Indreabhán ar an tríú baile is measa in Éirinn maidir le luas leathanbhanda

De réir suirbhé nua, níl ach dhá áit eile sa tír níos measa as ná an baile Gaeltachta ó thaobh leathanbhanda de

Indreabhán ar an tríú baile is measa in Éirinn maidir le luas leathanbhanda

Tá Indreabhán i gCois Fharraige i nGaeltacht Chonamara ar an tríú baile is measa in Éirinn maidir le luas leathanbhanda.

De réir suirbhé nua a rinne Switcher.ie, suíomh idirlín a chuireann praghasanna leathanbhanda i gcomparáid lena chéile, níl ach dhá áit eile sa tír atá níos measa as ná an ceantar Gaeltachta ó thaobh leathanbhanda de – an Liagán sa Longfort agus Maigh Rua i Luimneach.

Léiríonn an suirbhé a foilsíodh inniu go bhfuil áiteanna áirithe sa tír ina mbíonn an soláthar leathanbhanda 36 uair níos moille ná áiteanna eile.

Léirítear sa suirbhé chomh maith nach bhfuil soláthar leathanbhanda de 30Mbps nó níos mó ach ag 25% de theaghlaigh in Éirinn. Is é 30Mbps an íos-sprioc atá leagtha síos sa Straitéis Náisiúnta Leathanbhanda. 2.63 Mbps an luas atá ar fáil in Indreabhán i gConamara.

Tá luas leathanbhanda 62.66Mbps ar fáil i gCnoc na Cathrach, rud a fhágann go bhfuil an caentar oifigiúil Gaeltachta ar imeall chathair na Gaillimhe ar an dara háit is fearr sa tír i ndiaidh Dhroimeanaigh i mBaile Átha Cliath.

De réir an tsuirbhé a rinne Switcher.ie tá cuid na contaetha Gaeltachta i measc na gcontaetha is measa as ó thaobh soláthar leathanbhanda. Tá Ciarraí sa 17ú háit maidir le meánluas an tsoláthair leanbhanda agus tá Dún na nGall sa 19ú háit. Tá Gaillimh féin sa séú háit agus tá Corcaigh sa 14ú háit.

Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh dul i ngleic le fada leis na fadhbanna móra le soláthar leathanbhanda i go leor ceantar Gaeltachta ar fud na tíre.

Ní raibh ar chumas Switcher.ie briseadh síos a thabhairt dúinn ar luas an tsoláthair leathanbhanda sna ceantair Gaeltachta, toisc, a dúradh, nár deineadh an 50 tástáil atá riachtanach sna ceantair sin ar fad.

Fág freagra ar 'Indreabhán ar an tríú baile is measa in Éirinn maidir le luas leathanbhanda'