‘I Will Not Allow Any Man Living to Touch My Spelling!’ – léargas nua ar aighneas idir beirt de mhórphearsana stair na Gaeilge

Tugtar léargas ar an gcaidreamh teasaí idir An tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Eoin Mac Néill i litreacha a aimsíodh le deireanas

‘I Will Not Allow Any Man Living to Touch My Spelling!’ – léargas nua ar aighneas idir beirt de mhórphearsana stair na Gaeilge

Tá léargas nua ar fáil ar an gcaidreamh teasaí idir beirt de mhórphearsana stair na Gaeilge – an scoláire mór An tAthair Peadar Ó Laoghaire agus an réabhlóidí Eoin Mac Néill.

Léiríonn comhfhreagras, a aimsíodh le deireanas, gur éirigh idir an bheirt ag deireadh an 19ú hAois, tráth a raibh Séadna leis an Athair Ó Laoghaire á fhoilsiú mar shraith ar Irisleabhar na Gaeilge a raibh an Niallach ina eagarthóir air.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo, tá lámhscríbhinn den leabhar Séadna i measc na gcáipéisí i mbosca a tugadh ar láimh le caomhnú do Chonradh na Gaeilge roimh an Nollaig.

I measc na gcáipéisí eile a bhí sa bhosca sin, a tháinig ón sagart Colmánach Dan Troy atá lonnaithe sa tSín, bhí thart ar 20 litir idir an t-eagarthóir, Eoin Mac Néill, agus an t-údar Corcaíoch, an tAthair Peadar Ó Laoghaire.

Tá cáil ar an Athair Peadar mar gheall ar shaibhreas a chuid Gaeilge, na tuairimí láidre a bhí aige maidir le litriú na teanga agus an grá mór a bhí aige dá chanúint féin, Gaeilge Chorcaí.

Tá frustrachas Uí Laoghaire soiléir i litir eile atá ar fáil i measc na gcáipéisí, litir a scríobh an sagart chuig a chara, an tAthair Pádraig de Búrca faoi “our friends in Dublin” a bhí, dar leis, ag iarraidh an aibítir Ghaelach a chaitheamh sna fataí lofa, dar leis.

Tá an dáta ‘Oct. 3rd ’99’ ar bharr na litreach, rud a thabharfadh le fios gur scríobhadh an litir seo an tráth ba ghéire an t-aighneas idir Mac Néill agus Ó Laoghaire maidir le foilsiú Séadna. D’fhuaraigh an caidreamh idir an bheirt thart ar an am sin agus an Niallach den tuairim go raibh an tAthair Peadar ag dul i bhfad scéil leis an saothar agus nár fheil sé do Irisleabhar na Gaeilge níos mó. Mar is léir ón gcomhfhreagras, ní mó ná sásta a bhí an tAthair Peadar faoi na hathruithe a bhí á ndéanamh ag eagarthóir na hirise ar a chuid scríbhneoireachta.

Deir sé go bhfuil “our friend John Mac Neill” ag iompú ina “complete crank” agus go raibh cúrsaí idir an bheirt anois tagtha chuig “deadlock”.

“The moment I see your writing I can pronounce those words exactly as you pronounce them, just as thoroughly as if I were to go all the ways to hear you sound them. Our friends in Dublin want us to throw that alphabet away and to reduce our spelling to the level of English spelling which is absolutely non-phonetic. Well. Things have come to a dead-lock. I Will Not Allow Any Man Living to Touch My Spelling!” a scríobh Ó Laoghaire. 

Tá tagairt sa litir chéanna don scríbhneoir Norma Borthwick, a scríobh faoi na hainmneacha ‘Aodh Rua’ agus ‘Gartan’ go minic , agus í ar a bealach go Baile Átha Cliath “to see whether I can get my way or not”. Bhí Norma Borthwick ina bainisteoir ar Irisleabhar na Gaeilge an tráth sin, agus bhí baint mhór aici le foilsiú Séadna i bhfoirm leabhair. Go deimhin, dúirt an tAthair Peadar féin fúithi níos deireanaí “but for that lady I fear the book would not have come out at all”.

Sa litir chuig an Athair de Búrca, mhaígh an tAthair Peadar go raibh sé i láthair i mBaile Átha Cliath ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge. Dúirt an scoláire Liam Mac Mathúna le Tuairisc.ie, áfach, nach raibh an méid sin fíor agus nár theagmhaigh an scríbhneoir leis an gConradh go dtí thart ar shé mhí i ndiaidh a bhunaithe.

“I was at the meeting in Dublin in ’93 when the Gaelic League was formed. The purpose was to preserve Irish as a spoken language. I saw then, and I have seen more clearly every day since that, the language could not possibly be preserved as a spoken tongue unless the spoken language was cultivated. I at once began to contribute to the Gaelic Journal in the purest vernacular,” a scríobh sé.

Dúirt Liam Mac Mathúna le Tuairisc.ie go bhfuil na litreacha nua-aimsithe seo thar a bheith tábhachtach dár dtuiscint ar an gcaidreamh a bhí ann idir na daoine a bhrúigh gluaiseacht na Gaeilge chun cinn ag tús na hathbheochana agus gur léiriú an-chruinn í litir phearsanta duine agus nach féidir í a shárú maidir le léargas a fháil ar an gcineál duine a bhí ann.

Tá anailís le déanamh ar an 20 litir atá sa bhailiúchán nua chomh maith leis na cáipéisí eile sula gcuirfear i dtaisce iad faoin teideal ‘Bailiúchán Bertie Troy’ i gCartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

– Tá Maitiú Ó Coimín ina eagarthóir ar an iris NÓS

Fág freagra ar '‘I Will Not Allow Any Man Living to Touch My Spelling!’ – léargas nua ar aighneas idir beirt de mhórphearsana stair na Gaeilge'

  • leitheoir

    Bhi miotal san Athair Peadar! Ach theadh se thar foir leis. Cinsireacht a dheanamh ar an bhfocal ‘diabhal’!!!