Intéirneachtaí d’ateangairí Gaeilge san Aontas Eorpach le maoiniú ag an Rialtas den chéad uair

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le gairid go mbeidh ateangairí ina gcuid den Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh feasta

Intéirneachtaí d’ateangairí Gaeilge san Aontas Eorpach le maoiniú ag an Rialtas den chéad uair

Den chéad uair cuirfear intéirneachtaí le haghaidh ateangairí Gaeilge ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh mar chuid de scéim atá maoinithe ag an Rialtas.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le gairid go bhfuil ateangairí le bheith mar chuid den scéim feasta agus í á leathnú amach ag an Rialtas.

Faoin Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar cuireadh tús léi in 2018, is d’aistritheoirí agus profléitheoirí a chuirtí tacaíocht ar fáil roimhe seo, ach beidh deis anois ag daoine ar suim leo tabhairt faoin ateangaireacht chomhdhála cur isteach ar an scéim nua, a mhairfidh ó 2022-2025.

Tá sé i gceist ceathrar intéirneach ateangaireachta a cheapadh a thabharfaidh faoi thaithí oibre san fhómhar. Cuirfear liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí ar feadh tréimhse sé mhí – caithfidh siad dhá mhí i socrúchán teanga agus ceithre mhí i mbun dianoiliúna in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach.

Beagnach €1.3m ar fad atá á cur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don scéim –  timpeall €322,000 gach bliain ar feadh tréimhse ceithre bliana na scéime.

“Tá ríméad orm leathnú na scéime intéirneachta seo a fhógairt, scéim a bhfuil an-rath uirthi, chun an ateangaireacht a áireamh inti den chéad uair riamh,” a dúirt an tAire Stáit Jack Chambers.

“Leis an scéim seo tugtar deis do chainteoirí Gaeilge taithí a fháil ar shaol na hoibre san Eoraip, oiliúint a fháil sna hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna. Cuirfidh sin deiseanna níos fearr ar fáil dóibh i gcomórtais earcaíochta amach anseo.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh aiseolas “thar a bheith dearfach” maidir leis an scéim faighte uathu siúd a ghlac páirt inti roimhe seo agus gur léir go bhfuil “rath” uirthi toisc go bhfuil go leor intéirneach ag fáil post sna hinstitiúidí éagsúla sde chuid an AE.

Léiríodh i dtuarascáil de chuid an Aontais Eorpaigh anuraidh go raibh gá ann cur go mór le líon na n-ateangairí Gaeilge atá acu mar gheall ar éileamh breise ar sheirbhís ateangaireachta na Gaeilge.

De réir na tuarascála sin, bhí 14 saor-ateangaire Gaeilge creidiúnaithe ar fáil don Choimisiún Eorpach, don Pharlaimint agus don Chúirt Bhreithiúnais, ach ní raibh ach seisear díobhsan cáilithe chun ateangaireacht a dhéanamh go Gaeilge.

Fág freagra ar 'Intéirneachtaí d’ateangairí Gaeilge san Aontas Eorpach le maoiniú ag an Rialtas den chéad uair'