Imní faoi ‘easpa uaillmhéine’ agus ‘dóchais’ pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge

Deirtear go bhfuil ‘easnaimh mhóra’ i gcreatpholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Imní faoi ‘easpa uaillmhéine’ agus ‘dóchais’ pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge

Tá imní léirithe ag eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais faoin “easpa uaillmhéine” agus “dóchais” a bhaineann leis an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Pléadh creat den pholasaí nua do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag cruinniú i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite, cruinniú ina chuir eagraíochtaí Gaeilge agus lucht taighde moltaí i láthair oifigigh na Roinne Oideachais.

Deir Gaeloideachas go bhfuil “easnaimh mhóra” sa chreatpholasaí agus go dteastaíonn polasaí a spreagfadh “misneach” mar a rinne an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “easpa uaillmhéine” ag baint leis an moltaí atá sa chreatpholasaí agus go bhfuiltear ag súil go nglacfar le leasuithe ar an chreat atá déanta ag lucht an Ghaeloideachais agus ag taighdeoirí.

Sa chreat don pholasaí nua, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc, deirtear gurb í aidhm an pholasaí ná cur le líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ach níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí maidir leis sin.

Níl aon rud luaite sa chreatpholasaí ach oiread faoin gceart atá ag páistí ar an ngaeloideachas. I dtuarascáil eile, a rinne Sealbhú, ionad taighde in DCU, mar chuid d’fhorbairt an pholasaí moladh go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge.

Níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí ach oiread faoi bhunú tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge, tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.

Ag labhairt di faoin chreatpholasaí, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas gur furasta an “lagmhisneach” atá ar lucht an Ghaeloideachais a thuiscint ach a léitear na moltaí atá sa chreatpholasaí.

“Ní leagtar amach fís ná bearta ná moltaí sa chreat a bheidh mar bhonn don pholasaí, agus dá réir, is deacair comhairliúchán a dhéanamh air. Tá teanga an chreata teibí, doiléir, gan substaint agus in áiteanna, gan dóchas.

“Is furasta a thuiscint cén fáth go mbeadh lagmhisneach ar phobal an oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ina leith,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Ghréacháin gur “ábhar mór imní” é freisin nach bhfuil aon tagairt dhíreach sa chreatpholasaí don taighde a choimisiúnaigh COGG faoi aonaid lán-Ghaeilge atá ag feidhmiú i scoileanna Béarla.

“Is taighde é a bhí le bheith mar bhuneolas d’fhorbairt an pholasaí. Ní hamháin nach raibh aon chur i láthair maidir leis an taighde ag cruinniú comhairliúcháin na Roinne ach níl na moltaí sa taighde luaite fiú sa chreatpholasaí.

“Moladh sa taighde sin nach mbunófaí aonaid i scoileanna Béarla amach anseo mar fhreagairt d’éileamh ar Oideachas lánGhaeilge, ach níl an moladh seo leagtha amach sa chreat. Ardaíonn sé seo ceisteanna móra faoin bpróiseas as ar eascair an creat,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “bearnaí suntasacha” sa chreatpholasaí agus nach bhfuil spriocanna “uaillmhianacha” leagtha síos ag an Roinn a bheadh mar threoir don pholasaí.

“Ón mhéid atá sa chreat, ní léir go mbeadh ceart dlíthiúil ag gach páiste ar an nGaeloideachas. Níl spriocanna intomhaiste uaillmhianacha san áireamh, mar atá sa Bhreatain Bheag, atá ag iarraidh an líon daltaí a fhaigheann oideachas trí mheán na Breatnaise a ardú ó 23% go 40% faoi 2050.

“Cén fáth nach bhfuil sprioc cosúil leis san áireamh ar nós, mar a mhol an Conradh i rith an chomhairliúcháin, an líon daltaí atá ag freastal ar an oideachas trí Ghaeilge a ardú ó 6.3% go dtí 20% laistigh de 20 bliain – rud a mbeadh pobal na hÉireann ar a shon de réir an tsuirbhé is déanaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus Ireland Thinks.

“Níl fiú sprioc an Rialtais féin sa Chlár Rialtais san áireamh sa chreat, le hoibriú i dtreo an líon daltaí sa chóras Gaeloideachais a dhúbailt,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé gur ghá go mbeadh ceangal ag an pholasaí don oideachas lán-Gaeilge le polasaí “níos leithne” a dhéanann ceangal idir an t-oideachas luath-óige, an Gaeloideachas bunscoile agus iar-bhunscoile go leibhéal na hollscoile.

“Tá gá le polasaí a nascann múineadh na Gaeilge ón luathóige go dtí an tríú leibhéal bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach – rud a thiocfadh go maith le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus an sprioc earcaíochta do dhaoine a bheadh inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030.”

Locht eile ar an pholasaí, a deir Gaeloideachas, nach bhfuil aon cheangal idir an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge agus an plean náisiúnta don luathóige atá á fhorbairt ag an Roinn Leanaí.

“Gan an plean náisiúnta don luathóige a bheith réitithe nó foilsithe, tá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge á fhorbairt i bhfolús, rud atá an-easnamhach. Tá bunchloch an chórais tumoideachais á fágáil ar lár.

“Tá súil ag Gaeloideachas, thar ceann na scoileanna lán-Ghaeilge agus na naíonraí, go n-eiseofar dréachtpholasaí gan mhoill, a bheidh uaillmhianach, coincréiteach agus a spreagann misneach, ar an gcaoi chéanna ar spreag an Polasaí don Oideachas Gaeltachta an pobal,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas.

Fág freagra ar 'Imní faoi ‘easpa uaillmhéine’ agus ‘dóchais’ pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge'

  • Billy an Ghoirt

    An comhtharlú é gur fhógair síad an scéal faoin gael- choláiste nua i mBÁC seachtain go leith ó shin?

    Le léamh idir na línte:
    “Fuair an maidrin beag Gaelach an cnaimhín beag a thug muid dó seachtain go leith ó shin – bá chóir dó bheith sásta an bhféirín sin. Ná bígí ag tabhairt amach dúinn anois – maith an madadh!”

  • Siún

    Dá dtosodh polaiteoirí ag cur brú ar an Roinn maidir le dífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach Rómhánach bheadh deis ann Gaelscoileanna il-sainchreidmheacha a bhunú i bhfoirgnimh bunscoile atá ann faoi láthair. Is léir go bhfuil an Roinn Oideachais ag tarraingt na gcos maidir le dífheistiú.
    Is léir go bhfuil sciar suntasach den phobail ag iarraidh bunscoil il-sainchreidmheach dá bpáistí. Tá 23% den phobail ag iarraidh Gaeloideachais dá bpáistí.

    https://www.rte.ie/news/2023/0318/1363868-school-patronage/

    https://www.irishtimes.com/news/social-affairs/religion-and-beliefs/efforts-to-divest-schools-disappointing-says-forum-chairman-1.2423444

  • MicheálÓBroin

    Cé atá laistiar de seo? Ainmneacha agus sonraí cruinnithe de dhíth. Tuairisc, téitear i mbun fiosrúcháin!