Páistí óga na Gaeltachta á lorg le cur isteach ar léiriú sean-nóis agus lúibíní

Agus Oireachtas na Samhna curtha ar ceal i mbliana, tá sraith comórtas atá dírithe ar dhaoine óga sa Ghaeltacht á reáchtáil ar líne an mhí seo ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus TG4

Páistí óga na Gaeltachta á lorg le cur isteach ar léiriú sean-nóis agus lúibíní

Inniu an lá deireanach ag iarrthóirí óga na Gaeltachta le cur isteach ar shraith físeán atá á reáchtáil ar líne ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus TG4 ag deireadh na míosa.

Agus Oireachtas na Samhna curtha ar ceal i mbliana, beidh deis ag páistí sa Ghaeltacht páirt a ghlacadh i sraith físeán  a bheas á gcraoladh ar TG4 agus ar na meáin shóisialta ag deireadh na míosa, tráth a mbeadh féile an Oireachtais ar siúl de ghnáth.

Tá daoine óga as gach ceantar Gaeltachta á lorg le lúibíní, agallamh beirte, scéalaíocht, amhránaíocht, aithriseoireacht agus damhsa a dhéanamh.

Iarrtar ar thuismitheoirí físeán gairid 30 soicind a thaifeadadh agus an t-iarrthóir óg i mbun scéil, steip nó aisteoireachta agus iad a chur ar aghaidh chuig Tuismitheoirí na Gaeltachta trí WhatsApp. Moltar go gcuirfeadh na hiarrthóirí iad féin i láthair agus go ndéarfaí cad as dóibh sula dtosaíonn siad ar a gcleas cóisire.

Beidh an taifeadadh á reáchtáil idir an 17-25 Deireadh Fómhair sna ceantair Ghaeltachta agus is gá go mbeadh na páistí agus a gcuid tuismitheoirí ar fáil don taifeadadh.

Mar chuid den cheiliúradh ar Oireachtas na n-óg, beidh deis ag iarrthóirí óga seisiún cleachtaidh a dhéanamh le meantóir ar Zoom roimh an taifeadadh.

Glacfar le hiarratais go dtí a 5pm inniu. Seolaigí na físeáin chuig an uimhir 087-2461685 ar WhatsApp, chomh maith le hainm, aois is seoladh an pháiste agus ainm agus uimhir an tuismitheora.

Fág freagra ar 'Páistí óga na Gaeltachta á lorg le cur isteach ar léiriú sean-nóis agus lúibíní'