‘Holy sh*t! It’s definitely time to start watching the weather forecast on TG4!’ – lucht féachana Tommy Tiernan meallta go mór ag láithreoirí aimsire

Más aon tuar a raibh le rá ag lucht Twitter faoin mír ar The Tommy Tiernan Show aréir le láithreoirí aimsire TG4, tiocfaidh borradh faoi lucht féachana TG4 sna laethanta amach romhainn

‘Holy sh*t! It’s definitely time to start watching the weather forecast on TG4!’ – lucht féachana Tommy Tiernan meallta go mór ag láithreoirí aimsire

D’ardaigh an teas ar The Tommy Tiernan Show ar RTÉ aréir nuair a chuir an fear grinn láithreoirí aimsire TG4 faoi agallamh. Bhain Tiernan an-sult as canúintí saibhre an triúir – Fíona Ní Fhlaithearta, Caitlín Nic Aoidh agus Irial Ó Ceallaigh – ach ba léir gurb í Gaeilge Dhún na nGall an chanúint is ansa leis. Ní raibh le rá ag Tiernan faoi chanúint Chaitlín Nic Aoidh ach, ‘Jaysus, lads!’.

Ní hé Tiernan an t-aon duine a bhí tógtha leis an triúr láithreoirí aimsire, a suairceas agus saibhreas a gcuid Gaeilge, agus más aon tuar a raibh le rá ag lucht Twitter faoi na láithreoirí tiocfaidh borradh faoi lucht féachana TG4 de thoradh an agallaimh a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine.

Ach seans gur chailín beag i gConamara a thug an chraobh léi lena ceist faoin glcár…

Fág freagra ar '‘Holy sh*t! It’s definitely time to start watching the weather forecast on TG4!’ – lucht féachana Tommy Tiernan meallta go mór ag láithreoirí aimsire'