Íoctha ag Luimneach as a míchruinneas, lánchúlaí aimsithe ag Cill Chainnigh agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí leathcheannais iomána a imríodh i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine

Huw Lawlor. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Lawlor slán ó thástáil ghéar

Roimh thús na sraithe i mbliana dúirt iarimreoir Chill Chainnigh JJ Delaney gurb é an rud is mó a bhí ag teastáil ó fhoireann Brian Cody ná lánchúlaí. Ó d’éirigh Delaney as an imirt idirchontae ag deireadh 2014, níl comharba buan faighte acu.

Bhuaigh Joey Holden gradam All-Star agus é ina lánchúlaí in 2015 ach chaill sé a áit an bhliain dár gcionn nuair a rinne Séamus Callanan scrios air i gcluiche ceannais na hÉireann. Chaith Pádraig Walsh cúpla bliain mar lánchúlaí ach níl aon amhras ach gur fearr é sa líne leathchúil.

Ag tús na bliana, thug Brian Cody deis d’fhear nua, Huw Lawlor, áit a bhaint amach sa líne lánchúil agus thapaigh Lawlor an deis sin. D’imir sé a chéad chluiche ceart do na Cait sa tsraith i gcoinne Chorcaí agus cé gur chaill sé cúpla cluiche de bharr a ghortaithe, d’imir sé i ngach cluiche sa chraobh go dtí seo.

Ó d’éirigh le Patrick Horgan an ceann is fearr a fháil air sa chluiche ceathrú ceannais, ba chluiche tábhachtach ab ea ceann an tSathairn do Lawlor agus bhí sé ar fheabhas. Ní raibh sé in ann Aaron Gillane a choinneáil faoi chois go hiomlán, ach nuair a bhí an crú ar an tairne sa dara leath d’éirigh leis formhór na gcoimhlintí eatarthu a bhuachan.

Ní ag dul in éascaíocht a bheidh cúrsaí do Lawlor feasta. Horgan agus Gillane a bhí le marcáil aige sa dá chluiche dheiridh, ach is é Séamus Callanan a bheidh roimhe anois agus seo fear a bhfuil cúl scóráilte aige i gach cluiche craoibhe a d’imir sé i mbliana. Is róluath a rá gurb é Lawlor réiteach na faidhbe ag Cill Chainnigh sa líne leathchúil, ach má éiríonn leis coinneáil le Callanan beidh bliain mhaith curtha isteach ag Lawlor.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Luimneach ag íoc as deiseanna a chur ar strae

Léirigh Cill Chainnigh diongbháilteacht iontach in aghaidh Luimnigh ach d’fhéadfadh toradh eile a bheith ar an gcluiche dá mbeadh na Muimhnigh beagáinín beag níos cruinne oíche Dé Sathairn. Cúig cinn déag d’iarrachtaí a chuir seaimpíní 2018 amú sa chluiche, naoi gcinn sa chéad leath agus sé cinn eile sa dara leath nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá.

Níor ghéill fir Luimnigh ar chor ar bith, ach rinne siad rudaí níos deacra dóibh féin agus tá an méid sin soiléir nuair a chuirtear na figiúirí i gcomparáid leis na foirne eile a d’imir an deireadh seachtaine seo. Chuir Cill Chainnigh ocht mbuille ar fóraoil agus sa chluiche leathcheannais eile, cluiche a raibh i bhfad níos mó scóranna ann, chuir Loch Garman seacht n-iarracht amú agus deich gcinn a chuir Tiobraid Árann ar seachrán.

Bíonn drochlá ag gach foireann, ach tá easpa cruinnis léirithe ag Luimneach roinnt uaireanta le bliain anuas. Rinne siad slad ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan an mhí seo caite ach fós chuir siad 17 iarracht amú. Bhuaigh siad go héasca i gcoinne Phort Láirge ag tús mhí an Mheithimh chomh maith ach chuir siad 19 iarracht ar seachrán an lá sin.

I gcluiche ceannais na bliana seo caite, bhí tús iontach acu i gcoinne na Gaillimhe ach lig siad dá gcéilí comhraic teacht ar ais sa chluiche agus chuir siad féin 16 iarracht ar fóraoil.

As an 14 cluiche craoibhe atá imeartha ag Luimneach ó thús 2018, ar an meán chuir siad 12 iarracht ar fóraoil, chuir siad 13 iarracht nó níos mó amú in ocht gcinn de na cluichí sin. D’íoc siad go daor as a míchruinneas faoi dheireadh Dé Sathairn.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Iarrachtaí curtha ar fóraoil ag Luimneach i gcraobhacha 2018 agus 2019

15 v Cill Chainnigh – Cluiche leathcheannais na hÉireann

17 v Tiobraid Árann – Cluiche ceannais na Mumhan

7 v An Clár – Craobh na Mumhan

19 v Port Láirge – Craobh na Mumhan

7 v Corcaigh – Craobh na Mumhan

16 v Gaillimh – Cluiche ceannais na hÉireann

14 (+1 in am breise) v Corcaigh – Cluiche leathcheannais na hÉireann

9 v Cill Chainnigh – Cluiche ceathrú ceannais na hÉireann

15 v Ceatharlach – Cluiche cáilithe

9 v An Clár – Craobh na Mumhan

13 v Port Láirge – Craobh na Mumhan

7 v Corcaigh – Craobh na Mumhan

13 v Tiobraid Árann – Craobh na Mumhan

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Fir óga Thiobraid Árann tagtha chun cinn

Nuair a bhuaigh Tiobraid Árann craobh faoi 21 na hÉireann anuraidh, bhíothas ag súil go dtabharfadh Liam Sheedy roinnt de na himreoirí a bhí ar an bhfoireann sin isteach ar fhoireann na sinsear i mbliana.

