Deir an Roinn Oideachais go mbíonn an gaeloideachas “thuas seal, thíos seal” agus go bhfuil gá le caighdeáin a leagan síos don tumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge.
Sa pholasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais don oideachas lán-Ghaeilge, deirtear go bhfuil “éagsúlacht cleachtas agus caighdeán” ag baint leis an ngaeloideachas “ceal caighdeáin sheasmhacha” a bheith leagtha síos don earnáil.
Sa chreat don pholasaí nua, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc, deirtear nach bhfuil sé i gceist scéim aitheantais a bheith ann do scoileanna lán-Ghaeilge mar atá do scoileanna Gaeltachta. Ach deirtear go bhfuil tábhacht le caighdeáin a leagan síos “a thacóidh” leis na scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht “a n-aidhmeanna mar scoileanna lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a bhaint amach”.
Tá polasaí á fhorbairt le tamall ag an Roinn Oideachais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus súil lena fhoilsiú le linn na scoilbhliana seo. Deirtear gurb í aidhm an pholasaí ná cur le líon na ndaltaí a bhíonn ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ach níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí maidir leis sin.
Níl aon rud luaite sa chreatpholasaí ach oiread faoin gceart atá ag páistí ar an ngaeloideachas. I dtuarascáil eile, a rinne Sealbhú, ionad taighde in DCU, mar chuid d’fhorbairt an pholasaí moladh go leagfaí síos go mbeadh sé de cheart de réir dlí ag gach páiste tumoideachas a fháil i nGaeilge.
Níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí ach oiread faoi bhunú tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge, tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.
Cé nach gcuirtear as an áireamh bunú tuilleadh aonad Gaeilge i scoileanna Béarla, géilltear nach bhfuil “comhsheasmhacht” ann maidir le conas a oibríonn na haonaid agus na sruthanna Gaeilge.
I dtaighde eile a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais d’fhorbairt an pholasaí, deirtear nár chóir aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla feasta.
Luaitear go sonrach sa chreatpholasaí an scoil satailíte Gaeilge mar mhúnla a bhféadfaí leas a bhaint as. Tá scoil satailíte á reáchtáil faoi láthair ar bhonn píolótach i nGaelcholáiste Dhún Dealgan, atá nasctha le Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.
“Táthar ag súil go mbeidh foghlaim ón múnla nua seo a rachaidh i bhfeidhm ar chinntí maidir le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge amach anseo,” a deirtear sa chreatpholasaí.
Deir an Roinn go léiríonn tuairiscí cigireachta go bhfuil gá ann an tumoideachas a threisiú sna ranganna sóisearacha i ngaelscoileanna agus an t-aistriúchán a sheachaint mar mhodh múinte.
Cén fáth go bhfuiltear ag moladh eirí as aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla?
Maidir leis na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge don tréimhse chéanna, aithníodh an riachtanas atá ann an Ghaeilge mar theanga an tsóisialaithe “a neartú…go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil”.
Luaitear sa chreatpholasaí córas na Breataine Bige, áit, a deirtear, a mbítear “an-soiléir” faoin gcéatadán den churaclam a bhíonn á mhúineadh trí Bhreatnais, faoi theanga chumarsáide na scoile agus faoin teanga ina n-eagraítear imeachtaí seach-churaclaim.
Deirtear go mbíonn an luath-thumoideachas “iomlán” i gceist ó aois a seacht i scoileanna Breatnaise, go múintear 80% de na hábhair trí Bhreatnais agus go mbíonn “éiteas láidir Breatnaise” sna scoileanna.
Luaitear chomh maith scoileanna an Toronto School District Board i gCeanada ina mbíonn luath-thumoideachas iomlán sa bhFraincis i gceist ó chiondargairdín [naíscoil] go deireadh ghrád 3. Is ina dhiaidh sin a thosaíonn daltaí na scoileanna sin an staidéar foirmiúil ar an mBéarla agus bíonn 50% den churaclam á mhúineadh trí Fhraincis agus 50% trí Bhéarla go dtí grád a hocht.
Deir an Roinn Oideachais go leagfar amach sa pholasaí dea-chleachtais a thabharfaidh “treoir agus slat tomhais” do scoileanna lán-Ghaeilge maidir le hardchaighdeán a bhaint amach.
Féachfar chomh maith ar chur chuige “rathúil” measúnaithe a fhorbairt don oideachais lán-Ghaeilge agus ar fhreastal “go héifeachtach” ar riachtanais speisialta oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge.
Deir an Roinn go bhfuil gá le forbairt a dhéanamh ar líon na n-acmhainní teagaisc agus foghlama atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus le heolas a chur ar fáil do na scoileanna faoi na hacmhainní atá ann cheana.
Deirtear sa chreatpholasaí gur tuairiscíodh le linn fhorbairt an pholasaí nach raibh téacsleabhair i nGaeilge ar fáil do gach ábhar agus go raibh níos mó áiseanna ar líne ag teastáil i nGaeilge.
Dúradh chomh maith nach raibh roinnt de na téacsleabhair i nGaeilge suas chun dáta, go mbíonn an téarmaíocht sna téacsleabhair an-deacair, agus go mbíonn difríocht, uaireanta, idir an téarmaíocht sin agus teanga na scrúduithe stáit
Dúradh nach raibh páipéir shamplacha scrúduithe nó páipéir do na bréagscrúduithe ar fáil i nGaeilge i ngach ábhar.
Fág freagra ar 'Polasaí nua le caighdeáin a leagan síos do scoileanna lán-Ghaeilge '