In ainneoin a dhíchill ní éiríonn le Echo Boomers aon ní le dealramh a rá faoi imní is fearg an aosa óig

Déanann an saothar seo iarracht rud éigin fónta a rá faoi chóras an chaipitleachais ach ar an drochuair níl againn go minic ach seanmóireacht gan dealramh

In ainneoin a dhíchill ní éiríonn le Echo Boomers aon ní le dealramh a rá faoi imní is fearg an aosa óig

Echo Boomers
Stiúrthóir: Seth Savoy
Cliar: Patrick Schwarzenegger, Michael Shannon, Alex Pettyfer, Haley Law, Giles Geary

Déanann an saothar seo iarracht rud éigin fónta a rá faoi chóras an chaipitleachais agus an tslí a bhfuil an dream óg atá aníos anois faoi bhos an chait aige. Is measa go mór atá cúrsaí ó chuir an cliseadh eacnamaíoch in 2008 iad siúd a bhí ag streachailt i leith a gcúl ar fad.

Ábhar ar fiú é a phlé, ábhar a bhféadfaí saothar le téagar a bhaint as. Ar an drochuair is go neafaiseach agus go liobarnach a thugann an saothar seo faoin ábhar. Níl ann go minic ach seanmóireacht gan dealramh.

I dtosach an scannáin címid príomhcharachtar an scannáin Lance, atá á léiriú ag mac Arnie, Patrick Schwarzenegger, i ngéibheann i bpríosún. Iriseoir ag tathant air a chuimhní cinn a roinnt léi agus í ag geallúint go mbeidh sé in ann a scéal féin a insint. Seanchiúta agus meirg air.

Siar linn go 2013 agus Lance ag triall ar Chicago mar a bhfuil a fhear gaoil Jack (Geary) tar éis post a gheallúint dó. Cuma an rachmais ar Jack agus Lance bocht ag strácáil leis ó bhain sé a chéim amach sna healaíona. Agus an saol Fódlach fós ag iarraidh teacht as an ngéarchéim eacnamaíochta níl mórán deiseanna sa réimse sin.

Buaileann sé le comrádaithe Jack, Allie (Law) agus a bhuachaill Ellis (Pettyfer) ina measc. An lá dár gcionn tugann Lance faoin phost nua leis an mbuíon seo. Buíon gadaithe iad a bhriseann isteach i dtithe daoine gustalacha agus a thugann leo earraí luachmhara le tabhairt dá mbas Mel (Shannon). I rith na robála déanann an bhuíon na tithe a scrios le fonn is le fiántas. Iontas is alltacht ar Lance saonta.

Téann siad ar ragairne an oíche sin agus déanann siad a bhfealsúnacht a mhíniú don fhear nua.

“Nuair atá an córas cam cén fáth a mbeifí ag cloí leis na rialacha,” is ea ceann de na manaí atá acu.

As sin go ceann cúpla radharc eile déantar manaí/ceachtanna eile a scríobh ar scáileán amhail is go bhfuil tábhacht agus doimhneacht ag baint leo. Níl iontu ach truflais an bhrioscáin feasa. I rith an ama déanann ábhar cartlainne iarracht cuma eolgaiseach fhiúntach a chur ar chúrsaí. Tá an saothar ar a chroí díchill ag iarraidh teachtaireacht thathagach éigin a thabhairt faoin sochaí agus an dream óg. Ní dóigh liom go dtuigeann meitheal an scannáin féin cad í an teachtaireacht sin.

Déantar Lance a shú isteach sa bhuíon dhlúth seo. Éiríonn sé tógtha leis an airgead agus an agóidíocht lotmhar.  Ní fada go sleamhnaítear i dtreo na seanchaiteachta. Triantán grá, gníomhartha fill i measc na buíne agus an jab mór deireanach sin.

Déanann Schwarzenegger, a bhfuil an-dealramh aige le muintir Uí Chinnéide, a dhícheall leis an ról ach tá an scríbhinn agus an scéal easnamhach ina gcuing air.

Fág freagra ar 'In ainneoin a dhíchill ní éiríonn le Echo Boomers aon ní le dealramh a rá faoi imní is fearg an aosa óig'