In 2018 a fheicfear toradh ceann de na cáipéisí is radacaí a d’fhoilsigh CLG riamh…

JOHN ALLEN: Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar bhliain na hiománaíochta 2018

In 2018 a fheicfear toradh ceann de na cáipéisí is radacaí a d’fhoilsigh CLG riamh…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an bhliain nua ag teannadh orainn agus na rúin athbhliana ar tí tosnú.

Maidir le Cumann Lúthchleas Gael tá an rún is mó riamh maidir le cluichí agus liosta na gcluichí a imreofar, curtha os ár gcomhair.

Sea, is bliain ollmhór í 2018 d’imreoirí, riarthóirí agus lucht leanta ár gcluichí Gaelacha.   

Dé ghnáth i gCumann Lúthchleas Gael is annamh a dheintear aon athrú glan ó bhonn. Go minic nuair a bhíonn díospóireachtaí ar siúl faoi athruithe móra tagann ‘daonlathas’ an chumainn salach orthu. Is minic stad nó moill curtha ar athruithe ag an nóiméad deireanach. Is minic dreamanna ar mó acu a leas féin ná leas an Chumainn i gcoitinne ag cur a ladar isteach sa scéal.

Ach ag tosach mhí na Samhna foilsíodh máistir-liosta de chluichí idirchontae 2018 agus, creid é nó ná creid, ní raibh gíog ná míog ós na boird chontae. Seo ceann des na cáipéisí is radacaí a d’fhoilsigh an Cumann riamh.

Ar shlí tá siad go léir ag dul sa tseans leis na hathruithe seo ach sin a dhéanamh ar mhaithe, go háirithe, le beocht chlubanna na tíre. I bhfianaise a thábhachtaí is atá na clubanna chaithfí rud éigin as an ngnáth a thriail.

Dar ndóigh, go dtí go bhfeicfear toradh iomlán an bhirt ní féidir aon tuairim cheart a thabhairt faoi. Cinnte tá ceisteanna faoi, ach is fiú go mór é a thriail.

Go dtí go bhfacamar an liosta cluichí ba dheacair léamh a dhéanamh ar conas a bheidh an bhliain ach anois agus an liosta os ár gcomhair amach an chéad rud atá an-soiléir ná líon na gcluichí a imreofar taobh istigh de thréimhse ama an-teoranta.

Maidir leis an iomáint tosnóidh na cluichí sraithe ar an deireadh seachtaine deireanach d’Eanáir agus beidh na cluichí ceannais ar siúl ar an Satharn deiridh de mhí an Mhárta. Agus cluichí ceathrú ceannais san áireamh ní bheidh ach ceithre fhoireann fós san iomaíocht i lár mhí an Mhárta.

Ciallaíonn sé sin go léir go mbeidh an chuid is mó de na contaetha gan aon chluiche acu ar feadh tréimhse dhá mhí. Conas a ghlacfaidh bainisteoirí idirchontae leis an méid sin go háirithe agus mí Aibreáin geallta dos na clubanna?

Aon athruithe a tharla le fiche bliain anuas is ar mhaithe leis na foirne idirchontae a deineadh iad ach anois tá CLG meáite ar rud éigin a dhéanamh ar son na gclubanna.

Tá go leor ceisteanna mar sin faoin bplean nua agus baineann ceann amháin díobh le neart agus cumhacht na mbord contae.

An gcloífidh siad leis an  bplean agus mí Aibreáin go léir a thabhairt suas dos na clubanna? Neosfaidh an aimsir.

Maidir leis an bpeil beidh níos mó ná fiche contae críochnaithe roimh dheireadh an Mheithimh agus san iomáint ní bheidh fágtha ag deireadh mhí Iúil ach dhá chontae.

Tá deireadh curtha freisin le cluichí athimeartha ach amháin i ndiaidh am breise i gcluichí ceannais na gcúigí, cluichí leathcheannais na hÉireann agus cluichí ceannais na hÉireann.

Dar ndóigh an buntáiste is mó a bhaineann leis an bplean nua seo ná go dtugann sé deis do na clubanna i bhformhór chontaetha na tíre sraith cluichí a bheith acu i mí Iúil, i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair. Nach iontach an rud é sin don tromlach mór imreoirí nach mbíonn ag imirt ach don chlub amháin?

Ach caithfidh na clubanna a bheith eagraithe agus dian ar na boird chontae ionas go gcloífidh siad leis na rialacha agus le spiorad na rialacha sin.

Ar an gcéad fhéachaint, beidh an plean seo thar barr do na clubanna, ach taca an ama seo an bhliain seo chugainn beidh tuiscint i bhfad níos fearr againn ar an athrú ollmhór seo.

Fág freagra ar 'In 2018 a fheicfear toradh ceann de na cáipéisí is radacaí a d’fhoilsigh CLG riamh…'