‘I’m looking for naughty words in Irish for my hero to say in intimate moments’ – achainí ó úrscéalaí rómánsúil as Meiriceá

D’éirigh go maith le hachainí i dtaobh na Gaeilge a rinne an t-údar Zoe Archer ar Twitter agus deir sí go bhfuil ‘two gentlemen on board’ anois aici chun na focail chuí a chur ar fáil ‘de réir mar is gá’

‘I’m looking for naughty words in Irish for my hero to say in intimate moments’ – achainí ó úrscéalaí rómánsúil as Meiriceá

Tá míniú tugtha ag Zoe Archer, úrscéalaí rómánsúil as Los Angeles ar tvuít dá cuid a phrioc suim lucht na Gaeilge ar líne an tseachtain seo.

Spreag tvuít údar na sraitheanna ‘Blades of the Rose’ agus ‘London Underground’, go leor moltaí, comhairle agus ceisteanna i measc Gaeilgeoirí fiosracha cabhracha Twitter.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an scríbhneoir, a mbíonn an t-ainm Eva Leigh á úsáid aici chomh maith, go raibh sí an-sásta leis na freagraí a fuair sí ar a hachainí agus thug sí le fios go raibh beirt ‘gentlemen on board’ anois chun cabhrú léi.

“I am a romance novelist looking for a few phrases for my Irish born hero to say to my heroine during some intimate moments.”

“So far, I’ve received good responses from people, and have two gentlemen on board to provide the necessary phrases when needed.”

Bhí an t-údar, a bhfoilseofar a céad leabhar eile, Counting on the Countess, i mí an Mhárta, an-bhuíoch de Ghaeil Twitter as a gcomhairle.

Fág freagra ar '‘I’m looking for naughty words in Irish for my hero to say in intimate moments’ – achainí ó úrscéalaí rómánsúil as Meiriceá'

  • Bruce Burrill

    The book Cliúsaíocht as Gaeilge/Making Out in Irish by Rossa Ó Snodaigh pub by Coiséim should meet your needs and them some. http://www.coisceim.ie/cliusaiocht.html