In éineacht a thagann trioblóidí i gcónaí, mar is léir do rialtas Leo Varadkar

Ní faoiseamh ó mhíshásamh ach a mhalairt a bhí ag an rialtas ó cuireadh an Dáil ar atráth an mhí seo caite

In éineacht a thagann trioblóidí i gcónaí, mar is léir do rialtas Leo Varadkar

Leo Varadkar. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Fágaimis an Breatimeacht i leataobh (an seoladh ríomhphoist:nuacht@tuairisc.ie más mian leat buíochas a chur in iúl dúinn) ar feadh tamaill. Tá go leor rudaí eile ag cur imní ar an rialtas.

Oireann laethanta an tsamhraidh do gach rialtas, de ghnáth. Ar an gcéad dul síos, taitníonn an t-am seo bliana leo toisc nach mbíonn deis ag Teachtaí Dála an fhreasúra iad a chrá le ceisteanna Dála agus le ceistiú finnéithe ag cruinnithe na gcoistí.

Fiú nuair a thagann drochscéala i rith an tsamhraidh, ní bhíonn deis ag an bhfreasúra airí a cheistiú faoi go díreach. Is féidir le haire éalú freisin ó cheistiú na meán, mar a rinne Regina Doherty ó tháinig scéal na gcártaí seirbhíse poiblí chun solais.

Nuair a bhíonn an Dáil ina suí, tarraingítear aird láithreach ar thost aire toisc nach mbíonn aon dul as ag an Taoiseach ach a aire a chosaint, nó geallúint a thabhairt go dtabharfar deis don fhreasúra an t-aire a cheistiú go luath. I rith an tsamhraidh, áfach, nuair a dhúisíonn drochscéala nua míshásamh bíonn airí ábalta go minic diancheistiú a sheachaint go dtí (a) go mbíonn socrú réitigh déanta acu nó (b) go mbíonn siad faoi réir chun ceisteanna crua a fhreagairt.

Mar sin féin, ní faoiseamh ó mhíshásamh ach a mhalairt a bhí ag an rialtas ó cuireadh an Dáil ar atráth an mhí seo caite, mar is léir ón ngearrliosta trioblóidí seo:

1. Cártaí gan mhaith: Ní léir fós cén leigheas atá beartaithe ag an rialtas ar chóras na gcártaí seirbhíse poiblí tar éis rialú an Choimisinéara um Chosaint Sonraí gur sháraigh a ró-úsáid dlí an AE. Is léir áfach go mbeidh go leor ceisteanna á gcur sa Dáil faoi neamhaird an rialtais ar chomhairle agus faoin méid airgid a theastóidh chun cúiteamh a íoc.

2. Deontais ar ceal: Chuir Fuinneamh Inmharthana Éireann (Sustainable Energy Ireland) deontais aisfheistithe ar ceal dhá mhí ó shin, mar gheall ar easpa airgid. Dúradh i dtosach nach mbeadh deontais le fáil ag daoine a chaith thart ar 2,500 ar a n-iarratais ar dheontais sular fógraíodh go raibh an scéim curtha ar ceal. Dúirt an tAire Comhshaoil Richard Bruton Dé Luain go gcúiteofaí iad. Trí chinneadh anuas ar a chéile nach rachaidh chun tairbhe don rialtas.

3. Leathanbhanda fós san aer: Mhol coiste cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt go gcoinneofaí an córas nua, ar a gcaithfidh an rialtas 3bn, i seilbh an stáit. Cé nach bhfuil ach caolseans ann go n-athróidh an rialtas an cinneadh gur i seilbh an chomhlachta a thógfaidh an córas a bheidh sé, beidh an cinneadh agus an costas araon ina gcnámh spairne sa bhfómhar, agus drochscéala á chur arís sna meáin in ionad an dea-scéala.

4. Comhairle gan mhaith: Mhol an tAire Oideachais Joe McHugh do dhaoine óga atá ar tí freastal ar choláistí tríú leibhéal cúrsaí a lorg i gcoláistí atá taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus de chathracha eile ina bhfuil ardú mór tagtha ar chostas lóistín. Ní bheadh locht ar a chomhairle murach gur aire rialtais é. Bhí an chuma ar a ndúirt sé go raibh sé ag admháil nach féidir le mic léinn cúrsaí a roghnú mar is mian leo, mura bhfuil siad saibhir. 

5. Moill ar oscailt scoileanna: Thug an Roinn Oideachais le fios an tseachtain seo caite nach mbeidh an obair dheisiúcháin atá á déanamh i roinnt scoileanna críochnaithe roimh an gcéad lá den scoilbhliain nua. Tá an obair ar bun ó thús an tsamhraidh i 22 scoil a tógadh le cúig bliana, is é sin le rá ó chuaigh Fine Gael i mbun rialtais in 2016. Ní deacair an fhearg a chuirfidh an mhoill sin ar thuismitheoirí a shamhlú, ná an chonspóid a dhúiseofar dá dheasca i nDáil Éireann.

Beidh airí rialtais ar a ndícheall agus iad ag iarraidh an míshásamh agus an t-amhras a spreag na cúrsaí thuas a mhaolú sna seachtainí sula bhfógróidh Paschal Donohoe an Buiséad an 9 Deireadh Fómhair. Ba bhreá leis dea-scéala a fhógairt a tharraingeodh aird ó na deacrachtaí thuas, ach ar ndóigh beidh srian as cuimse ar a fhlaithiúlacht mar gheall ar …

Féach, tugadh geallúint sa chéad abairt go bhfágfaí an t-ábhar is achrannaí i leataobh sa cholún seo. Beidh go leor deiseanna ann sula i bhfad filleadh ar an bhfocal gránna sin a thosaíonn le ‘B’.

Fág freagra ar 'In éineacht a thagann trioblóidí i gcónaí, mar is léir do rialtas Leo Varadkar'