I m’iománaí ar an gclaí a chaithim an chuid is mó de mo shaol anois

Thuigfeá an imní a bhí orm ar dtús nuair a chuala mé go raibh ‘blitz’ pleanáilte don deireadh seachtaine 

I m’iománaí ar an gclaí a chaithim an chuid is mó de mo shaol anois

‘Ní bheidh tú i d’iománaí ar an gclaí níos mó,’ a dúirt m’athair linn nuair a phós muid, ‘beidh sibh ag bualadh faoi chluiche an tsaoil’.

Ní fhéadfadh sé fios a bheith aige an uair sin go mbeinn ag caitheamh an chuid is mó de mo shaol ar an gclaí na laethanta seo. Bhuel, ar thaobh na páirce, ag breathnú ar spóirt na ngasúr. An bhféadfaidh tú a rá go bhfuil tú ag bualadh faoi chluiche an tsaoil má tá tú suite ar do thóin ag breathnú ar dhaoine eile ar pháirc an imeartha?

Cé nach mbím ag imirt, an t-aon mholadh a thabharfainn dom féin mar iománaí ar an gclaí, ná nach gcloisfidh tú aon cháineadh uaim. Ní fhaighim locht ar aon duine atá sásta dul san imirt.

Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá duine ar bith a ghabhfaidh amach ar an bpáirc le moladh, fiú más ag luascadh an chamáin san aer ar nós bata samúraí atá tú nó ag déanamh cleas an rotha sa líne lánchúil.

An uair dheireanach ar imir mé aon chineál spóirt ná sa mheánscoil tráth ar chuir an cóitseálaí cispheile ina luí orm gur cheart dom é a imirt. Ní ag caitheamh anuas orm féin atá mé, ach déarfainn go raibh baint aige le ganntan imreoirí seachas aon bhua cispheile a chonaic sé ionam.

Caithfidh mé é a mholadh an fear bocht, rinne sé a dhícheall mé a thabhairt ar aghaidh ainneoin mo chuid laigeachtaí. Cuimhním go minic air nuair a fheicim na cóitseálaithe a bhíonn ag cóitseáil go deonach agus iad ina suí maidineacha luath, sa mbáisteach go minic, ag spreagadh na n-imreoirí óga ar aghaidh.

D’éirigh réasúnta maith linn sa gcispheil, más buan mo chuimhne, cé nach raibh aon bhaint lárnach (ná imeallach) agamsa leis. Más fíor an tuairisc a léigh mé sa tsean-iris scoile ar tháinig mé trasna uirthi le deireanas, chuaigh muid chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann bliain amháin.

Sular thosaigh na gasúir ag imirt spóirt ní raibh an focal ‘blitz’ cloiste agam ach amháin i gcás ionradh na Gearmáine ar an Eoraip ag tús an dara cogadh domhanda.

Thuigfeá an imní a bhí orm ar dtús nuair a chuala mé go raibh ‘blitz’ pleanáilte don deireadh seachtaine.

Ní raibh aon chall imní agam.

Fuair mé amach ina dhiaidh sin nach bhfuil sa mblitz ach sraith cluichí gearra le foirne beaga in aghaidh club eile a thagann ar cuairt. Ionradh na gcailíní faoi 10 ar an bpáirc a bhí ann. Na céadta acu, na mílte, b’fhéidir. Cé a bheadh in ann iad a chomhaireamh? Seans gur chóir dom imní a bheith orm, nuair a chuimhním air.

D’aimsigh mé spota deas ar thaobh na páirce agus shocraigh mé suas mo champa. Níl sé chomh héasca is a cheapfá, an iománaíocht seo ar an gclaí. Caithfidh tú áit dheas chompordach a fháil is do chuid balcaisí uilig a thabhairt leat a choinneoidh ag imeacht thú ar feadh an lae.

Thosaigh an Cailín Mór Beag ag déanamh ar an bpáirc, ‘slán Mamaí,’ a deir sí. ‘Slán,’ a deir mé is mé ag socrú síos don iarnóin, ‘cuimhnigh, is é an bua an rud is tábhachtaí!’

‘Níl sé sin barrúil Mamaí,’ a dúirt sí. Ní hé sin an chéad uair.

D’imigh siad leo amach ar an bpáirc, an ghrian ag scaladh anuas go lonrach is an teas ag éirí den pháirc ina ró samh.

Bhreathnaigh mé ina diaidh, í féin agus a cara beag ag imeacht leo agus gliondar orthu. Ní fada nó go raibh siad imithe uaim, slogtha ag an slua, na buíonta cailíní óga agus iad amuigh ar pháirc an imeartha.

Fág freagra ar 'I m’iománaí ar an gclaí a chaithim an chuid is mó de mo shaol anois'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Sárscríbhneoireacht mar is nós – 7 sílim go bhfuil cineál cumhacht ann sa deireadh :-)