Bhí mé ag codladh ‘i gceart’ le deireanas, ocht n-uaire an chloig d’aon iarraidh amháin, díreach mar a mholann na téacsleabhair.
Ach inniu, gan aon chúis ar leith, dhúisigh mé ag a trí a chlog ar maidin.
Roimhe seo, d’fhanfainn sa leaba, ag tiontú ó thaobh go taobh, ag súil go dtitfeadh mo néal orm arís, agus mura dtitfeadh, bheinn do mo bhuaireamh féin faoin dochar a dhéanfadh an neamhchodladh do mo shláinte, agus faoi mhíle rud eile.
Céasadh ceart.
Ach inniu d’éirigh mé, rinne iontas den ghealach a bhí i gcúinne den spéir nach bhfeicim ann í go hiondúil, agus thosaigh ag obair, gan a bheith ag tabhairt amach dom féin faoi oíche ‘chaillte’.
Is é an chaoi go léiríonn taighde gurbh fhéidir nach bhfuil na n-ocht n-uaire an chloig sin a deir na gúrúithe agus na haipeanna codlata a theastaíonn uainn (is fiú 563 bhilliún euro sa bhliain an tionscal codlata) riachtanach – d’aon iarraidh amháin, pé scéal é.
Léiríonn taighde a d’fhoilsigh Roger Ekirch, Ollamh le Stair ag Virginia Tech sna Stáit Aontaithe, le gairid gur gnáthnós a bhíodh sa ‘chodladh deighilte’, nó an ‘codladh déphasach’, i gcuid mhór den domhan – an domhan iartharach san áireamh – go dtí gur thosaigh an réabhlóid thionsclaíoch, nuair a shocraigh úinéirí na monarchana gurbh fhearr nach mbeadh ar na hoibrithe dreas codlata a dhéanamh i lár an lae.
Go dtí le fíorghairid, i bhfad tar éis don chuid eile den domhan éirí as an nós sin, bhíodh siesta ag muintir na Spáinne, agus go dtí an lá inniu ann, is é an codladh déphasach – roinnte ina dhá chuid – a chleachtann go leor pobal bundúchasach.
De réir foinsí stairiúla, mheas manaigh agus seamain araon gur am den scoth iad na huaireanta ciúine, fuara sin roimh éirí na gréine chun dianmhachnamh a dhéanamh, chun díriú ar an spioradáltacht nó teagmháil a dhéanamh leis an saol eile, agus léiríonn taithí go leor ealaíontóirí go mbíonn borradh ar leith faoin gcruthaitheacht i lár na hoíche.
Fiche chun a cúig atá sé anois; tá coileach na gcomharsan tar éis a chéad ghairm a chur as agus tá an colún seo nach mór scríofa, rud a chiallaíonn go bhfuil sé in am dom babhla bracháin a dhéanamh, a bheith ag spraoi leis an gcat ar feadh tamaill agus ansin díriú ar an obair scríbhneoireachta eile atá romham inniu.
An t-aon rud amháin ná nár chóir dom dearmad a dhéanamh ar ball dreas codlata a dhéanamh tar éis am lóin, ‘dara codladh’ an lae. Rud amháin is ea an codladh déphasach, rud eile ar fad an easpa codlata.
alan titley
ceap scéalta/filíocht agus tú id dhúiseacht i ndoircheacht na hoíche. Sin an réiteach agus an toradh….