‘Deir Eoin Aspal linn go raibh tosach ag an bhfocal.’ – Pádraig Ó Cíobháin, Ar Gach Maoilinn Tá Síocháin
Ceann de na cúraimí a bhíodh ar an bhfile fadó ná dán molta a chumadh do rí nó do thaoiseach. ‘Dualgas sóisialta’ a bhí á chomhlíonadh ag an bhfile agus dán nó amhrán dá leithéid á chumadh aige (Williams & Ní Mhuiríosa 1979: 49).
Tháinig sé i gceist in athuair leis na hamhráin ‘ghríosaithe’ a cumadh mar fhreagairt ar sheilbh na Lochlannach ar an tír idir an t-ochtú agus an t-aonú haois déag (795 – 1014). Sa tslí chéanna, ba thríd an ‘Aisling’ a léirítí bá leis an Seacaibíteachas in Éirinn ina dhiaidh sin. I mbeagán focal, is minic dánta á gcumadh le rudaí nach bhfuil cead a rá a rá ar chúla téarmaí.
‘Mianach treascrach’ a thugann an tOllamh Rióna Ní Fhrighil ar bhua sin na filíochta, a bhfuil de chumhacht aici ‘amhras’ nó ‘easaontas’ i leith drochréimeas ‘a bheochan agus a thiomáint’ ar láimh amháin, ach ‘comhthuiscint’ agus ‘comhbhá thrasnáisiúnta a spreagadh agus a chothú’ ar an láimh eile.
Le tamall de bhlianta anuas, tá an tuiscint úd ar dhualgas sóisialta an fhile tar éis filleadh, a deir an tOllamh Ní Fhrighil, agus is ar an ‘ról poiblí, eiticiúil’ sin a dhíríonn Séamus Heaney sa dán ‘From the Republic of Conscience’.
Bhí Heaney ar dhuine de bheirt ón tír seo ar bronnadh gradam Nobel orthu; Yeats an duine eile. Créachtaí an fhoréigin agus na scoilte a chneasú ab ea cuid dá gcúram.
Sa dán ‘From the Republic of Conscience’, baineann an file tír shamhlaíoch amach, tír shuaimhneach lena samhlaítear gaois nó críonnacht. Is don chríonnacht agus don fhadradharcacht a sheasann an crotach ann. Déantar comparáid idir é agus an t-eitleán ar a dtáinig an file chun na tíre, d’fhonn a thabhairt le tuiscint gur seansaol simplí atá i réim inti.
Fear amach sna blianta atá roimh an bhfile ag cuntar na gcustam, agus éadaí air atá déanta le láimh. Simplíocht, saoirse agus siúráil a léiríonn a chuid éadaí. Is samhail é féin agus na fostaithe eile den daonnacht, rud a nochtar nuair a thaispeánann sé pictiúr de sheanathair an fhile don fhile féin.
Ar ndóigh, a mhalairt a bhíonn i gceist de ghnáth san aerfort; bíonn ortsa pictiúr díot féin a thaispeáint d’fhear na gcustam. Sa chás seo, áfach, tá tábhacht le cé dhár díobh thú, agus tá suim ag na daoine sa dán i gcúlra agus i dtraidisiúin an fhile – pisreogacht a mhuintire san áireamh.
Níl aon rian den doicheall i leith an fhile, más ea; dream séimh fáilteach a chastar air.
Más siúráil agus neamhspleáchas intinne a léiríonn a gcuid éadaí agus a gcuid nósanna, is mór acu, mar sin féin, an méid atá i bpáirt againn lena chéile, beag beann ar theanga, ar chreideamh ná ar chine. Ba chóir, dar leo, ‘soiscéal’ sin na comhdhaonnachta a ‘scaipeadh’ – dualgas an fhile.
Ní foláir do dhuine cur ar a shon féin sa tír shamhlaíoch seo, rud a fhágfas gur mó an tuiscint a bheas aige do na saoránaigh eile timpeall air. Comhbhá na coitiantachta is tábhachtaí, mar sin, seachas patuaire na pribhléide is na sócúlachta. Grá a thabhairt do do chomharsa bunteachtaireacht an fhile, ach féach nach i dtaobh le Críostaíocht amháin atá sé; is mór aige traidisiúin farraige na ndaoine a chastar air agus a seanreacht bunaidh.
Dream iad a chuir dlíthe a dtíre de ghlanmheabhair, sa tslí is nár ghá iad a bhreacadh síos. Ní ar an bpeann amháin a dhírítear anseo, áfach, ach ar an méid a thuigtear ó nádúr, i gcaoi is nach gá é a rá – an sean-sainmhíniú ar dhlí na moráltachta, mar a mheabhraigh C.S. Lewis don saol tráth. Fágann sin go mbítear ag súil le hiompar faoi leith – dea-mhúineadh agus dínit – bímis ag caint nó ag éisteacht lena chéile.
Is chuige sin an chomparáid idir codanna an bháid agus cluas is béal an duine sa dara véarsa, ní áirím amharc na súl aige. Ach na suáilcí sin a thuiscint agus déanamh dá réir, bainfidh ár mbád ceann scríbe amach. Ní mór dár gceannairí polaitíochta cuimhneamh ar na suáilcí sin agus a bheith umhal i mbun a gcuid dualgaisí, a deir an file.
Sa véarsa deireanach de dhán Shéamuis Heaney, cuirtear in iúl don léitheoir go bhfuil ‘ambasáidí’ ar fud an domhain ag tír seo na samhlaíochta; ‘críocha’ na comhbhá agus na comharsanúlachta. Is ‘déshaoránach’ anois é an file, meabhrú ar an dualgas atá air soiscéal na comhdhaonnachta a scaipeadh agus labhairt ar a son siúd a chreideann ann.
Is é an ‘soiscéal’ sin a fhógraíonn Máirtín Ó Direáin ina dhán-san ‘Cuireadh do Mhuire’, áit a gceanglaíonn sé fáilte roimh an strainséir le saoithiúlacht an dúchais agus le cleachtais phobal na Gaeltachta in Éirinn. Mothálacht Chríostaí, sa chiall is fearr den fhocal, atá le brath ar an dán ó thús deireadh:
An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Dod’ Leanbh Naofa
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta Ina Éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San iarthar chianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneoig lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhanta.
Fág freagra ar 'Íogaireacht Heaney agus Uí Dhireáin chomh tábhachtach is a bhí riamh'