(Healy) Ré nua a d’fhéadfadh a bheith i bplean an Rialtais do thodhchaí na tuaithe

Measann ár gcolúnaí go bhféadfadh teaghlach aitheanta amháin ar a laghad tairbhe a bhaint as plean nua an rialtais do thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

(Healy) Ré nua a d’fhéadfadh a bheith i bplean an Rialtais do thodhchaí na tuaithe

Dé Luain a foilsíodh plean forbartha an Rialtais do cheantair thuaithe na tíre seo ach cáineadh an plean go géar cheal aon spriocdhátaí ná maoiniú a bheith luaite leis.

Bhí polaiteoirí eile a cheap gur seanscéal agus meirg air a bhí ag Heather Humphreys mar go raibh cuid mhór de na moltaí fógartha cheana.

Ach ritheann sé liomsa go bhfuil teaghlach polaitíochta amháin a d’fhéadfadh an deis a thapú chun a bpobal a athbheochan agus na giorriacha a dhíbirt ar ais sna bánta is dual dóibh.

D’fhéadfadh na Healy-Raes iarratas a chur chuig an IDA chun ‘Mol san Phub’ a chur ar siúl ina dteach tábhairne ar an bpríomhshráid i nGort na bPoll i gCill Gharbháin. Bheadh sé breá oiriúnach, páirceáil agus na seirbhísí go léir ar fáil ann, agus aer úr mar bharr air.

Tá seanteach tábhairne eile ag an Teachta i dTrá Lí a bheadh feiliúnach mar Mhol digiteach do na hoibrithe ó chian. Faoi phlean an Rialtais bunófar 400 de na moil sin faoin tuath agus beidh 20% d’oibrithe na seirbhíse poiblí ag obair ó chian faoi dheireadh na bliana seo.

D’fhéadfadh fiontraithe Chill Gharbháin iarratas eile a dhéanamh ar an Scéim Hacnaí Limistéir Áitiúil lánaimseartha a mbeidh fóirdheontas á chur ar fáil lena reáchtáil. Tá a leithéid fíor-riachtanach ó cuireadh cosc ar mhuintir na tuaithe tiomáint agus cúpla pionta ar bord acu.

Tabharfaidh an hacnaí na hoibrithe ó chian abhaile agus na seanleaideanna isteach san oíche. Cá bhfios nach mbeadh na státseirbhísigh ó chian seo in ann cuidiú leis na feirmeoirí a gcuid foirmeacha GLAS agus REPS a líonadh amach agus a sheoladh ar líne? Nár mhaith an smaoineamh Blind Date a rith sa mholphub san oíche?

Ní róshásta, b’fhéidir, a bheadh an Teachta Dála Michael Collins leis an gcaint san aer seo go léir faoin leathanbhanda. Nach bhfuil sé thar am cead oscailte a thabhairt do na gruaigeadóirí agus gan ribe gruaige fágtha ar a gceann ag pobal iarthar Chorcaí mar gheall ar an easnamh leathanbhanda sa gceantar, a deir seisean. Conas is féidir mol a oscailt in iarthar Chorcaí nuair nach féidir ticéad bus a cheannach ná bearradh gruaige a chur in áirithe cheal leathanbhanda?

Faoin Straitéis Náisiúnta Áineasa Lasmuigh d’fhéadfadh Muintir Healy-Rae turais ar muin capaill a fhorbairt i sléibhte na Ceachan agus Conair na bhFiann a fhorbairt mar áis eachtraíochta, treodóireachta agus siúlóide.

Níl aon dabht ach go mbeadh an-éileamh ar an gcaitheamh aimsire sláintiúil seo agus tá scileanna maithe poiblíochta acu.

Níl aon áit eile ar dhroim an domhain mhóir ar shiúil An Chailleach Bhéarra, Oisín agus Dónall Ó Conaill ann agus cá bhfaighfeá áit chomh breá le Bealach Scairte nó an Healy Pass? Ní dóigh gur gann atá buachaillí bó ach oiread.

Faoi phlean nua forbartha tuaithe an Rialtais seo tá sé i gceist ‘Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheacha’ a chur i bhfeidhm i ngach limistéar Údaráis Áitiúil, agus Laethanta Cultúir a eagrú chun ardán a thabhairt don oidhreacht áitiúil chultúir. Faoin scéim sin d’fhéadfadh na Healy-Raenna músaem a oscailt le hais mhúsaem na gcairteacha atá ar an mbaile cheana féin chun cultúr faoi leith na háite a mhíniú do na cuairteoirí agus do chleas Bhaile Átha Cliath a bhíonn ag magadh faoi ionadaithe Chill Gharbháin.

Is mór an chabhair a bheadh sa mhúsaem agus na laethanta brandála áitiúla do Healy-Rae eile a d’fhéadfadh monarcha caipíní a oscailt ar an láthair.

An t-athair a rinne feisteas cinn a bhí ag imeacht as faisean a athbheochan.

D’fhéadfaí ceachtanna a chur ar fáil sa mhúsaem chun na rúibricí a bhaineann le caitheamh an chaipín a mhíniú mar is iomaí léamh atá le déanamh ar fhear ón stuaic a bhíonn ar a chaipín i ndúchas Chiarraí agus ní maith í a bheith róphíceáilte.

An t-aon fhadhb a bhaineann le bheith i do thioncharóir sóisialta ná go mbíonn gach duine ag iarraidh caipín de do chuid a thabhairt leo mar a bhíodh daoine ag caitheamh a bhfobhrístí le Joe Dolan.

Ach le cuidiú ón scéim nua ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe’ bheadh neart caipíní ar fáil feasta do na fashionistas ar fad a bheidh ag obair ó chian sa Mhol sa Phub i gCill Gharbháin.

Nach bhfuil sé thar am ag cleas Bhaile Átha Cliath a gceart a thabhairt do mhuintir Chiarraí a thug misneach, peil agus ábhar litríochta don tír seo nuair a bhí an chuid eile den tír buailte go dona agus a gcaid amuigh acu á fhéachaint leis na comharsana?

D’fhéadfadh muintir Chill Gharbháin tús a chur leis an obair ar na tograí seo chomh luath agus a scaoilfear na srianta agus an ruóg ar sparán Heather Humphreys.

Ré nua a bheadh ann, go deimhin.

Fág freagra ar '(Healy) Ré nua a d’fhéadfadh a bheith i bplean an Rialtais do thodhchaí na tuaithe'

  • Pat Butler

    A Mháire, déan trócaire orainn.

    Ní bheidh ar mo chumas anois Caipíní Réanna na Ríochta Teo, ná Sparán Heather Humphreys, ná Ionad Mínithe Knickers Joe Dolan a chur as mo cheann in aon’ chur an tseachtain bheannaithe seo.

    A Mháire, bí ceansa agus éist liom.