Tá imreoir de chuid CLG na Rinne i bPort Láirge ar fhág buille de chamán i mbaol a bháis é ag iarraidh ar CLG go gcuirfí tanc ocsaigine ar fáil do gach club sa tír.
Bhí Eoghan Breathnach, múinteoir i nGaelscoil Thiobraid Árann, ag imirt cluiche iománaíochta don Rinn in aghaidh Bhaile an tSagairt ar an 1 Aibreán nuair a fuair sé buille camáin a tholl a scamhóg agus a d’fhág nach raibh sé ábalta análú as féin.
Cuireadh fios ar dhuine a raibh tanc ocsaigine ag baile acu, tugadh an tanc go dtí an pháirc agus coinníodh ocsaigin leis an mBreathnach nó gur tháinig otharcharr ar an láthair 50 nóiméad i ndiaidh na heachtra.
Ag labhairt dó ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt fear na Rinne gur dóigh nach mbeadh sé beo inniu murach an soláthar ocsaigine a bheith faighte aige.
“Bhí saghas eagla orm fhéin ag an am. Bhí mé go breá i gcomhair an chéad chúig nó deich nóiméad, bhí mé ábalta anáil de shaghas éigin a dhéanamh, agus bhí a fhios agam go raibh cabhair ag teacht … ach leis an am ag sleamhnú agus mar sin de, bhí mé saghas buartha go raibh mé really i dtrioblóid, agus le Caroline mo bhean chéile ansin, ní deas an rud é sin a bheith ag féachaint air sin.”
“Murach é [an ocsaigin] bheadh deireadh liom, táim cinnte faoi sin. Tar éis an 20 nóiméad san, bhíos críochnaithe ó thaobh m’anáil fhéin, ní bhfaighinn níos mó a dhéanamh agus níor tháinig an t-otharcharr go ceann 50 nóiméad. Níl aon seans ar domhan go mbeinn in ann análú liom fhéin chomh fada leis sin, ” a dúirt Eoghan Breathnach ar An Saol Ó Dheas.
Ar héileacaptar a tugadh an Breathnach go dtí Ospidéal na hOllscoile i Luimneach, mar ar thug sé deich lá agus cóir leighis á cur air.
Dúirt an Breathnach go bhfaigheann imreoirí buillí mar an ceann a leon é féin i ngach cluiche agus tá achainí déanta aige ar CLG go bpléifí láithreach an bhféadfaí tanc ocsaigine a chur ar fáil do chlubanna.
“Do lucht Chumann Lúthchleas Gael, b’fhéidir ag an gcéad chruinniú coiste eile go bhféadfaidís labhairt faoi umair ocsaigine a bheith sna cumainn.
“Ar ndóigh, tá dífhibrileoir i mbeagnach gach cumann faoin am seo, ach fiú amháin nuair a bhrisfear cos nó nuair atá duine gortaithe go dona, nó cluiche faoi aois le páistí le asma, is iontach an áis an ocsaigin sin agus tá sé i bhfad i bhfad níos saoire ná dífhibrileoir,” a dúirt Eoghan Breathnach ar An Saol Ó Dheas.
Ghabh an Breathnach buíochas leis na daoine ar fad a chabhraigh leis nuair a gortaíodh é, go háirithe Tina Ní Mheachair agus Máire Ní Riain, agus muintir Bhaile an tSagairt.
Fág freagra ar 'Iománaí Gaeltachta a chuaigh i mbaol a bháis ag iarraidh tanc ocsaigine i ngach club sa tír'