Tá iarrtha ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais ar an Aire Oideachais Richard Bruton an cinneadh deireadh a chur leis an scrúdú roghnach Gaeilge don Teastas Sóisearach a chur siar ar feadh bliana le go bhféadfaí an cás a phlé.
Thug an Coiste cuireadh don Aire Oideachais agus oifigigh shinsearacha sa Roinn Oideachais teacht os comhair an Choiste leis na hathruithe ar shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh a phlé.
Dúirt cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, le Tuairisc.ie gur chuir a raibh le rá ag múinteoirí, a bhí os comhair an choiste an tseachtain seo caite, faoin gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú cainte roghnach don Teastas Sóisearach “iontas” uirthi agus nach raibh ciall leis an gcinneadh deireadh a chur le scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach.
“Tá a fhios agam nach raibh gach uile scoil ag baint úsáid as ach bhain a lán scoileanna úsáid as an scrúdú béil. D’aontaigh mise agus gach Teachta Dála eile leis an gcur i láthair a rinne na múinteoirí an tseachtain seo caite. Níl ciall ná réasún leis an gcinneadh fáil réidh leis an scrúdú, go háirithe an scrúdú Gaeilge i gcomhthéacs an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht,” a dúirt sí.
Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta Dé Céadaoin seo caite gur ‘botún’ mór a bhí ann fáil réidh le scrúdú cainte an Teastais Shóisearaigh, botún a dhéanfadh “dochar as cuimse d’fhoghlaim na Gaeilge agus do chleachtadh na Gaeilge”.
Mhaígh ball amháin den toscaireacht, Máire Clár Nic Mhathúna, Príomhoide Scoil Naomh Cholmcille, Oileán Thoraí, a bhí i láthair ag an gcruinniú go n-imeodh “Gaeilge dhúchasach” na Gaeltachta as “iontach gasta” mura dtabharfaí aitheantas don teanga labhartha sa chóras.
Ní bheidh aon scrúdú cainte sa Ghaeilge, ná i dteanga ar bith eile, le déanamh ag aon scoláire a bheidh ag tosú ar an mheánscoil i bhfómhair na bliana seo.
Scrúdú roghnach a bhí sa scrúdú cainte a chuirtí ar fáil mar chuid den Teastas Sóisearach agus b’fhiú 40% den scrúdú iomlán é don té a dhéanfadh é.
Beidh dhá mheasúnú rangbhunaithe i gceist leis an Teastas Sóisearach nua. Beidh an dá cheann le déanamh sa tríú bliain. Beidh an dara ceann bunaithe ar thasc/gníomhaíocht a bhaineann leis an teanga labhartha (drámaíocht, cur i láthair, agallamh, ról-imirt, comhrá). Déanfaidh an múinteoir an dá cheann acu a mheas le tuairiscí (‘thar barr ar fad,’ ‘os cionn na n-ionchas,’ ‘ag teacht leis na hionchais’.)
Chomh maith leis an dá mheasúnú rangbhunaithe sin, beidh tasc measúnaithe eile i gceist agus cuirfear é seo ar aghaidh chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit le marcáil. Beidh 10% den mharc iomlán le fáil ar an tasc sin.
Mánua
Is fearr i bhfad scrúdú béil éigeantach do bheith ann. Ach maidir le todhchaí teanga na tíre is léir go bhfuil an curaclam ró-shimplí dos na scoláirí a labhrann Gaeilge sa bhaile nó atá ag freastal ar Ghaelcholáiste. Níor chóir curaclam Ghaeilge dos na foghlaimeoirí atá fíorbhunúsach a bheith in úsáid sna Ghaelcholáistí nó an dornán mheánscoileanna sa “Ghaeltacht” ina mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge.