An tAontas Eorpach ag súil le cur le líon a n-ateangairí Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge gur léirigh Tuarascáil Choimisiún na hEorpa ‘an obair ollmhór’ a rinneadh ‘ag baile agus san Eoraip’ le deireadh a chur le maolú stádas na Gaeilge san AE

An tAontas Eorpach ag súil le cur le líon a n-ateangairí Gaeilge

Tá an tAontas Eorpach ag súil le cur le líon na n-ateangairí Gaeilge atá acu mar gheall ar éileamh breise ar sheirbhís ateangaireachta Gaeilge.

De réir tuarascáil nua a foilsíodh le déanaí, tháinig méadú ar líon na n-iarratas ar ateangaireacht ón nGaeilge in institiúidí an Aontais le roinnt blianta anuas.

Aon iarratas amháin a fuarthas ar sheirbhís dá leithéid in 2016 agus ocht n-iarratas a fuarthas in 2020.

Iarratais iad sin sa bhreis ar an úsáid a baineadh as an tseirbhís ateangaireachta a bhíonn ar fáil ag seisiúin Pharlaimint na hEorpa.

Aon uair amháin ó bhí 2016 ann a iarradh ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ateangaireacht a sholáthar go Gaeilge. Rinneadh an t-iarratas sin in 2019.

Bíonn 14 saor-ateangaire Gaeilge creidiúnaithe ar fáil don Choimisiún, don Pharlaimint agus don Chúirt Bhreithiúnais, ach níl ach seisear díobh cáilithe chun ateangaireacht a dhéanamh go Gaeilge.

Níor éirigh le haon iarrthóir sna trialacha creidiúnaithe don ateangaireacht go Gaeilge in 2016, 2017, 2019 ná 2020.

Cuirtear ateangaireacht ón nGaeilge ar fáil i seisiúin iomlánacha de Pharlaimint na hEorpa ach ní chuirtear ateangaireacht go Gaeilge ar fáil iontu. I gcás cruinnithe eile, cuirtear an ateangaireacht ar fáil ach réamhfhógra a fháil.

Cé nach dtagraítear don ateangaireacht sa mhaolú, deir an Coimisiún Eorpach nach mór “riachtanais na seirbhíse teanga sin a chur san áireamh chomh maith, ós minic gur ag earcú ón linn chéanna daoine a bhíonn seirbhísí ateangaireachta agus seirbhísí aistriúcháin na n-institiúidí éagsúla”.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, deir an Coimisiún Eorpach go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge ag an AE chun freastal ar an ualach mór breise aistriúchán Gaeilge a bheidh orthu a láimhseáil feasta.

Bhí sé ina imní go mbeadh deacracht ag an AE dul i ngleic leis an saothar breise Gaeilge a bheidh le déanamh nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas ag deireadh na bliana seo. Níl aon bhaint ag na seirbhísí ateangaireachta leis an maolú.

De réir tuarascáil nua ón gCoimisiúin Eorpach beidh dóthain acmhainní ag institiúidí an AE chun an obair a dhéanamh, cé gur údar buairimh é gur baill foirne shealadacha iad breis agus leath de na haistritheoirí Gaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur léirigh Tuarascáil Choimisiún na hEorpa “an obair ollmhór” a bhí déanta ag go leor dreamanna “ag baile agus san Eoraip” chun deireadh a chur leis an díolúine.


Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gurb í an tuarascáil an chuid dheireanach de scéal a cuireadh tús leis ag Oireachtas na Samhna 2003 nuair a aontaíodh feachtas a chur ar bun chun stádas mar theanga oibre a bhaint amach don Ghaeilge san AE.

“Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ba mhaith liom aitheantas faoi leith a thabhairt don Dr. Pádraig Breandan Ó Laighin agus Dáithí Mac Cárthaigh a bhí lárnach i dtionscnamh an fheachtais STÁDAS. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge san fheachtas seo ón tús agus ról faoi leith ag Uachtarán an ama sin, Nollaig Ó Gadhra agus eagraíochtaí eile. Bhí ról suntasach freisin ag Aoife Ní Scolaí, a bhí mar Ard-Rúnaí na heagraíochta ag an am, san obair chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge. Tá buíochas tuillte acu ar fad.”

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha go raibh “bóthar fada siúlta” ó cuireadh tús leis an bhfeachtas agus ghabh sé buíochas le foireann na Gaeilge san AE, le Rialtas na hÉireann agus le polaiteoirí thall agus abhus a thacaigh le stádas na Gaeilge san AE.

“Cinntíonn an stádas atá bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach stádas agus aitheantas breise don Ghaeilge trí chéile agus is léir cheana féin an dea-thionchar atá aige seo ar an nGaeilge – sa chóras oideachais agus maidir le deiseanna fostaíochta a chruthú do chainteoirí Ghaeilge.

Dúirt sé chomh maith gur léirigh an próiseas seo an méid is féidir a bhaint amach don Ghaeilge “nuair a thugann an Stát faoi chearta teanga a chinntiú i mbealach córasach seiftiúil”.

Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh “ceachtanna le foghlaim” ón fheachtas don Ghaeilge san AE tráth a bhfuiltear “ag obair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe) a chur tríd an Dáil chun cearta teanga a chinntiú ag baile do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Fág freagra ar 'An tAontas Eorpach ag súil le cur le líon a n-ateangairí Gaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cur amú tallainn agus cur amú airgid poiblí!