IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Réamhrá: Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a mbeidh ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Seán T. Ó Meallaigh

CÚIGE ULADH

SCANNÁN: ‘Scéal na Gaeilge’,  Áras Mic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine 31 Iúil, 8i.n.. Beidh an chéad léiriú de ‘Scéal na Gaeilge’, scannán curtha le chéile ón tsraith teilifíse den ainm céanna, anocht i mBéal Feirste. Á chur i láthair ag Alan Titley, cuireann an scannán síos ar stair teanga na Gaeilge trí breathnú ar na scéalta a bhaineann leis sa stair agus sa mhiotaseolaíocht. Is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh an scannán agus beidh seisean i láthair anocht chun labhairt faoi.

CEARDLANN: ‘Cleamairí Ard Mhacha: Ceardlann agus seó’, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Dé Sathairn 1 Iúil, 2i.n. Fillfidh Cleamairí Ard Mhacha ar an gCultúrlann chun ceardlann agus taispeántas a chur ar siúl do pháistí. Ag úsáid ealaíon, drámaíocht, stair agus ceol, cuirfidh na Cleamairí taispeántas ar siúl ag léiriú saibhreas scéalta béaloideasa na hÉireann.

GREANN: ‘Fuirse Feirste’, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Dé Máirt 4 Lúnasa, 8i.n. Cuirfidh an club grinn GaelGÁIRÍ seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair an tseachtain seo chugainn. Ar an ardán beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, a bhuaigh an comórtas An Gaeilgeoir is Greannmhaire ar TG4 anuraidh; Ger Staunton agus Aideen McQueen a bheidh ina bhean an tí. In éindí leo beidh fir ghrinn Bhéal Feirste freisin, Paddy McDonnell ina measc.

SCANNÁN: ‘As an luaithreach’, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Déardaoin 6 Lúnasa, 7i.n.. Scannán faisnéise déanta ag Seán Murray ag insint scéal teacht aniar Chluain Ard i mBéal Feirste. Déantar cur síos ar stair an cheantair an le linn na dtrioblóidí sa scannán, nuair a dódh an tsráid go talamh.


CÚIGE MUMHAN

FÉILE: ‘Féile Lios Póil’, Lios Póil, Dé hAoine 31 Iúil – Déardaoin 6 Lúnasa. Cuirfear tús leis an 36ú ‘Féile Lios Póil’ an deireadh seachtaine seo le seacht lá d’imeachtaí eagraithe ag an choiste. Is i gCaisleán na Min Airde anocht (8.30i.n.) a bheidh ‘Cibeal sa Chaisleán’ le taispeántais rince agus scéalaíocht eagraithe.

I measc na n-imeachtaí a bheas ann ar an deireadh seachtaine, beidh rás go dtí barr An Stricín maidin Dé Sathairn agus comórtais cócaireachta, glasraí, bláthanna agus níos mó sa halla ar an Domhnach chomh maith le Oilimpeacha Lios Póil do ghasúir an mhaidin chéanna.

Is ar an Déardaoin a thiocfas deireadh leis an bhféile le Tráth na gCeist i dTábhairne Uí Shúilleabháin chomh maith le seisiún ceoil. Tá clár iomlán na n’imeachtaí le feiceáil ar suíomh Facebook Fhéile Lios Póil anseo.

DRÁMA: ‘Faoi Scáth,’ An Lab, Sráid Eoin, An Daingean, Dé Céadaoin 5 Lúnasa – Déardaoin 6 Lúnasa, 8i.n. Beidh aisteoirí An Lab ag cur an dráma seo, atá scríofa ag Patricia Burke Brogan agus aistrithe ag Helen Ní Shé, i láthair ar feadh dhá oíche an tseachtain seo chugainn. Suite i neachtlann Mhaighdilíneach sna 1960idí, is scéal é seo a bhfuil brón agus greann ina n-orlaí tríd. Tá breis eolais le fáil ag www.anlab.ie.


CÚIGE CHONNACHT

FÉILE: ‘Seachtain Cheoil Chois Fharraige’, An Spidéal, Dé Luain 3 Lúnasa – Dé Domhnaigh 9 Lúnasa. Beidh an dara ‘Féile Cheoil Chois Fharraige’ á reáchtáladh sa Spidéal an tseachtain seo chugainn le clár lán de cheardlanna cheoil, canadh agus damhsa á mhúineadh ag cuid de na ceoltóirí is aitheanta i saol cheoil traidisiúnta na tíre seo.

Chomh maith le na ceardlanna, beidh léachtaí, seisiúin cheoil, agus ceolchoirmeacha do na daltaí go léir. Is féidir clárú do na ceardlanna agus níos mó eolas a fháil ó gannonsmusicshop.com


TIMPEALL NA TÍRE

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’foghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge ag +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'