‘I’ll reply in English, it’s better for the record’ – míniú tugtha ag ceannasaí TG4 ar a Bhéarla ag coiste Oireachtais

Béarla amháin a labhair ceannasaí TG4 ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán, fiú nuair a cuireadh ceist i nGaeilge air

‘I’ll reply in English, it’s better for the record’ – míniú tugtha ag ceannasaí TG4 ar a Bhéarla ag coiste Oireachtais

Tá cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ar a chinneadh Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é.

Béarla amháin, seachas cúpla beannacht i nGaeilge, a labhair ceannasaí TG4 ag cruinniú den Choiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht an tseachtain seo caite.

Chloígh Ard-Stiúrthóir TG4 leis an mBéarla fiú nuair a chuir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Malcolm Byrne ceist i nGaeilge air.

“I’ll reply in English…[it’s] better for the record,” a dúirt Alan Esslemont.

Rinne ceannasaí an stáisiúin Ghaeilge cosaint ar a chur chuige teanga nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie de TG4 ar cheart don stáisiún a bheith ag spreagadh polaiteoirí chun Gaeilge a úsáid seachas a bheith ag tabhairt le fios dóibh gurbh fhearr do thaifead an Oireachtais é Béarla a labhairt.

“Tugann TG4 spreagadh do pholaiteoirí Gaeilge a labhairt, mar a fheictear ar Nuacht TG4 gach oíche.  Ach tá cead ag Ard-Stiúrthóir TG4 cás TG4 a chur ar aghaidh go neamhbhalbh in aon teanga agus in aon fhóram, náisiúnta agus idirnáisiúnta,” a dúirt Alan Esslemont.

Lorg Tuairisc.ie míniú ar an ráiteas go raibh an Béarla “better for the record” agus ar chinneadh an Ard-Stiúrthóra gan a cheart reachtúil a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an gcoiste a éileamh.

“Bíonn an Coiste sin sásta aistriúchán a chur ar fáil agus is cainteoir líofa í an Cléireach a dhéanann a cuid oibre liom i gcónaí trí Ghaeilge,” a dúirt Esslemont.

“Bheadh an rogha agam mo chuid gnó a dhéanamh i nGaeilge ar fad ach roghnaigh mé gan na hacmhainní aistriúcháin sin a iarraidh don seisiún mar gheall gur thuig mé go mbeadh easaontas idir na finnéithe (Sky, RTÉ, Virgin) agus theastaigh uaim go mbeadh an chumarsáid agus an díospóireacht idir na finnéithe soiléir agus siúlach.”

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá ceart ag aon duine a bhíonn ag caint “os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste Oireachtais ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid”.

Níor ghlac an tArd-Stiúrthóir leis go raibh rud éigin as alt le TG4, a bhíonn ag brath go minic ar pholaiteoirí a ndícheall a dhéanamh Gaeilge a labhairt, a bheith ag freagairt i mBéarla ceist a chuir polaiteoir air i nGaeilge i dTithe an Oireachtais.

“Mar gheall nach raibh na hacmhainní aistriúcháin iarrtha agam, lean mé leis an gcur chuige a d’aontaigh mé leis an gCléireach.”

Thug Alan Esslemont le fios chomh maith nach dóigh leis go bhfuil aon neamhréiteach idir a bheith ag trácht i dTithe an Oireachtais ar chearta teanga phobal na Gaeilge i leith seirbhísí craoltóireachta agus, ag an am céanna, a roghnú gan éileamh a dhéanamh ar na cearta teanga atá ar fáil.

Thagair an tArd-Stiúrthóir ag cruinniú na seachtaine seo caite do ráiteas a rinne Breandán Ó hEithir gurb é an Béarla ‘teanga chroí an Stáit’.

Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar TG4 an raibh an baol ann gurb ionann an cur chuige aonteangach Béarla ag an gcoiste agus a bheith ag géilleadh don mheon sin, thagair Alan Esslemont arís don cheart atá aige cás a dhéanamh do TG4 ina rogha teanga aon áit ar mian leis.

Pléadh ag an gcruinniú den choiste Oireachtais maoiniú na craoltóireachta in Éirinn. Dúirt Alan Esslemont ag an gcruinniú go raibh gá le beart láidir ón Stát le cinntiú go bhfanfadh na meáin Ghaeilge ábhartha.

D’éirigh ag an gcruinniú idir Ard-Stiúrthóir TG4 agus Stiúrthóir Gnóthaí Rialála agus Corparáideacha Sky Ireland, Mark Carpenter.

Chuir Alan Esslemont i leith Sky go raibh siad ‘ag tarraingt na gcos’ maidir le haip TG4 a chur ar fáil ar a seirbhís.

Ba ghá, a dúirt ceannasaí TG4, reachtaíocht láidir a thabhairt isteach lena chinntiú go mbíonn áit mhaith ag cláir Ghaeilge ar sheirbhísí teilifíse íoc-ar-amharc.

Dúirt Mark Carpenter, Stiúrthóir Gnóthaí Rialála agus Corparáideacha Sky Ireland, go raibh ‘ábhairín iontais’ air faoi chaint Alan Esslemont go raibh Sky ag tarraingt na gcos le blianta maidir le haip TG4.

