‘An lá is déine ionsaithe fós againn ar an Iaráin’ – Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe

Ní cosúil go bhfuil aon deireadh ag teacht leis an gcogadh atá tar éis os cionn 1,800 duine a chur den saol

‘An lá is déine ionsaithe fós againn ar an Iaráin’ – Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe

Bhagair Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, go mbeadh an lá inniu ar an “lá is déine” d’ionsaithe Mheiriceá ar an Iaráin ó tosaíodh an cogadh seo.

Bhí an chuma ar chaint an Uachtaráin Trump inné go dtiocfadh deireadh leis an gcogadh “go fíorghairid”.

Ach ní dóigh go bhfuil aon deireadh ag teacht leis an gcogadh seo atá tar éis os cionn 1,800 duine a chur den saol agus cur as go dona do mhargaí fuinnimh an domhain.

Ina bhfreagra ar ráitis Mheiriceá dúirt údaráis na hIaráine nach raibh rún ar bith acusan deireadh a chur leis an gcogadh.

D’fhógair arm Iosrael go raibh siad le maidhm eile ionsaithe a dhéanamh ar Tehran.

Mhaígh Hegseth go raibh na Stáit Aontaithe “ag bascadh an namhad”.

“Déanaimid sin nuair a oireann dúinne agus nuair is mian linne,” a dúirt an Rúnaí Cosanta.

“Arís inniu, beidh an lá is déine ionsaithe fós againn ar an Iaráin. Beidh an líon is mó trodairí, an líon is mó buamálaithe agus an líon is mó ionsaithe ann. Beidh an fhaisnéis níos beaichte agus níos fearr ná a bhí riamh.”

Dúirt Hegseth nach raibh aon athrú ar an aidhm a bhí lena gcogadh ar a dtugann siadsan, Operation Epic Fury, is é sin stóras diúracán, cabhlach agus infreastruchtúr cosanta na hIaráine a scrios agus airm núicléacha a choinneáil uathu go deo.

D’áitigh Hegseth nach sampla eile a bhí sa gcogadh seo den “tógáil náisiúin shíoraí” a bhíodh ar bun ag na hUachtaráin George W Bush and Barack Obama.

“Coinníonn muidne ár súil ar an sprioc,” a dúirt Hegseth.

Dúirt Hegseth freisin go mba chiallmhar an mhaise do Phríomhcheannaire nua na hIaráine “aird a thabhairt ar chaint an Uachtaráin agus gan drannadh le hairm núicléacha”. Bhagair Uachtarán na Stát Aontaithe gur “bás, tine agus buile” a d’ídeodh sé ar an Iaráin má choinníonn sí uirthi ag cosc easpórtálacha trí Chaolas Hormuz.

Rinne sé an bhagairt sin cúpla uair an chloig tar éis dó a rá go raibh an cogadh “i bhfad chun cinn ar an sceideal” agus go raibh sé “curtha i gcrích, cuid mhaith”.

De réir meastacháin ó údaráis na hIaráine, tá thart ar 1,300 duine maraithe ag ionsaithe na Stát Aontaithe agus Iosrael. Tá ar a laghad 30 duine maraithe ar fud an Mheánoirthir in ionsaithe a rinne an Iaráin. Tá beagnach 500 duine maraithe sa Liobáin ag ionsaithe Iosrael ansin agus breis is 600,000 duine díbeartha as a dtithe, a deir an tUachtarán Joseph Aoun.

Cáinteach go maith a bhí aire gnóthaí eachtracha na hIaráine faoi Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

Bhí sé ráite ag von der Leyen go raibh “saoirse, dínit agus an ceart a dtodhchaí féin a roghnú tuillte ag pobal na hIaráine” ach rinne an t-urlabhraí beag is fiú dá cuid cainte, ag rá “fág uainn an fhimíneacht”.

“Cén fáth nár dhúirt tú faic nuair a díríodh na hionsaithe le teann mailíse ar ospidéil, láithreáin stairiúla, saoráidí ola, ceanncheathrúna póilíní taidhleoireachta, stáisiúin dóiteáin, agus ceantair chónaithe,” an cheist a bhí ag Esmaeil Baqaei di.

“Is ionann ciúnas tráth a mbíonn an t-aindlí agus an t-uafás i réim agus comhpháirteachas.”

Fág freagra ar '‘An lá is déine ionsaithe fós againn ar an Iaráin’ – Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe'