Thart ar 10 mbliana ó shin bheartaigh mé Gaeilge na hAlban a fhoghlaim. Ós rud é go bhfuil an dá Ghaeilge cosúil go maith le chéile, shíl mé go mbeadh sé éasca go leor. Thug mé m‘aghaidh ar Shabhal Mòr Ostaig ar an Eilean Sgiathanach. Tar éis dom eitilt ó Bhleá Cliath go Glaschú, dul ar thraein go Mallaig, bád farantóireachta go dtí an t-oileán agus léimt ar bhus chomh fada leis an gColáiste féin thuig mé go mb’fhéidir nach aon turas éasca a bhí i ndán dom!
Insítear scéal faoi thuras de chineál eile sa leabhar Tinte na Farraige Duibhe. Leantar beirt atá ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta. Ag éalú i spáslong lastais atá siad, agus na póilíní ar a dtóir. I ngan fhios dóibh, tá rún á cheilt acu a tharraingíonn fórsaí uile an oilc sa mhullach orthu ar deireadh. Scéal é a ropann ar aghaidh ar luas lasrach, rud a chabhraigh liom agus gan mórán den Ghaeilge Albanach agam ag an am.
Tá ról lárnach sa scéal ag neart na teicneolaíochta amach anseo. Tá tábhacht nach beag leis an téama áirithe seo dar liom ós rud é gur cosúil go bhfuil ról an aistritheora féin i mbaol amach anseo. Táimse ag súil go mbeidh ról an aistritheora liteartha slán go ceann tamaillín eile.
Roinnt blianta tar éis na cuairte sin ar Eilean a’ Cheò chas mé le fear ríspéisiúil, a raibh brat tatúnna air, ceoltóir a bhí tar éis seinm i mbannaí ceoil punc ar nós Mill a h-Uile Rud. Ní air is túisce a smaoineodh daoine agus iad ag cuimhneamh ar litríocht Ghaeilge na hAlban! Tim Armstrong a bhí ann, údar an bhunleabhair. Acadóir as Seattle é atá ina chónaí in Albain le breis is scór bliain.
Luaigh mé le cairde liom gur chuir an leabhar fonn orm Gaeilge na hAlban a fhoghlaim lena léamh. Níorbh fhada gur dúradh liom nach mbacfaí le Gaeilge na hAlban a fhoghlaim ach go léifí an leabhar dá n-aistreoinn é. Cé go bhfuil cosúlachtaí go leor idir Gaeilge na hÉireann agus na hAlban is dócha go raibh an dá phobal ag scarúint ó chéile le blianta fada. Le tamall de bhlianta anuas tá an t-idirlíon tar éis bearna Shruth na Maoile a chúngú de bheagán.
Ghlac mé cur chuige measartha nuálach leis an aistriúchán seo.
Toisc go bhfuil an dá Ghaeilge chomh gearr sin dá chéile shíl mé go mb’fhéidir go bhféadfainn uirlis a úsáid chun an t-aistriúchán a éascú. D’úsáid mé ceann de na huirlisí iomadúla teicneolaíochta atá cruthaithe ag Caoimhín Ó Scanaill ar mhaithe le saol digiteach na Gaeilge. Intergaelic is ainm don uirlis agus aistriúchán measartha garbh ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge a chuireann sé ar fáil. Ar mhaithe le cabhrú le Gaeilgeoirí ciall ghinearálta téacsanna Albanacha a thuiscint a cruthaíodh é. Ina dhiaidh sin rinne mé féin eagarthóireacht arís is arís ar an téacs a ghin an t-inneall. Shábháil an próiseas roinnt mhaith ama orm. Ó shin tá an leagan deiridh den aistriúchán, agus é curtha in eagar agam, curtha leis an inneall chun an chéad aistriúchán eile a éascú. Amach anseo, ba bhreá liom closleabhar a dhéanamh agus an téacs agus an fhuaim uaidh a úsáid le gléasanna aitheanta cainte a chruthú.
Cuid de spraoi an fhicsin eolaíochta ná an nuathéarmaíocht a bhaineann le domhan úr a chruthú. Bhí orm téarmaí éagsúla a bhain le spáslonga agus le ‘lúbinnill’ agus cumhacht frithdhamhna a aistriú. Tá tábhacht lena leithéid ar roinnt cúiseanna; cinntíonn sé go mbeimid in ann ábhair theicniúla a phlé sa Ghaeilge, gan trácht ar cé chomh cúláilte is atá modhanna iompair an scéil!
Uaireanta sílim go bhfuil an iomad de litríocht na Gaeilge ródhírithe ar an aigne inmheánach, nó ar réalachas leamh a thugann dúinn scéalta agus úrscéalta nach dtarlaíonn tada iontu, cé gur go foclach fileata a tharlaíonn an tada céanna ar uairibh. Tá tuilleadh eachtraíochta agus samhlaíochta uainn! Gheobhaidh daoine é sin i saothar seo Armstrong. Agus féach a shloinne, ní haon iontas dúil a bheith aige sa spástaisteal!
Is féidir Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong a cheannach anseo.
“Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid.”
Fág freagra ar 'Idir dhá Ghaeilge – ag aistriú sci-fi go dtí Gaeilge na hÉireann'