‘I am simply going to call her the Minister for the And Gaeltacht’ – iontas ar líne faoi chúraimí uile Catherine Martin

Údar iontais, grinn agus imní do dhaoine an roinn is faide ainm agus is mó cúraimí sa Rialtas nua

‘I am simply going to call her the Minister for the And Gaeltacht’ – iontas ar líne faoi chúraimí uile Catherine Martin

Agus airí an chomhrialtais nua fógartha ag an deireadh seachtaine, fágadh cúram na Gaeltachta ar roinn nua leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin.

Ach ní hé an t-aon chúram atá ar an roinn sin ná baol air.

Níl seacht gcúraimí an tsléibhe ar Catherine Martin ach níl sí i bhfad uaidh ach oiread agus sé chúram ar fad ar a roinn.

Beidh leascheannaire an Chomhaontais Ghalais, a bhfuil Gaeilge aici, i gceannas ar an roinn is faide ainm agus is mó cúraimí sa rialtas nua, agus i stair an Stáit b’fhéidir – An Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta.

Bhí go leor plé ar na meáin shóisialta cheana féin faoi na cúraimí uile atá leagtha ar roinn nua agus é ina údar grinn ag go leor daoine. Ba údar greann dóite a bhí ann i gcás go leor de Ghaeil Twitter. Bhí go leor den tuairim go raibh an chuma ar an scéal gur caitheadh isteach sa Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta aon rud a bhí ‘fágtha thart’ nuair a bhí dáileadh déanta ar na cúraimí ar síleadh tábhacht a bheith leo.

An Roinn ‘whatever you’re having yourself when the pubs open on Monday’ a thug an Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath ar an roinn nua agus é ag caint sa Dáil.

Dúirt Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh Martin anois ina “Minister for Normal People and Senior Hurling’ agus í freagrach do na meáin agus cúrsaí spóirt.

Mar mhagadh chum daoine ainmneacha níos faide fós don roinn nua.

Gníomh ar mhaithe leis an gcomhionannas inscne a bhí i mbunú na roinne, a dúirt duine eile agus a theanga ina leathbhéal aige.

Dar le comhfhreagraí polaitíochta amháin gurb amhlaidh go raibh an chreach bainte ag Catherine Martin de bheirt eile ina dáilcheantar.

Chuir pobal na Gaeilge ar líne fáilte roimh cheapachán Martin, a bhfuil glactha aici leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, ach léiríodh imní an mbeadh seans aici dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann agus an oiread sin cúraimí eile uirthi.

Dream amháin nach raibh iontach sásta le fógairt na roinne nua ná lucht na meán Gaeilge, a mbeidh lán a mbéil acu leis an Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta.

Bhí daoine eile den tuairim go ndéanfaí neamhaird iomlán ar an nGaeltacht agus iarracht á dhéanamh ainm na ranna a ghiorrú.

Rinne an scríbhneoir Shane Hegarty iarracht údar gáire a bhaint as na cúraimí uile a bhaineann leis an roinn nua agus cé gur éirigh leis “spicebags”, “memes”, agus “table quizzes” a chaitheamh isteach faoi chúram an Aire Martin, rinne sé féin dearmad ar an nGaeltacht a lua.

Fág freagra ar '‘I am simply going to call her the Minister for the And Gaeltacht’ – iontas ar líne faoi chúraimí uile Catherine Martin'

  • Seán de Boltúin

    Leaids, tá dul amú ar fad oraibh faoin scéal. D’inis Fear A Bhí Sa tSeomra dom go díscréideach ina dhiaidh sin gurb é an chúis a bhfuil ‘Gaeltacht’ ann in aon chor nó de bharr go raibh geall idir Micheál Ó Máirtín agus Colin Farrell go ndéarfaí an focal ‘Gaeltacht’ in óráid éigin an lá sin agus go bhfuil €50 breise sa chiste ag FF dá bharr.

  • Pádaí Rua

    Bean i mbun iltascála!

  • Seán

    Gaeltacht Tourism SCAM (Spórt, Culture, Arts & Media)