Horace Plunkett agus beoir in aisce ag coinneáil na dtithe tábhairne tuaithe beo i Sasana!

Tá an lagachan ar sheirbhísí agus áiseanna tuaithe – an Teach Tábhairne ina measc – i measc na gceisteanna atá faoi chaibidil sna cainteanna faoi bhunú Rialtais anseo in Éirinn. Tá tuairisc anseo faoin leigheas atá acu ar an bhfadhb chéanna i roinnt ceantar tuaithe i Sasana

Horrace Plunkett

Beoir in aisce má bhíonn brabús bliantúil ag an teach tábhairne!  Sin é an socrú atá acu san Old Crown i mbaile Heskett Newmarket i gceantar na Loch i Cumbria i Sasana.  Tugtar dearbhán do na scairshealbhóirí le haghaidh na beorach, sin nó suim bheag airgid ina leaba sin, má shaothraíonn an Old Crown airgead in imeacht na bliana. Tógann cuid mhaith acu na dearbháin, a deir an bainisteoir.

Ní gnáth-theach ósta é an Old Crown ó thaobh úinéireachta de – teach ósta é atá faoi stiúir comharchumann pobail. Nuair a tháinig ann don Old Crown sa mbliain 2003 ba é an chéad teach ósta a bunaíodh faoi úinéireacht comharchumann pobail i Sasana. 

Bhí cúrsaí gaibhte i léig ann roimhe sin agus socraíodh go dtabharfadh an pobal féin faoi.  Cheannaigh 300 duine scaireanna ann agus thug an Plunkett Foundation sa mBreatain cúnamh dóibh.  Teach tábhairne nua é an Old Crown ó shin agus an pobal tuaithe sin thar a bheith sásta go bhfuil sé coinnithe beo agus bríomhar.

Tá an Old Crown ar cheann de chúpla scór teach tábhairne atá ag feidhmiú faoi úinéireacht comharchumainn phobail i Sasana anois agus tá iarrachtaí ar bun i gceithre scór ceantar eile tuaithe le comharchumann tithe tábhairne den sórt seo a bhunú.  An mhí seo, d’fhógair, Marcus Jones, Aire na dTithe Tábhairne i Westminster, go mbeadh £3.6 milliún ar fáil mar thacaíocht do na dreamanna seo atá ag iarraidh na doirse a choinneáil oscailte sna tithe tábhairne tuaithe. 

Go deimhin, tá sé ráite go poiblí ag an bPríomh-Aire, David Cameron go bhfuil an-mheas aige féin ar na hiarrachtaí seo agus go gcreideann sé gur cuid de chroí na tuaithe sa mBreatain iad na tithe tábhairne.

Spéisiúil go leor, ’sé an Plunkett Foundation i Sasana atá i gceannas ar na hiarrachtaí seo.  Bhunaigh Horace Plunkett an fhondúireacht seo i 1919 ar mhaithe le cosaint agus cur chun cinn na tuaithe sa agus tá sé múnlaithe ar an obair a rinne sé in Éirinn.   

“Thug an eagraíocht seo a cuid prionsabal agus a cuid gníomhaíochta ón múnla a leag Sir Horace Plunkett síos in Éirinn,” a deir Peter Couchman, ball sinsearach d’fhoireann an Plunkett Foundation ina gceanncheathrú i mbaile tuaithe Woodstock in Oxford.

Le blianta beaga anuas is mó a tháinig borradh faoi na hiarrachtaí le tithe tábhairne tuaithe a choinneáil beo.  Tá na comhlachtaí ar leo tithe tábhairne sa mBreatain ag iarraidh cuid mhaith acu a dhíol agus tá sé ina imní go bhfágfaí ceantair tuaithe gan áiseanna sóisialta. 

Sin é an baol a bhí i sráidbhaile Toppesfield i dtuaisceart Essex. 

Bhí comhlacht an Green Admiral ag díol an tí tábhairne ansin, ach tháinig coiste áitiúil le chéile agus fuarthas €150,000 idir scaireanna agus bailiúchán airgid.  Fuaireadar morgáiste agus, lena chois sin, síntiús láidir ó dhuine as an gceantar agus ceannaíodh an foirgneamh.  Tugadh amach ar cíos é agus tá sé ag obair leis.  Déanann daoine sa gceantar go leor oibre ar bhonn deonach ag coinneáil cóir cheart ar an bhfoirgneamh agus timpeall air.

Tuairim is 550 duine atá sa sráidbhaile.

Cuideoidh an beart atá déanta ag Aire na dTithe Tábhairne le dreamanna atá ag iarraidh tithe tábhairne tuaithe a choinneáil, a deir Peter Couchman ón Plunkett Foundation in Oxford.  Tá an fhondúireacht in ann deontais a chur ar fáil le haghaidh staidéar gnó, comhairle gnó, comhairle dlí agus dualgais eile a bhaineann le fiontair mar seo.  Ach an dteastaíonn daonra réasúnta láidir mar bhunchloch?

“Níl riail ar bith againn faoi bhunfhigiúr daonra,” a deir Couchman.  “Is dóigh go bhfuil deis gnó níos fearr ann má tá an daonra láidir.  Ach sí an tslat tomhais uilig ná go bhfuil croí agus anam an choiste agus an phobail san iarracht.”

Cuireann an Plunkett Foundation béim freisin ar áiseanna agus ar imeachtaí pobail i bhfoirgneamh an tí tábhairne. 

Mar shampla, tá teach an phoist agus caifé comhluadair suite san Anglers Rest i sráidbhaile Bamford i Derbyshire.  Bhí an teach tábhairne sin imithe freisin murach gur bunaíodh comharchumann pobail trí bliana ó shin.  Thacaigh an Plunkett Foundation go láidir leis an iarracht.

“Tá chuile cheann den 40 teach tábhairne pobail ag coinneáil ag imeacht agus sin teist mhaith ar na hiarrachtaí seo.  Tá muid ag súil go mbeidh 80 ósta eile sa réimse céanna as seo go ceann dhá bhliain ó tharla tacaíocht an Rialtais a bheith tugtha anois,” a deir Peter Couchman in Oxford. 

Creideann Couchman go bhfuil seirbhísí faoi bhrú i bpobail tuaithe go leor ar fud an domhain ach níl aon tuairisc aige ar chóras comharchumann tithe tábhairne ach i Sasana – sin cé is moite de chúpla ceann sna Stáit Aontaithe.

An bhfeicfear tithe tábhairne pobail in Éirinn?  “Tá eolas maith go leor agam ar Éirinn agus tugaim faoi deara go bhfuil lagachan i gceantair tuaithe.  D’fhéadfadh sé go líonfadh córas na dtithe tábhairne pobail bearna; ina dhiaidh sin féin, is in Éirinn a rinne Horace Plunkett an chuid ba mhó dá ghníomhaíocht,” a deir Peter Couchmanagus.

Fág freagra ar 'Horace Plunkett agus beoir in aisce ag coinneáil na dtithe tábhairne tuaithe beo i Sasana!'