‘I fecked up’ – leithscéal gafa ag deirfiúr Boris Johnson as ráiteas ‘moronic’ a dhéanamh faoin nGaeilge

Mhol an t-iriseoir as Sasana Sky News as ‘clear English’ seachas ‘Gaelic’ a úsáid ina gcuid tuairisceoireachta faoin reifreann ar an Ochtú Leasú

‘I fecked up’ – leithscéal gafa ag deirfiúr Boris Johnson as ráiteas ‘moronic’ a dhéanamh faoin nGaeilge

Tá leithscéal gafa ag an iriseoir Rachel Johnson, deirfiúr an pholaiteora Boris Johnson, as ráiteas a rinne sí ag an deireadh seachtaine faoin nGaeilge agus reifreann an Ochtú Leasú.

Chuir an tvuít aisteach a sheol Johson amach Dé Sathairn, inar mhol sí iriseoirí Sky News as cloí leis an mBéarla seachas ‘Gaelic’, mearbhall ar mhórán.

Huge praise to @BethRigby and @KayBurley of @SkyNews who produced world class award winning reporting every step of the way of this powerful and moving and divisive story – and also helped comprehension (in mainland UK) by speaking in clear English not Gaelic throughout

Ghabh Johnson leithscéal aréir faoina ráiteas.

Shoiléirigh Johnson ina dhiaidh sin go raibh sí ag gabháil leithscéil chomh maith faoin gcuid sin den tvuít inar thagair sí do ‘mainland UK’.

Mhol roinnt mhaith daoine ar Twitter Johnson as leithscéal a ghabháil agus mhol duine di ballraíocht a thógáil amach i gConradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘I fecked up’ – leithscéal gafa ag deirfiúr Boris Johnson as ráiteas ‘moronic’ a dhéanamh faoin nGaeilge'

  • Liam Mac Lochlainn

    An rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint as an fheoil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní thuigim cén fáth an ‘fuss’. Tá lucht na Gaeilge i bhfad ró leochaileach.