Thug an bainisteoir deis do roinnt acu i rith na sraithe ach nuair a tháinig an chraobh, is iad na sean-imreoirí céanna a cuireadh chun páirce. Seans nár cheap Sheedy go raibh an dream óg réidh chun cluiche iomlán a imirt sa chraobh, ach nuair a bhí gá leo inné sheas siad an fód.

Tháinig triúr a bhí ar an bhfoireann faoi 21 sin anuraidh – Ger Browne, Mark Kehoe agus Jake Morris – isteach i gcoinne Loch Garman inné. Bhí Tiobraid Árann taobh le 14 imreoir nuair a tháinig siad isteach agus rinne siad obair iontach chomh maith le cúilín an duine a fháil nuair a bhí an cluiche ina thine bhruite.

Tabharfaidh na taispeántais sin an-mhisneach dóibh agus beidh siad réidh chun an t-aicsean a dhéanamh i gcoinne Chill Chainnigh sa chluiche ceannais má bhíonn siad ag teastáil.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cluichí leathcheannais drámata eile

Chonacthas dhá chluiche ceannais den chéad scoth an deireadh seachtaine seo. Sárchoimhlintí a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an buille deireanach. Is minic amhlaidh an cás agus déarfadh a lán gurbh iad cluichí leathcheannais na craoibhe iomána buaicphointe an tséasúir le roinnt blianta anuas.

Anuraidh bhí dhá choimhlint iontach againn chomh maith. Bhí am breise ann idir Gaillimh agus an Clár agus idir Corcaigh agus Luimneach an lá dár gcionn. Theastaigh athimirt chun Gaillimh agus an Clár a scaradh óna chéile agus tháinig na Gaillimhigh slán leis an aon phointe amháin i nDurlas.

Níor bhuail aon scaoll imreoirí Thiobraid Árann inné nuair a bhí an lasair sa bharrach mar go bhfuil seanchleachtadh acu ar na cluichí corraitheacha seo. Bhí trí chluiche leathcheannais den scoth acu i gcoinne na Gaillimhe, in 2015, in 2016 agus in 2017. Bhuaigh na Gaillimhigh péire acu le haon phointe amháin, a bhuíochas do chúilín Shane Maloney in 2015 agus ceann ó Joe Canning in 2017. Bhí an bhearna is lú idir na foirne arís in 2016, ach ba iad Tiobraid Árann a bhí ag ceiliúradh an lá sin.

Bhí sárchluichí leathcheannais eile againn chomh maith, Cill Chainnigh i gcoinne Luimnigh sa bháisteach in 2014, agus an dá chluiche idir na Cait agus Port Láirge in 2016. Imríodh na cluichí sin uile le cúig bliana anuas, rud a léiríonn cé chomh hiomaíoch agus a bhíonn an chraobh iomána.

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An ann do mhallacht mháistrí na Mumhan?

Ó tosaíodh ar áit sna babhtaí leathcheannais a chur ar leataobh do churaidh chraobh na Mumhan in 2008 theip naoi n-uaire ar sheaimpíní an chúige sin áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Luimneach an fhoireann is déanaí a bhuaigh craobh na Mumhan agus ar theip orthu ina dhiaidh sin áit sa chluiche ceannais a bhaint amach.

Ó tugadh córas na gcluichí cáilithe isteach in 2002, níor éirigh ach faoi dhó le foireann a bhuaigh craobh na Mumhan craobh na hÉireann a bhuachan chomh maith – Corcaigh in 2005 agus Tiobraid Árann in 2016.

Le linn na tréimhse céanna d’éirigh i bhfad níos fearr le foirne as Cúige Mumhan a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach tríd an gcúldoras.

Naoi gcinn d’fhoirne a rinne amhlaidh ó 2002 agus ceithre cinn acu sin a bhuaigh craobh na hÉireann – Corcaigh in 2004, Tiobraid Árann in 2010, an Clár in 2013 agus Luimneach anuraidh.

D’fhéadfadh Tiobraid Árann, foireann ar bhuaigh Luimneach orthu le 12 pointe i gcluiche ceannais na Mumhan, an beart a dhéanamh arís faoi cheann trí seachtaine.

I ndiaidh chluiche an tSathairn, dhiúltaigh John Kiely glan amach don áiteamh go raibh baint ag teip Luimnigh leis an mbriseadh ceithre seachtaine a bhíonn ag seaimpíní na Mumhan roimh na babhtaí leathcheannais.

Ach tá dóthain fianaise ann le go bhféadfaí a rá nach comhtharlúint atá i gceist leis na deacrachtaí a bhíonn ag seaimpíní na Mumhan sna babhtaí leathcheannais agus gur míbhuntáiste é an briseadh fada gan aon chluiche a bhíonn acu.

Más amhlaidh go mbíonn mallacht éigin ar mháistrí na Mumhan gach seans gur in olcas a rachaidh sé de réir mar a théann foirne i dtaithí ar a bheith ag imirt gach coicís nó trí seachtaine faoin gcóras nua.

Ar an taobh eile den scéal is beag fadhb a chruthaigh an briseadh fada d’fhoirne Brian Cody riamh. Idir 1998 agus 2016 bhí an bua ag Cill Chainnigh sna babhtaí leathcheannais 15 uair agus bhí briseadh ceithre nó cúig seachtaine acu i gcás 11 de na cluichí sin.

Ach oiread le go leor eile sa saol is cosúil gur taithí a dhéanann máistreacht maidir le conas déileáil le briseadh fada idir cluichí.

Fág freagra ar 'Íoctha ag Luimneach as a míchruinneas, lánchúlaí aimsithe ag Cill Chainnigh agus ceachtanna eile'