Iarratais déanta i mBéal Feirste ar chomharthaíocht dhátheangach san Eabhrais agus sa Mhandairínis

Rinneadh os cionn 1,600 iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach agus ba do chomharthaíocht Ultaise a bhí 160 acu sin

Iarratais déanta i mBéal Feirste ar chomharthaíocht dhátheangach san Eabhrais agus sa Mhandairínis

Tá iarratais déanta i mBéal Feirste ar chomharthaíocht dhátheangach san Eabhrais, sa Mhandairínis agus sa tSeapáinis. Tá na hiarratais déanta faoin bpróiseas iarrtha comharthaíochta céanna trína gceadaítear comharthaíocht Ghaeilge sa chathair.

Tugadh polasaí nua comharthaíochta isteach trí bliana ó shin a fhágann go bhfuil sé i bhfad Éireann níos éasca iarratas a dhéanamh le haghaidh comharthaíocht dhátheangach.

Is comharthaíocht i nGaeilge den chuid is mó a bhíonn á lorg tríd an bpróiseas nua ach léiríodh i gcáipéisí a scaoileadh chuig The Irish News faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndearnadh iarratais freisin le haghaidh teangacha eile.

Rinneadh os cionn 1,600 iarratas ar an iomlán faoin bpolasaí nua agus ba do chomharthaíocht Ultaise a bhí 160 acu sin. Bhain formhór na n-iarratas eile le comharthaíocht Ghaeilge ach rinneadh dhá iarratas ar chomharthaíocht sa tSeapáinis, in oirthear agus i dtuaisceart na cathrach. Rinneadh ar a laghad trí iarratas ar chomharthaíocht sa ‘tSínis’ agus sa Mhandairínis in áiteanna eile sa chathair. Rinneadh na hiarratais ar chomharthaíocht san Eabhrais ar Tates Avenue agus Ebor Street i ndeisceart na cathrach.

Tá na hiarratais sin fós ag dul tríd an bpróiseas faofa i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste cé is moite d’iarratas ar chomharthaíocht ‘Sínise’ ar North Parade. Níor glacadh leis an iarratas sin mar gheall go bhfuil comharthaíocht dhátheangach Béarla-Gaeilge in airde ann cheana féin.

Tá naoi gcinn de na hiarratais ar chomharthaíocht Ultaise gafa trí phróiseas na comhairle cathrach agus iad réidh le cur faoi bhráid na gcónaitheoirí. Diúltaíodh d’iarratas Ultaise amháin cheana. De réir an pholasaí nua, is ga do 15% de na daoine atá ina gcónaí ar an tsráid vótáil ar son na comharthaíochta dátheangaí. Ghlactaí cheana vóta nár caitheadh mar vóta in aghaidh na comharthaíochta ach ní hamhlaidh an scéal faoin bpolasaí nua.

Fág freagra ar 'Iarratais déanta i mBéal Feirste ar chomharthaíocht dhátheangach san Eabhrais agus sa Mhandairínis'