Mhaígh Mark Carpenter go raibh ‘ceisteanna teicniúla’ le réiteach ar an ‘dá thaobh’ chun go mbeadh an aip ar fáil ar Sky.

Fág freagra ar '‘I’ll reply in English, it’s better for the record’ – míniú tugtha ag ceannasaí TG4 ar a Bhéarla ag coiste Oireachtais'

  • Dónall

    Náireach

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an dearcadh nach bhfuil an Ghaeilge in oiriúnt do chúrsaí oifigiúla láidir in Éirinn agus uafás láidir in Albain.

  • Donncha

    An cacamas céanna… más rud dháiríre atá le plé déan i mbéarla é. Cén fáth a bhfuil muid fós ag glacadh le leithscéalta mar seo?

  • An Teanga Bheo

    Teanga Eorpach í an Ghaeilge nach shea! Béarla i dtír Gallda

  • Síle

    For the record, ba mhaith liom mo fhreagra ar an scéal seo a thabhairt as Béarla – disgraceful

  • Liam Ò Cuinneagáin

    A Íosa!

  • Cathal Mac Dhaibhéid

    Deargamaidí.

  • Brídin

    Masla do na Gaeil ar fad a throid ar son cearta teanga. Mo náire tgfore

  • Bríd

    Súil eile…ie..An Béarla. Mo náire é….ar nòs go leor eile. An Ghaeilge = Teanga Oibre an fhad agus nach dtiocfaidh sì roimh dhul chun chinn phearsanta…amhlaidh le lucht na nEagrus Ghaeilge eile…Airgead Stáit & comhfhreagras Béarla á fhoilsiú acu. Mìorùilt nach bhfuil sì seacht dtroigh fé thalamh ag na Gaeilgeoirí.

  • Eoin

    FFS. The guy asking him the question was far from fluent in Irish anyway. He gave an answer in English so ‘the record’ would be correct and, presumably, understood. 95% of the people in Ireland would not be able to have a meaningful conversation about technical issues like media policy in Irish…they might want to but the Ard-Stiúrthóir stuck to English so his answers would be clear for the record. Does anyone have any comment on the quality of the answers he gave or the policies he pursues as Ard-Stiúrthóir? I didn’t think so! In my opinion the language is not served by outrage or by purity over understanding.

  • Áine

    Lagmhisneach ceart é a leithide! Cainéal teilifíse a chúram…sin eile is léir…uimhreacha…. níl aon mheas ar an gcúis ná ar an riachtanas….ar bunaíodh Teilifís na Gaeilge …tá muid fós ann a dteastaíonn Teilifís Gaeltachta/Gaeilge uainn ach muid dhá ligean siar go síoraí seasta ag an dearcadh diúltach seo… Cóilíneachas….. díspeagadh… maslach… náireach…agus i dTithe an Oireachtais agus deis aistriúcháin ar fáil… NÁIRE … cá bhfuil an cheannasaíocht? buille eile

  • Éilís Ní Anluain

    Cén teachtaireacht a bhí aige? nach féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nach bhfuil inti ach caitheamh aimsire, mar a deir lucht an doichill.

  • Seán ÓM

    Bhí sé ag caint at Athmhaidin ar RnaG inniu de hAoine agus duirt sé:

    …Bhí seans aige usáid a bhaint as an gcóras aistriúcháin roimh an chrinnú ach níor ghlac sé leis agus nior chuir siad an córas ar siúl – mar cheap sé go mbeadh na ceisstanma ar fad i mBéarla agus ba mhaith leis iAd a fhreagairt i mBéarla mar nach bhfuil mórân muinnine aige in aistriúthoirí….

    An bhfuil an córas aistriúcháin agus na haistriúthoirí chomh dona mar sin i dTeach Laighin?

    Is cuis nâire é, má tá siad chomh dona mar sin nach bhfuil meas ag an Ard -Stiúrthóir TG4 ar a gcuid oibre

  • Pól Ó Braoin

    Chuala mé riamh nach labhródh Teachtaí Dála i nGaeilge agus rud eicint tábhachtach le rá acu. Bíonn an t-am labhartha i dTithe an Oireachtais thar a bheith teoranta agus tá a fhios ag an saol agus ag a mháthair mhór nach ndéantar tuairisciú ar ráitis i nGaeilge sna meáin. Tá a fhios ag na polaiteoirí nach gcuirfear an méid atá le rá acu amach sna nuachtáin, ar an nuacht teilifíse, nach glcoisfidh formhór de mhuintir na hÉireann iad… mura ndeir siad i mbéarla é. Agus b’shin mar atá sé in Éirinn an lae inniu.
    Déan iarracht seirbhís phráinneach a fháil trí mheán na Gaeilge ón státchóras lá eicint agus breathnaigh cén chaoi a n-imeoidh sé sin, gan caint ar Ghaeilge á labhairt sa Dáil!!

  • Tony

    Mura bhfuil muinín aige go mb’fhiú àbhar teicniúil a phlé as gaeilge èireodh sé as ar fad.
    Easpa úsáid is siocair síor-chúngú foclóra.

  • DP Ó Luasa

    Beatha teanga í a labhairt????? Beatha seirbhíse í a úsáid!!!!