Iarracht chiotach ar léargas a thabhairt ar shaol Dave Allen

Cé gur bhain Dave Allen At Peace corrgháire as ár léirmheastóir, ní bhfuair sé aon bhlas ar an saothar

Iarracht chiotach ar léargas a thabhairt ar shaol Dave Allen

“We spend our lives on the run: we get up by the clock, eat and sleep by the clock, get up again, go to work – and then we retire. And what do they give us? A fucking clock.”

– Dave Allen

Fuirseoir as an gcoitiantacht ba é David Tynan O’Mahony, nó Dave Allen mar ab fhearr aithne air, fear grinn a bhí i mbarr a mhaitheasa sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Ach oiread le mórán Éireannach eile ba thar lear a dhein sé a chóta bán agus bhí an-ráchairt ar an Dave Allen Show a bhíodh á chraoladh ar an BBC ó 1972 go 1986.

Bhíodh gearradh agus leibhéal thar na bearta ag baint lena chuid saothair, rud a d’fhág go raibh sé conspóideach agus ceannródaíoch in éineacht. Ba mhinic an eaglais Chaitliceach thíos lena chuid slaiseanna agus ní raibh an bhunaíocht nó lucht na cráifeachta in Éirinn róbhuíoch dó dá réir. Dá bharr sin agus uile, d’fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuair sé an t-aitheantas ba dhual dó abhus, gur ligeadh i ndearmad é agus gur beag cur amach atá acu siúd atá faoi bhun an leathchéid ar a shaol agus a shaothar.

Comhghuaillíocht eile idir an BBC agus RTÉ atá in Dave Allen At Peace (Dé Luain) agus iarracht atá ann an t-easnamh sin a chur ina cheart. Tá sin le moladh; agus cé gur baineadh gáire asam i rith an chláir, agus gur mó mo chur amach ar Allen faoina dheireadh, ní bhfuaireas aon bhlas ar an saothar.

Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar YouTube le tuiscint a fháil ar acmhainn grinn an fhuirseora ar leithligh seo. Teacht i láthair agus cur i láthair nádúrtha agus réchúiseach aige, ach slaiseanna fíochmhara ag teacht uaidh ag an am céanna. É buailte fé sa chathaoir, feaig á ól aige agus é ag diúgadh ar dheoch a mbíodh cuma an fhuisce air (ginger ale a bhíodh ann, áfach). Ba dhóigh leat gur ag cur de ar stól ard sa teach tábhairne áitiúil a bhíodh sé. Carúlacha ag teacht uaidh ar dalladh: ‘I’m an atheist, thank God’ a deireadh sé go seanbhlastúil agus ‘practising atheist’ a thugadh sé air féin.

Ar an iomlán ní dóigh liom gur éirigh le hAidan Gillen é sin a léiriú. Go deimhin tá sé á thaibhsiú dom le tamall gurb í an chuma chéanna a bhíonn air is cuma cén carachtar a bhíonn á léiriú aige; ó Little Finger in Game of Thrones go Charlie Haughey agus John Boy in Love/Hate. Cé go bhfuil cliar cuidsúlach ag an saothar, Pauline McGlynn, Tommy Tiernan, Ian McElhinney agus Conleth Hill (a chéile comhraic Ó GofT.), níor éirigh leo anam a chur san ábhar. Ní raibh aon oidhre ar léiriú McGlynn ar bhean rialta ach rud a chífeá i ngeamaireacht gan dealramh.

D’fhág an eaglais Chaitliceach agus na mná rialta a chuir oideachas air lorg nach beag ar Allen, agus níorbh aon ionadh mar sin go mbídís ina gceap magaidh aige; rud a bhí anchoráistiúil ag an am. Déanann an saothar iarracht chiotach é sin a thabhairt leis.

Meascán de sceitseanna agus píosaí le ceamara a bhíodh i gclár iomráiteach Allen agus déanann an táirge seo an struchtúr céanna a tharraingt chuige féin le hathchruthuithe Aidan Gillen ar mhíreanna stáitse á gcniotáil le míreanna a thug cuntas ar shaol Allen. Ní raibh aon locht agam ar an struchtúr sin ach seachas iarracht a dhéanamh cuntas a thabhairt ar shaol nach raibh chomh heachtrúil sin, b’fhéidir gurbh fhearr díriú ar eachtra faoi leith; an fothragadh a bhain le húsáid an focal ‘f’ sa ráiteas thuas, mar shampla.

Scéal Thairis: Táim ag baint súip as aiséirí 7Lá agus Eibhlín Ní Chonghaile sa chathaoir na laethanta seo. An tseachtain seo bhí tuairisc chuimsitheach, shuimiúil, dheisbhéalach faoi fhothragadh na Catalóine ó Chathal Ó Cuaig; fear atá buailte fé sa réigiún. Mheabhraigh sé Breandán Ó hEithir dom. A thuilleadh de seo atá de dhíth orainn.

Fág freagra ar 'Iarracht chiotach ar léargas a thabhairt ar shaol Dave Allen'