Iarscoláire gaelscoile réidh le tosú sa chúl do Liverpool

Ar Ghaelscoil Mhachan i gCorcaigh a d’fhreastail Caoimhín Kelleher, an cúl báire óg a mheastar seans mór a bheith aige a chéad chluiche a imirt do Liverpool amárach

Iarscoláire gaelscoile réidh le tosú sa chúl do Liverpool

Caoimhín Kelleher. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá foireann agus daltaí Ghaelscoil Mhachan i gCorcaigh “an-bhródúil” as a n-iarscoláire Caoimhín Kelleher, an cúl báire óg a mheastar seans mór a bheith aige a chéad chluiche a imirt do Liverpool amárach.

Tá seans mór go mbeidh an t-iarscoláire gaelscoile ar fhoireann sheaimpíní na hEorpa agus iad ag dul chun páirce in aghaidh Southampton i bPríomhroinn Shasana.

Tá Kelleher, atá 20 bliain d’aois, le Liverpool ó 2015.

Cé go raibh sé ar an mbinse do chluiche ceannais Shraith na gCuradh in Madrid an samhradh seo, bhíothas den tuairim go mbeadh tamall eile ann sula bhfaigheadh sé deis leis an gcéadfhoireann.

Ach ó tharla go bhfuil beirt de chúl báirí Liverpool– Alisson agus Adrián –  gortaithe tá seans mór go mbeidh fear Chorcaí ag imirt.

Ní bheidh fáil ag bainisteoir Liverpool Jürgen Klopp ar Alisson, a chéad rogha mar chúl báire, go ceann roinnt seachtainí.

Gortaíodh Adrián an tseachtain seo nuair a bhuail duine de lucht tacaíochta Liverpool faoi trí thimpiste agus imreoirí an chlub ag ceiliúradh a mbua in aghaidh Chelsea sa Super Cup. 

Fágann sin gur idir Caoimhín Kelleher agus Andy Lonergan a bheidh sé do chluiche an lae amárach in aghaidh Southampton.

Tá gortú beag ag cur as do Kelleher féin ach thug a bhainisteoir le fios go bhfuil seans maith ann go mbeidh an tÉireannach óg ag tosú má bhíonn sé tagtha chuige féin in am.

“Buachaill is ea Caoimhín a bhfuilimid an-tógtha ar fad leis. Tá sé ag traenáil arís, ach níl sé 100% fós. Caithfidh sé traenáil a dhéanamh inniu agus feicfimid ansin,” arsa Jürgen Klopp.

Ní nach ionadh tá súil ghéar a coinneáil ag Gaelscoil Mhachan i gcathair Chorcaí ar a iarscoláire agus iad an-bhródúil as a chuid gaiscí.

Fág freagra ar 'Iarscoláire gaelscoile réidh le tosú sa chúl do Liverpool'