‘Hip-hop gold as Gaeilge’ – ardmholadh faighte ag Kneecap

Deirtear ar shuíomh aitheanta ceoil go bhfuil saothar nua an ghrúpa rap as Béal Feirste ar cheann de na saothair is suaithinsí a eisíodh in Éirinn i mbliana

‘Hip-hop gold as Gaeilge’ – ardmholadh faighte ag Kneecap

Tá ardmholadh faighte ag ceoltóirí rap Gaeilge as Béal Feirste ón suíomh aitheanta ceoil Nialler9.com.

‘Hip-hop gold as Gaeilge’ an ceannteideal atá ar an léirmheas faoi 3CAG, téip mheasctha Kneecap a tháinig amach le déanaí. 

Deirtear sa léirmheas gur éirigh le Kneecap an Ghaeilge a nascadh “with a killer flow and a wry sense of humour to produce one of the most unique domestic releases of the year”.

Dearcadh uirbeach na n-óg as Béal Feirste a léirítear sna hocht n-amhrán atá le cloisteáil ar 3CAG, a deirtear sa léirmheas, “with a few laughs thrown in for good measure”.

Deir an léirmheastóir go bhféadfadh go mbeadh amhras ar dhaoine faoin rap as Gaeilge ach go mbeadh dul amú ar na daoine sin.

“Those who may be sceptical at first will be quickly won over by the high production quality and lyrical skill on show throughout the release,” a deirtear ar Nialler9.com.

Triúr atá anois i Kneecap ó thug Mo Chara agus Móglaí Bap isteach sa bhanna DJ Provaí.

Bhí an grúpa rap i mbun ceoil ag Féile na Gealaí agus Body and Soul ar na mallaibh.

Fág freagra ar '‘Hip-hop gold as Gaeilge’ – ardmholadh faighte ag Kneecap'