Henderson a bheith roghnaithe an t-aon athrú ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór

Má éiríonn le foireann na hÉireann an bua a fháil i Twickenham Dé Sathairn, beidh gach cluiche sa chomórtas buaite acu, rud nach bhfuil déanta acu ach faoi dhó roimhe seo

Henderson a bheith roghnaithe an t-aon athrú ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór

Tá Iain Henderson roghnaithe in áit Devin Toner ag Joe Schmidt agus sin an t-aon athrú amháin atá déanta ag bainisteoir rugbaí na hÉireann ar an bhfoireann do chluiche mór an tSathairn in aghaidh Shasana.

Bhain gortú do Henderson in aghaidh na Breataine Bige agus fágadh ar an mbinse é do chluiche na seachtaine seo caite in aghaidh na hAlban, ach chinn Schmidt fear Uladh a thabhairt isteach ón tús in aghaidh Shasana.

Is é sin an t-aon athrú amháin atá déanta ar an bhfoireann agus níl aon athrú déanta aige i measc na n-ionadaithe ach oiread. Is cosúil go bhfuil an bainisteoir sásta go maith leis an méid a chonaic sé nuair a bhuaigh a fhoireann in aghaidh na hAlban.

Ní raibh Peter O’Mahony nó Rob Kearney in ann páirt a ghlacadh i seisiún traenála an lae inné ach meastar go mbeidh siad togha don chluiche ar an Satharn.

Cé gur gortaíodh Cian Healy in aghaidh na hAlban, agus gur thug Jack McGrath sárthaispeántas nuair a tháinig sé isteach ina áit, is cosúil go bhfuil Healy tagtha chuige féin agus é réidh le tosú arís.

Agus an chraobh buaite cheana féin ag na hÉireannaigh, bainfidh siad an ‘Grand Slam’, an ilchraobh, má éiríonn leo i Twickenham.

Cé nach féidir leo an chraobh a thabhairt leo, ní bheidh Sasanaigh ag luí ar na maidí ná baol air. Bhí foireann Eddie Jones ar tí gach cluiche i gcraobh na bliana seo caite nuair a fuair Éire an ceann is fearr orthu sa bhabhta deireanach agus is cinnte go mbeidh fonn díoltais orthu dá bharr.

Níor tharla sé ach faoi dhó roimhe seo gur éirigh le hÉirinn gach cluiche sa chraobh a bhuachan, i 1948 agus in 2009.

Foireann na hÉireann:

15. Rob Kearney

14. Keith Earls

13. Garry Ringrose

12. Bundee Aki

11. Jacob Stockdale

10. Johnny Sexton

9. Conor Murray

1. Cian Healy

2. Rory Best

3. Tadhg Furlong

4. James Ryan

5. Iain Henderson

6. Peter O’Mahony

7. Dan Leavy

8. CJ Stander

Fir ionaid:

16. Sean Cronin

17. Jack McGrath

18. Andrew Porter

19. Devin Toner

20. Jordi Murphy

21. Kieran Marmion

22. Joey Carbery

23. Jordan Larmour

Fág freagra ar 'Henderson a bheith roghnaithe an t-aon athrú ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór'