Imeacht gan teacht ar Boris agus Brandon ach éiginnteacht arís ann i dTuaisceart Éireann

Ó ceapadh Brandon Lewis mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann in 2020, ba chosúil nach raibh fógra ar bith, cuma cé chomh hamaideach é, nach ndéanfadh sé ar mhaithe lena chara Boris

Imeacht gan teacht ar Boris agus Brandon ach éiginnteacht arís ann i dTuaisceart Éireann

Tháinig taghd coinsiasa na gCaomhach gan choinne. Bhí sé thar am, go deimhin thóg sé achar chomh fada sin gur ceapadh go raibh formhór na ndaoine a raibh postanna acu i réimeas Boris Johnson chomh mínáireach leis an bPríomh-Aire féin. 

Nuair a thogh siad Johnson mar cheannaire ar a bpáirtí bhí a fhios acu cé chomh spárálach is a bhí sé le dualgais a ghairme, fírinne agus dílseacht. Chuir siad suas le sárú ar chaighdeáin iompair le trí bliana go dtí gur bhris cás Pincher, an pinséir, ar a bhfoighid. I measc na scannal a raibh siad dall orthu bhí briseadh na rialacha eitice i gcásanna Priti Patel agus Owen Paterson, na cóisirí le linn na dianghlasála agus feall ar an gconradh aistarraingthe ón Aontas Eorpach – beart a bhfuil ciallachais thromchúiseacha aige do Thuaisceart Éireann. 

Cé gur ar thinte cnámh ollmhóra d’oíche chinn an 12 Iúil a bhí aird an phobail abhus, go háirithe ag daoine scanraithe a bhfuil cónaí orthu in aice leo, bhíothas ar bís féachaint céard a dhéanfadh Brandon Lewis.  Níor ligeadh síos iad. Ar maidin thacaigh sé go hiomlán leis an bPríomh-Aire Johnson. Faoi thráthnóna, bhí sé éirithe as. Nó an raibh? Ní raibh. Tamall ina dhiaidh bhí sé i measc an dreama ón gcomhaireacht a bhí ag tathant ar Johnson éirí as. An mhaidin dár gcionn, thairg sé éirí as ach ní raibh sé cinnte gur glacadh lena thairiscint. Glacadh. Níor caoineadh é.

Ó cheap Boris Johnson Brandon Lewis mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann in 2020 ba chosúil nach raibh fógra ar bith, cuma cé chomh hamaideach é, nach ndéanfadh Lewis ar mhaithe lena chara. Beidh cuimhne go ceann i bhfad ar a fhógra go mbrisfeadh siad an dlí idirnáisiúnta “ar bhealach sainiúil, teoranta”. Ar an liosta freisin tá a shéanadh go raibh teorainn i Muir Éireann i ngeall ar an bprótacal iarBhreatimeachta, port a d’athraigh sé scun scan nuair a d’iompaigh sé chuig seasamh an DUP.  

Sa mhullach ar an teannas idir é agus na páirtithe neamh-aontachtacha in Stormont ar thug sé an chluas bhodhar dóibh faoin bprótacal, bhris an caidreamh síos idir é agus íobartaigh ó gach cúlra. Bhí sé tiomanta dá bhille oidhreachta – plean an rialtais chun an tsaoirse ó chúiseamh a gealladh d’iarfhórsaí an stáit a chur i gcrích, beag beann ar fhreasúra ó na híobartaigh, na páirtithe go léir abhus, rialtas na hÉireann agus eagraíochtaí cearta sa bhaile agus i gcéin. Comhartha sóirt ar an meath ar an gcaidreamh leis an rialtas i mBaile Átha Cliath ab ea é nár chuir sé téarmaí an bhille oidhreachta faoina bhráid cé go raibh siad in ainm is a bheith ag dul i gcomhairle lena chéile.

Díol suntais ab ea é gur ghlaoigh a chomharba Shailesh Vara ar Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus ar na páirtithe logánta ar an Déardaoin, a chéad lá in oifig mar Státrúnaí eatramhach. Tá eolas áirithe ag Vara ar an Tuaisceart mar bhí sé ina aire sóisearach in Oifig Thuaisceart Éireann ar feadh cúig mhí in 2018 nuair a bhí Karen Bradley ina státrúnaí. D’éirigh sé as oifig mar agóid in aghaidh mhargadh Breatimeachta an Phríomh-Aire Theresa May. Theastaigh Breatimeacht crua uaidhsean.

Faoiseamh don DUP agus do na haontachtaithe eile atá ag iarraidh an teorainn i Muir Éireann, nó an prótacal ar fad, a chur ar neamhní is ea duine a bhí neamhghéilliúil faoin mBreatimeacht a bheith sa phost. Sa choicís seo romhainn roimh scor na Parlaiminte don samhradh is é Vara a bheidh i bhfeighil Bille an Phrótacal a sheoladh trí Theach na dTeachtaí in Westminster. Tugann an bille conspóideach an t-údarás d’airí téarmaí an phrótacail a d’aontaigh Boris Johnson leis an AE a chaitheamh i dtraipisí. Ní fios ar ndóigh cén fhad a bheidh Vara mar fheighlí sa phost, an mbeidh sé in ann obair chríochnúil a dhéanamh nó cén seans go gceapfaidh comharba Boris Johnson é mar Státrúnaí buan. 

Nuair a bhí an t-alt seo á scríobh, bhí iarrachtaí ar siúl ag Caomhaigh áirithe chun a chinntiú nach bhféadfadh Boris Johnson fanacht in oifig mar Phríomh-Aire go dtí an fómhar, an sprioc a leag sé féin amach. Chuir sé alltacht ar a iar-chomhghleacaithe go bhféadfadh Johnson a bheith i gceannas ar feadh ráithe eile; imeacht gan teacht a bhí uathu.

An seasfadh na ceapacháin a rinne Johnson Déardaoin dá mbeadh fear/bean ionaid mar Phríomh-Aire? An féidir a leithéid de cheapachán eatramhach a dhéanamh? Nó an mbeidh na Tóraithe in ann iarrthóir amháin do cheannaireacht an pháirtí agus, dá réir don bpríomh-aireacht, a aontú? Ní ribín réidh é sin mar tá liosta fada de dhaoine sa tóir ar an ardú céime. Ach bhrostódh sé imeacht Johnson as an bPríomh-Aireacht – an príomhchuspóir a bhí á lua thart ar Whitehall le cúpla lá. 

Fág freagra ar 'Imeacht gan teacht ar Boris agus Brandon ach éiginnteacht arís ann i dTuaisceart Éireann'

  • An Teanga Bheo

    Beidh fáil ar Boris go minic is fear an gnóthach é am go leor aige anois.