Imní san DUP go ndíolfar go daor as easpa straitéise agus físe

Tá easpa smachta mar chomhartha sóirt ar an DUP anois agus imní mhór ar bhaill an pháirtí faoi bhreithiúnas na vótóirí an bhliain seo chugainn

Imní san DUP go ndíolfar go daor as easpa straitéise agus físe

Ocht mbliana déag ón uair a bhain an DUP tús áite amach den chéad uair, tá plé sa pháirtí faoin stádas sin a bheith i mbaol agus tacaíocht á creimeadh ag gach leibhéal.

Lá dá raibh dá sceithfí tuairisc ar ghnóthaí inmheánacha an DUP d’fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go n-íocfadh ball nó baill go daor as. Bhí greim daingean ag an gceannaireacht ar chúrsaí agus is annamh a sáraíodh na rialacha.

D’imigh sin.

Tá easpa smachta mar chomhartha sóirt ar an bpáirtí anois agus imní mhór ar bhaill faoi bhreithiúnas na vótóirí an bhliain seo chugainn.

Slat tomhais ar a míshuaimhneas is ea gur sceitheadh miontuairiscí ar chruinniú ag ar léiríodh go raibh faitíos ar ionadaithe go gcaillfeadh Teachtaí Tionóil, feisirí Parlaiminte agus comhairleoirí áitiúla suíocháin. I scéal eisiach Sam McBride san News Letter Dé Máirt seo caite nochtadh gur phléigh cruinniú DUP i ndeisceart Aontroma ar an 25 Feabhra an drochbhail atá ar an bpáirtí.

D’fhreastail an feisire Parlaiminte Paul Girvan, na Teachtaí Tionóil Trevor Clarke agus Pam Cameron, chomh maith le comhairleoirí ar an gcruinniú fíorúil. Ocht nduine dhéag a ghlac páirt, ghabh cúigear leithscéal faoi bheith as láthair, an feisire d’oirthear Aontroma Sammy Wilson ina measc.

Ba iad na hábhair bhuartha – an Prótacal iarBhreatimeachta, gur lig an Príomh-Aire Johnson síos iad ar mhaithe le Breatimeacht agus fearg an phobail aontachtaigh. Mar a tuairiscíodh cheana ar Tuairisc.ie rinneadh tagairt don acht Gaeilge atá geallta i mbliana. Theastaigh ó bhall go gcuirfeadh Arlene Foster casadh dearfach ar an scéal sin, éileamh dúshlánach i bhfianaise na binbe ón DUP go dtí le déanaí.

I measc na gceisteanna eile a bhí ag dó na geirbe ag baill bhí cumarsáid an TUV a bheith níos soiléire agus níos gairmiúla ná teachtaireachtaí an DUP, béalscaoilteacht ionadaithe áirithe, an feisire Sammy Wilson san áireamh, a chothaíonn amhras faoi riarachán an pháirtí agus easpa straitéise agus easpa físe an DUP.

Athdhearbhú a bhí sa díospóireacht sin ar eolas a tháinig chun solais i bpobalbhreith Lucid Talk don Belfast Telegraph ag tús mhí Feabhra. De réir thorthaí na pobalbhreithe bheadh 19% de na vótaí ag an DUP i gcomparáid le 24% ag Sinn Féin agus 18% ag Alliance. D’fhágfadh sin an DUP sa dara háit ach i mbaol ón Alliance a d’fhéadfadh breith orthu.

Bhí sé le tuiscint go raibh an scéal céanna á chloisteáil ag ionadaithe DUP ón gcosmhuintir. Bhí údar acu a bheith ag caint ar chumarsáid an TUV. De réir na pobalbhreithe, bheadh páirtí Jim Allister ag 10%, méadú mór a bhuíochas do dhaoine a bheadh ag tréigean páirtí Arlene Foster.

Ní léir go fóill an bhfuil an port céanna ag cumainn sna toghcheantair eile ach ba mhór an t-iontas é mura mbeadh. N’fheadar an cabhair ar bith dóibh cealú an Phrótacail a bheith leagtha síos acu mar sprioc. Cá seasfaidh siad má chomhlíonann rialtas na Breataine an conradh a d’aontaigh sé leis an Aontas Eorpach agus má chloíonn siad leis an bPrótacal? An bhfuil a gcinniúint ag brath air sin? Slat chun iad a sciúrsáil ab ea an cineál Breatimeachta ar sheas siad leis agus níl leisce ar chomhghleacaithe an milleán a chur orthu as straitéis amaideach.

Ó tá feachtas aontachtach aontaithe á rith in aghaidh an Phrótacail tá an ghoimh bainte acu as cáineadh an TUV agus an UUP orthu gurbh iad faoi ndear an teorainn i Muir Éireann. Ach an mbrúchtfaidh an nimh aníos arís aimsir thoghcháin?

Tá seans go dtabharfaidh an páirtí na sála leis i dtoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn má dhéanann aontachtaithe margadh vótála chun a chinntiú nach mbeidh tús áite ag Sinn Féin agus Michelle O’Neill i dteideal na Céad-Aireachta.

Díol suntais ab ea é nach raibh tagairt ar bith do dhúshlán ceannaireachta sna trí leathanach de mhiontuairiscí a sceitheadh. Is fada lucht tuairimíochta ag maíomh go bhfuil ceannaireacht Arlene Foster ar an DUP ar an dé deiridh. ‘Cé a bheadh ag iarraidh a jab?’ an freagra is coitianta faoi láthair ar cheisteanna faoin gceannaireacht. Deirtear gur cupán nimhe é.

Maíonn roinnt ball go bhfágfar Arlene Foster i gceannas go dtí go bhfeicfidh na daoine a mbeadh súil acu ar an bpost cé chomh holc is a bheidh cúrsaí an bhliain seo chugainn. Thiocfadh duine nua i gcumhacht mar shlánaitheoir ansin le tabhairt faoin atógáil, dar leo. Má tá bunús leis an tuairim sin, is aisteach an tseift í.

Nochtann sí easpa straitéise gan trácht ar easpa físe – an laige is minice a luaitear leis an DUP. Tá dúshlán ollmhór rompu agus siad féin is cionsiocair leis.

Fág freagra ar 'Imní san DUP go ndíolfar go daor as easpa straitéise agus físe'