Imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Idir seoltaí leabhar, drámaí agus scannáin, tá neart ag tarlú an deireadh seachtaine seo

Imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Seoltaí Leabhar

Seolfar tráthnóna Filleadh na nIarlaí, leabhar nua le Pádraig Ó Baoill faoi thuras a rinne sé ón Fhrainc go hÉirinn ar bord na loinge aitheanta an Jeanie Johnston in 2007. Is ar an Jeanie Johnston féin, atá le Cé Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath, a sheolfaidh an tOllamh le Gaeilge Fionntán de Brún an leabhar ag a 5pm anocht. I mBéal Feiste anocht a sheolfar Cnámh, cnuasach nua gearrscéalta le hEoghan Mac Giolla Bhríde. In Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste ag 8pm a sheolfar an saothar is déanaí ón scríbhneoir cumasach Conallach.

Drámaíocht

Léireofar Máire, dráma le Noel Ó Gallchóir, atá bunaithe ar shaol agus shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, an t-údar cáiliúil Gaeilge as Rann na Feirste a a bhíodh ag scríobh faoin ainm cleite ‘Máire’. Tugtar carachtair agus eachtraí ó shaothar Uí Ghrianna chun beatha sa dráma seo agus faightear léargas chomh maith ann ar shaol an údair féin. Beidh Máire á léiriú in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste amárach, an 7 Márta ag a 7.30pm, i dTeach na hÉigse, in Iúr Chinn Trá, Dé Sathairn, an 8 Márta ag 3pm agus i gColáiste Ros Goill, na Dúnaibh, Dé Céadaoin, an 11 Márta ag 8pm.

Scannáin

Taispeánfar Cumar – A Galway Rhapsody leis an scannánaí Gaeltachta Aodh Ó Coileáin i roinnt pictiúrlann ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo. Léiriú atá sa scannán dátheangach ar shaol an ealaíontóra sa Ghaillimh agus i gConamara agus ar an tionchar a bhíonn ag an gceantar ar shaothar na n-ealaíontóirí agus an tionchar a bhíonn acusan ar an gceantar. Beidh an scannán á thaispeáint sna háiteanna seo a leanas:

Pálás, Gaillimh, Dé Sathairn, an 7 Márta ag 2pm, Dé Céadaoin an 11 Márta ag 6.20pm agus an 17 Márta ag 4.10pm; Ionad Ealaíon Triskell, Corcaigh, an 15 Márta ag 7pm; Pictiúrlann an Lighthouse, Baile Átha Cliath, an 16 Márta ag 6.30pm; Glen Centre, Contae Liatroma, an 16 Márta ag 8pm

Fág freagra ar 'Imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta an deireadh seachtaine seo'