‘I am ashamed’ – náire ar Ó Cuív faoi urlabhraí de chuid FF a rinne beag is fiú d’fheachtas fhear Gaeltachta

Tá aighneas i bhFianna Fáil faoi fheachtas Chiaráin Uí Chofaigh ar son an tsíneadh fada agus é ráite ag iar-aire Gaeltachta go bhfuil 'náire' air faoi tvuít ó urlabhraí de chuid an pháirtí

‘I am ashamed’ –  náire ar Ó Cuív faoi urlabhraí de chuid FF a rinne beag is fiú d’fheachtas fhear Gaeltachta

Tá ráite ag an Teachta Dála aitheanta de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil “náire” air faoi tvuít a chuir duine dá chomhghleacaithe amach ag caitheamh anuas ar fhear Gaeltachta atá ag éileamh go litreodh an Stát a ainm i gceart.

Bhí Ó Cuív ag tagairt do tvuít ó Timmy Dooley, urlabhraí cumarsáide agus comhshaoil Fhianna Fáil, inar dhein an Teachta Dála as contae an Chláir beag is fiú den léiritheoir teilifíse agus feachtasóir, Ciarán Ó Cofaigh.

Agallamh a rinne Ó Cofaigh ar an gclár Today With Seán Ó Rourke faoina fheachtas ar son an tsíneadh fada agus dearcadh an HSE ina leith a spreag tvuít Dooley agus freagra Uí Chuív.

Dúirt Ó Cuív ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné go raibh an méid a dúirt Dooley “as bealach”. 

Ach chuaigh an t-iar-aire Gaeltachta níos faide ná sin fiú ar Twitter níos déanaí nuair a dúirt sé go raibh náire air go mbeadh a leithéid de dhearcadh ag duine atá ar bhinse tosaigh a pháirtí.

Níorbh é Ó Cuív an t-aon duine de phiardaí móra Fhianna Fáil a thug suntas do tvuít Dooley agus dúirt an t-iarchoimisinéir Eorpach as Gaeltacht Chonamara Máire Geoghegan Quinn leis nárbh ionann a dhearcadh agus polasaí Fhianna Fáil.

Chuir daoine eile ar a shúile don Teachta Dála as contae an Chláir go raibh tábhacht leis an síneadh fada in ainm a pháirtí féin.

Tuairiscíodh an tseachtain seo gur chinn oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE.  Cé gur údar díomá dó toradh an fhiosrúcháin, deir Ó Cofaigh go bhfuil sé chun leanúint ag troid ar son an tsíneadh fada.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Bhain cás Uí Chofaigh i gcoinne an HSE le tréimhse a chaith sé ag fáil radaiteiripe d’ailse phróstataigh.

Dúirt sé go mbeadh deireadh go luath lena chúrsa radaiteiripe agus go raibh sé ag súil le dea-scéala roimh dheireadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘I am ashamed’ – náire ar Ó Cuív faoi urlabhraí de chuid FF a rinne beag is fiú d’fheachtas fhear Gaeltachta'

  • Fear gan Síneadh

    Ba cheart Dooley a bhodhrú agus a náiriú le glaochanna agus ríomhphoist.
    Mór an náire dó é. Seasaimis le Ciarán!

  • Pól Ó Braoin

    Chuir sé ionadh an tsaoil orm nuair a “chinn oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár”. Níl ciall ná réasún lena leithéid de chinneadh a dhéanann cúis gháire uilig dár dteanga dhúchais os comhair mhuintir na hEorpa tar éis dúinn stádas teanga oifigiúla agus chuile shórt eile a bhaint amach don Ghaeilge. Maidir leis an uasal Timmy Dooley… “as bealach”… caithfidh mé a rá.

  • Traolach Ó Murchú

    Cad é tuairim Pháirtí Fhianna Fáil mar gheall ar an gceist seo?
    Ós rud é go bhfuil dhá thuairm éagsúil léirithe san meáin, ba chóir do Mhícheál Martin tuairim Fhianna Fáil i leith na ceiste seo a shoiléiriú.

  • Seán Ó Murchú

    Aontaím ar fad le hEamonn Ó Cuív agus MGC. Is duine cróga é Ciarán Ó Cofaigh. Tá an síneadh fada tábhacht. Is ball de Fhianna Fáil mé agus tá náire orm fén dearcadh frith ghaelach atá ag baill áirithe den mbinse tosaigh. An Síneadh Fada abú

  • Éamonn Ó Gribín

    Fianna Fail OK!

  • Liam Ó Mathghamhna

    Aontaím 100% le Éamon Ó Cuív.

  • Béarla,teanga an Stáit

    @Cuív Éamonn Ó
    Corú agus Rialacha Fhianna Fáil
    Cuspóir 2
    “An Ghaeilge a athbhunú mar ghnáthurlabhra na ndaoine”
    Agus ní an aidhm leamh patfhuar seo
    “One if whose (FF) aims is to promote the use of the Irish language”

    Seans go bhfuil go leor de gnáthbhaill Pháirtí Fianna Fáil comh aineolach céanna.
    Ní chuirfeadh ball de SF, Páirtí Glas, Pobal,roim Bhrabúis, Páirtí Sóisialach tvuít maslach mar sin amach.