, i nDún Chaoin.

Tabharfaidh athoscailt an ionaid i gCorca Dhuibhne deis do chuairteoirí agus do mhuintir na háite lán a súl a bhaint as na mór-oibreacha athchóirithe agus athmhaisithe ó bhonn atá déanta ar an dtaispeántas agus ar an bhfoirgneamh féin. Is é seo an chéad uair a bheidh deis ag cuairteoirí teacht ’on Ionad le breis agus dhá bhliain anuas.

“B’fhiú an braon allais!,” a deir Lorcán Ó Cinnéide, Stiúrthóir an Ionaid le Tuairisc.

“Tá a lán dua, gearradh agus saothar déanta le dhá bhliain agus os a chionn agus tá súil agam go n-aontóidh ár gcuairteoirí go bhfuil a chreidiúint á thabhairt d’oidhreacht an Bhlascaoid sna taispeántais léirmhínithe. Is fada linn go léir, idir ár bhfoireann agus muintir na háite, go mbeidh ár ndoirse ar lán-oscailt arís.”

Deineadh an oscailt oifigiúil ar an mórthaispeántas léirmhínithe inné ag meán lae agus ba iad an tAire Stáit de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, agus Máire Ní Shúilleabháin Uí Chíobháin, iníon Mhuiris Uí Shúilleabháin údar Fiche Bliain Ag Fás, na haoichainteoirí ag an searmanas sin.

Is iad Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a bhí i gceannas na hoibre agus chosain na hoibreacha nua ar fad isteach is amach le €2.9 milliún. Chuir Fáilte Éireann deontas €800,000 ar fáil don dtionscnamh.

Osclaíodh Ionad an Bhlascaoid ar dtúis i mí Lúnasa 1993 ar chostas timpeall le €3.8 milliún agus tháinig suas le €3 mhilliún den gcostas ó Chiste Struchtúrtha an Chomhphobail ag an am. Tá sé áirithe gur thug isteach is amach le milliún duine cuairt ar an Ionad ó osclaíodh ar dtúis é go dtí deireadh 2019.

Táthar ag súil leis na sluaite a theacht go dtí an tIonad i mbliana agus go mbeidh biaiste an-ghnóthach ann as seo go deireadh Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Bíonn suas le 25 duine fostaithe ag an Ionad i lár na biaiste turasóireachta.

Fág freagra ar 'Ionad athchóirithe An Bhlascaoid Mhóir oscailte do chuairteoirí'