Tá an truailliú solais ag dul in olcas go mór i nGaeltacht Chonamara le tríocha bliain anuas, dar le cathaoirleach Chumann Réalteolaíochta na Gaillimhe. Ag labhairt dó ag léacht poiblí a d’eagraigh An Bruach Thoir i Mionlach dúirt John Keady, arb as Leitir Calaidh ó dhúchas dó, nach léir dó go bhfuil mórán airde ag na húdaráis áitiúla ar chaomhnú na spéartha dorcha i nGaeltacht na Gaillimhe.
Thug Keady achoimre dá raibh cruinnithe i dTigh Mhaidhc Pháidín ar ghluaiseachtaí na reann neimhe agus roinn seanchas agus béaloideas na réaltóg mar a bhí sé ag a mhuintir i Leitir Móir. Tá sé ina chathaoirleach ar an gCumann Réalteolaíochta le sé bliana anuas ach dúirt sé gur mhúscail spéartha dorcha Cheantar na nOileán a spéis sa réaltóireacht agus é ina ghasúr óg.
Ach ní hé an taithí chéanna a bheadh ag duine óg atá ag fás aníos i gCeantar na nOileán sa lá atá inniu ann, dar le Keady. Thug sé le fios ag an léacht gurb é a thuairim go raibh polasaithe soilsithe na Comhairle Contae ag teacht salach ar an dea-chleachtas do chaomhnú na spéartha dorcha agus nach raibh “aird ar bith” ag dreamanna eile ar an tionchar atá ag soilse ar an spéir dhorcha.
Agus é ag tagairt go sonrach don athrú atá tagtha ar shoilse sráide le tamall de bhlianta anuas, dúirt Keady go raibh na soilse LED i bhfad Éireann níos gile ná na soilse sráide a bhíodh ann agus go raibh “solas á chur amú agus ag truailliú na spéire” tríd an leagan amach atá ar na soilse nua.
Luaigh sé freisin dreamanna a bhíonn ag soilsiú foirgneamh agus páirceanna imeartha san oíche “gan aird ar bith” ar thionchar na soilse sin. Níl an duine aonair i gConamara gan locht ach an oiread, a deir sé, agus “fuinneamh á chur amú” ar chostas mór ag daoine a bhfuil soilse móra acu ar a dtithe agus a dtalamh féin.
Dúirt sé go bhfuil bealaí ann lena leithéid de shoilsiú a choinneáil gan cur isteach ar an spéir dhorcha ach é a dhéanamh ceart agus mhol séipéal i gcontae Mhaigh Eo ar thug sé cuairt air le gairid atá tar éis a gcuid soilse oíche a chur in oiriúint.
Ach ainneoin ghealú na hoíche i gConamara le deich mbliana is fiche anuas, dúirt Keady go bhfuil áiteanna ann fós i gConamara ar féidir radharc álainn a fháil ar na reanna neimhe – Seanadh Phéistín idir Ros an Mhíl agus Uachtar Ard, mar shampla.
Bhí John Keady ag labhairt ag an ócáid ‘Réalta Eolais’ a d’eagraigh An Bruach Thoir, eagraíocht pleanála teanga oirthear chathair na Gaillimhe, i Mionlach.
Bunaíodh grúpa i dtuaisceart Chonamara cúpla bliain ó shin le haird a tharraingt ar áilleacht na spéartha dorcha sa chuid sin den tír, agus le borradh a chur faoin réalt-turasóireacht sa réigiún. Tá stádas idirnáisiúnta bainte amach ag ceantair i gCiarraí agus i Maigh Eo cheana féin ó Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha.
Fág freagra ar 'Imní léirithe faoin truailliú solais a bheith ag dul in olcas go mór i gConamara'