IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Cogaí

Cúige Laighean

DRÁMA: ‘Cogaí’, Dé Máirt 19 Bealtaine, 8in, Scoil na mBuachaillí, Amharclann Smock Alley, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht, Baile Átha Cliath. Beidh seó úrnua ‘Cogaí’ ar stáitse Dé Máirt seo chugainn, léirithe ag Imram mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. Damhsa, ceol, prós, íomhánna ar scáileán – léiriú ar an chogaíocht agus ar an fhoréigean, bunaithe ar chnuasach gearrscéalta le Dáithí Ó Muirí a bhfuil an teideal céanna air. Páirteach ann, tá Fearghus Ó Conchúir, rinceoir agus fear cóirithe rince, giotáraí agus cumadóir Enda Reilly, agus Margaret Lonergan a bheidh i mbun na n-íomhánna scáileáin. Cead isteach: €10/€8 Tuilleadh eolais anseo 

PAINÉAL LITRÍOCHTA: Scéinséirí Stairiúla’ Luain 18 Bealtaine 2015, 6.00in, An Siopa Leabhair, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Beidh díospóireacht bhríomhar ar siúl faoi húrscéalta bleachtaireachta Dé Luain. Cathal Póirtéir a bheas mar chathaoirleach agus ar an phainéal cainte, beidh Liam Mac Cóil, údar Fontenoy, a bhí ar ghearrliosta na Comhairle Ealaíona le déanaí le haghaidh an Laureate i gComhair Ficsean Éireannach; agus Darach Ó Scolaí, údar An Cléireach agus Seán Ó Dúrois, údar Rí na gCearrbhach agus Crann Smóla. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. Cead isteach €5 Tuilleadh eolais anseo 

SEÓ CEOIL AGUS FILÍOCHTA: ‘Teanga an Ghrá’ 1000 bliain de Ghrá Gaelach, á chur i láthair ag ‘Guthanna Binne Síoraí’, le hÉamonn Galldubh, Síle Denvir, Aodán Ó Ceallaigh agus Cathal Quinn , 15- 16 Bealtaine, 7.30in, New Theatre, Baile Átha Cliath. Seo nua, faoi stiúir Tristan Rosenstock, a tharraingíonn an píobaire Éamonn Galldubh, amhránaithe ar an sean-nós, Síle Denvir agus Aodán Ó Ceallaigh, agus an t-aisteoir Cathal Quinn le chéile ar aon ardán amháin.  Seó beo ilmheán é seo a dhéanann cíoradh ar chomharthaí sóirt an ghrá sa traidisiún Gaelach sa lá inniu agus i bhfad siar. Cuirtear scéal grá i láthair le seanamhráin chlasaiceacha taobh leis an nuafhilíocht, nuacheol taobh le sean-nós. Déantar scagadh ar théamaí mar briseadh croí, an brón agus an tréigean. Gealltar oíche nach ligfear i ndearmad go ceann i bhfad. Cead isteach: €15/€12 Tuilleadh eolais anseo.

Micheál Ó Catháin

CEOLCHOIRM: ‘Siamsaíocht @ 6’ , le Danny Diamond, Eoin Ó Beaglaoich agus Mícheál Ó Catháin, Dé Máirt 19 Bealtaine, O’Flaherty’s, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Cuirfear clabhsúr ar an tsraith reatha de cheolchoirmeacha míosúla le ceolchoirm, mar a mbeidh an fidléir Danny Diamond, fear an chonsairtín, Eoin Ó Beaglaoich, agus an cláirseoir Mícheál Ó Catháin ag seinm. Tá na ceolchoirmeacha na seachtaine seo á reáchtáil ag Gael linn ó bhí 2008 ann. Cead isteach: €15 Tuilleadh eolais: 087/2547574/niamh@gael-linn.ie


Cúige Uladh

céilí

CÉILÍ: ‘Céilí na Míosa’, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, óna 8-11.30i.n, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. an céilí seo fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus casann an banna céilí ceol beo den scoth. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

OÍCHE CHEOIL: ‘Jim McKillop agus Pat Conroy’, Dé hAoine 15 Bealtaine, 9in, Crosskey’s Inn, Droichead Thuama, Co. Antroime. Fidléir mór as na Glinnte Aontroma é Jim McKillop, a bhfuil stíl bhríomhar bheoga an cheantair go mór ina chuid ceoil. Déantóir fidléir aitheanta é chomh maith. Cé gur thosaigh sé amach ar an bhocsa ceoil agus ar an ghiotár ní go raibh sé in aois a sé bliana is fiche gur chuir sé spéis san fhidléir. Taobh istigh de thrí bliana, bhuaigh sé comórtas sinsearach na fidle ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Beidh Pat Conroy in éineacht leis, giotáraí a bhíodh go minic mar thionlacan ag Sean McGuire. Tuilleadh eolais anseo 


Cúige Chonnachta

DRÁMA: ‘The Way Back Home’, Dé Sathairn 16 Bealtaine – Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, 1in agus 3in, The Blackbox,Bóthar na Díge, Gaillimh. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. Cead isteach €12/€10; ticéad teaghlaigh do cheathrar: €40.

Tuilleadh eolais anseo nó 091 – 569777.

