An té a léann cuid mhór téacsanna comhaimseartha, is doiligh dó gan iad a chur i gcomórtas le saothair ‘sean-Ghaeilge’ (macasamhail ‘An tOileánach’ atá i gceist agam, murab ionann agus ‘An Táin’). Cuid suntais cé chomh gonta is a bhí an Ghaeilge tráth agus cé chomh foclach, fadálach is atá sí inniu. Dá scríobhfaí an sean-nath ‘Drannadh madra nó gáire Sasanaigh,’ i bhfriotal na linne seo, is baolach gur ‘Tá cosúlachtaí áirithe idir drannadh madra agus gáire Sasanaigh’ a bheadh ann.
Dar ndóigh, is aistriúcháin atá i gcuid mhór dá gcuirtear i gcló inniu agus is annamh nach mbíonn ‘boilsciú’ áirithe le sonrú ar a leithéid. Bheadh na fataí nite, bruite agus ite ag Tomás Ó Criomhthainn fad is a bheadh an t-aistritheoir bocht ag rá ‘barr bia stáirsiúil a fhásann i dtalamh.’ Bíonn drogall ar an aistritheoir scrupallach an t-aicearra a ghabháil, ar fhaitíos an léitheoir a chur ar strae. Scríobhfaidh sé ainm duine nó eagraíochta fiche uair seachas giorrúchán nó forainm a úsáid. Is túisce a rachadh sé i muinín parafrása fada ná i muinín téarma nua, dá ghonta é. Anuas air sin, tá dúil chráite ag scríbhneoirí Gaeilge i bhfoirmlí cainte nach gcuireann puinn le brí na habairte. Féach, mar shampla, ‘a bhaineann’ sna habairtí thíos:
Ar mhaith leat eolas margaíochta a fháil faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí a bhaineann le huisce ó Uisce Éireann?
Tréimhse seacht mbliana a bhaineann leis an oifig.
Níl i gceist ansin agus ‘táirgí agus seirbhísí Uisce Éireann’ agus ‘tréimhse oifige seacht mbliana’. Ba mhaith leat fosta go mbeadh aistritheoirí rud beag níos dána, agus go n-aithneoidís na sleachta sin sa téacs Béarla nár mhiste iad a fhágáil ar lár. A leithéid seo:
To promote and to advance the arts.
Na healaíona a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh.
Is maith an té a mhíneodh an difear idir ‘cur chun cinn’ agus ‘cur chun tosaigh’. Shílfeá go ndéanfadh ceann amháin acu cúis in aimsir seo na gciorruithe.
Tionchar an Bhéarla a thugann orainn dornán focal a úsáid bíodh is gur focal amháin a bhí sa Ghaeilge riamh. Toisc ‘pedestrian footpath’ a bheith sa Bhéarla, caithfidh ‘cosán coisithe’ a bheith sa Ghaeilge, in ainneoin gur leor dúinn ‘cosán’. Toisc cineálacha éagsúla ‘area’ a bheith sa Bhéarla (‘subject area’, ‘grey area’ etc.), scríobhtar ‘ceantar geografach’ sa Ghaeilge, bíodh is gur téarma geografaíochta a bhí i ‘ceantar’ an chéad lá riamh.
Ach fágfaidh mé faoi na léitheoirí tuilleadh samplaí a sholáthar – tá mise i ndiaidh dul thar an líon focal a leag an t-eagarthóir síos dom.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Eoghan ONeill
Tá an ceart agat i dtaobh an aistriúchán ón bhéarla oifigiúil. Go minic cuirtear focail isteach a fhuaimaíonn go brea ach dá mbeadh ort aistriuchán a dhéanamh orthu bheadh sé crua brí stuama a bhaint astu.