Tá iarrtha ag Rí Felipe na Spáinne ar phríomh-aire gníomhach na tíre, Pedro Sánchez iarracht a dhéanamh rialtas a chur ar bun.
Más le Sánchez dóthain vótaí a fháil sa pharlaimint le fanacht i gcumhacht beidh air páirtithe Catalónacha agus Bascacha a mhealladh, cuid acu atá ar son neamhspleáchas iomlán a fháil ón Spáinn.
Mar chuid den iarracht sin na scarúnaithe a mhealladh, tá iarrtha cheana féin ag rialtas Sánchez ar an Aontas Eorpach go mbronnfaí an stádas céanna atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.
Fáilte an doichill a cuireadh sa Bhruiséil an mhí seo caite roimh iarratas na Spáinne.
D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.
Theip an tseachtain seo caite ar Alberto Núñez Feijóo, céile comhraic coimeádach Sánchez, dóthain vótaí a fháil le rialtas a bhunú.
Mura n-éiríonn le haon dream móramh a fháil chun dul i mbun rialtais nua faoin 27 Samhain, caithfear toghchán eile a ghairm, toghchán ar dócha go mbeadh sé ar siúl i mí Eanáir.
Mhaígh Sánchez inniu go rachadh sé i mbun cainteanna láithreach le páirtithe eile agus go n-éireodh leis rialtas sóisialach a chur ar bun a mhairfeadh an téarma ceithre bliana.
Meastar go ndéanfaidh Sánchez rialtas mionlaigh a bhunú leis an gcomhghuaillíocht Sumar, atá an-fhada amach ar an eite chlé, ach bheadh tacaíocht ón dtaobh amuigh ag teastáil uaidh chomh maith ó leithéidí Junts na Catalóine agus páirtithe scarúnaithe ó Thír na mBasacach.
Tá an grúpa Junts agus an ERC ag iarraidh barántas ó Sánchez go reáchtálfar reifreann eile faoin neamhspleáchas ach eisean a bheith i gcumhacht.
Chomh maith leis sin táthar ag iarraidh go dtabharfaí pardún do gach duine a raibh baint acu leis an reifreann neamhspleáchais ar theip air sa Chatalóin in 2017.
Fág freagra ar 'Iarrtha ag Rí Felipe na Spáinne ar Sánchez iarracht a dhéanamh rialtas a bhunú '