FLEADH: ‘Fleadh Cheoil na Gaillimhe’, 15-17 Bealtaine, 7in, Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh. Cuirtear tús oifigiúil le Fleadh Cheoil na Gaillimhe anocht in amharclann Bailey in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Déanfaidh Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Vincent Jordon, píosa cainte a thabhairt uaidh agus beidh ceolchoirm ann ina dhiaidh sin, mar a mbeidh ceoltóirí áitiúla agus ceoltóirí óga ó scoileanna an chontae ar ardán le chéile. Dé Sathairn, leanfar leis na comórtais faoi aois sa cheol, amhránaíocht agus damhsa agus beidh Aifreann na fleidhe ar siúl ag a 7.30in i Séipéal na hOllscoile. Céilí mór d’óg agus d’aosta atá beartaithe oíche Dé Sathairn agus beidh seisiúin ar siúl fá bhaile Mhaigh Cuilinn tráthnóna Dé Domhnaigh.

The way back home branar

SCANNÁN: ‘The Stranger’, Dé Máirt 18 Bealtaine, 11rn, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh. Curtha i láthair ag an ‘Galway Film Centre’, beidh an scannán ‘The Stranger’, arna stiúradh ag Neasa Ní Chianáin, á thaispeáint sa Taibhdhearc maidin Dé Máirt. Is scannán é faoi ealaíontóir Sasanach a bhásaigh i mbothán cloiche, áit a raibh cónaí air ar oileán Inis Bó Finne, amach ó chósta Dhún na nGall. Ní raibh mórán eolais ag muintir na háite faoin fhear seo, a raibh cónaí air sa cheantar ar feadh tamaill de bhlianta roimhe. Beidh seisiún ‘ceisteanna agus freagraí’ leis an stiúrthóir Neasa Ní Chianáin tar éis an scannáin. Ticéad: €3.50. Tuilleadh eolais anseo 

TURAS TREORAITHE: ‘Turas in Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe’, Dé Luain 18 Bealtaine, 10.15 r.n. Páirc Thurlaigh i gCo. Mhaigh Eo. Déanfar ceiliúradh ar ‘Lá Idirnáisiúnta na Músaem’ Dé Luain beag seo le turas treoraithe agus leanfar le picnic agus cluichí spraoi ina dhiaidh. Fáilte roimh óg agus aosta. Tabhair leat do rogha beatha féin don phicnic. Imeacht saor in aisce atá anseo ach clárú le Glór (níl aon táille le sin a dhéanamh). Tuilleadh eolais anseo


Cúige Mumhan

folk

CEOLCHOIRM: ‘Tim Dennehy, Máire Ní Chéileachair, Larry Joy, Senan Lillis, Ann Mulqueen, Mícheal Marrinan’, Dé Sathairn 16 Bealtaine, Halla Chúil na Sméar, Cúil na Sméar, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge. Beidh amhránaithe Chúige Mumhan ag ceol i bPort Láirge Dé Sathairn mar chuid de shraith ceolchoirmeacha a dhíríonn ar amhráin sa traidisiún amhránaíochta a bhaineann le héin. Cuirfear cúig cheolchoirm san iomlán ar siúl sna ceithre chúige le linn na Bealtaine mar chuid den tionscadal seo. Cead isteach: €5.00 Tuilleadh eolais anseo.

OÍCHE SHÓISIALTA: ‘Ré-Rá Gaeltacht sa Ghalltacht’, Dé Sathairn 16 Bealtaine, 9in, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh Gaeil Chorcaí ag bailiú le chéile don oíche shóisialta Ghaelach mhíosúil, mar a mbíonn siad ag malartú scéalta lena chéile. Cuirfear fáilte roimh scéalta nua, go mórmhór cinn ghrá. Bíodh scéal ullamh agat más ea, le roinnt leis an gcuid eile den chomhluadar. Breis eolais: Cuardaigh ‘RíRá’ ar Facebook

CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, Dé Máirt 19 Bealtaine, 9i.n, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Uimhir a haon ar liosta de scoth na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor, tá ag éirí leis an chéilí seo na sluaite a tharraingt amach ar an urlár damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Céilí by the Lee’ ar Facebook.


Timpeall na Tíre

IMEACHT TEAGHLAIGH: Is é ‘Lá Idirnáisiúnta na dTeaghlach’ inniu agus tá Picnicí do theaghlaigh Ghaeilge ar fud na tíre á n-eagrú ag Glór na nGael ar fud na tíre an Bhealtaine seo. Beidh cluichí agus spraoi i ndiaidh na bpicnicí. Tabhair leat do rogha bia féin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil tríd teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael ar 00353 58 24642 nó trí ríomhphost ag marcas@glornangael.ie.

Maigh Eo, Sathairn 16 Bealtaine, Turas Treoraithe agus Picnic, Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe, 10.15 r.n.

Gaillimh, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, Páirc an Chúil, Gort Inse Guaire 1-4.30 i.n.

Uíbh Fhailí, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, Tailte Páirce, Loch na Buaraí 2 i.n.

Longfort, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, Glebe Teampaill Pádraig 2-4 i.n

Corcaigh, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine, Páirc Fhiadhúlra Fota, Corcaigh 1.30-4.30 i.n.

Doire, Dé Domhnaigh 17 Bealtaine,Tearmann Dúlra Dhroim nDamh 12 -3 i.n.

An Dún, Dé hAoine 22 Bealtaine, Páirc Foraoise Chaisleáin Uidhilín 9.30 r.n-12.30 i.n.

An Dún, hAoine 22 Bealtaine, Gaeláras Mhic Árdghail, Iúr Chinn Trá 6-8.30 i.n.

Béal Feirste, Sathairn 23 Bealtaine, Páirc na nOibreacha Uisce, 12 -3 i.n.

Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, New Bridge House 12-4 i.n.

Muineacháin, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine, Páirc Mhucnú, Baile na Lorgan 12-3 i.n.

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'