go dtí seo
lá an-ghnóthach a bhí ann –
glasóg
so far
a helluva busy day –
wagtail
そこまでは
多忙な日なり
セキレイ氏
oop tae nou
it’s been a thrang day –
willie-wagtail
Haiku i nGaeilge agus i mBéarla le Gabriel Rosenstock agus é ag freagairt do shaothar an ealaíontóra Ohara Koson, Seapánach. Leagan Seapáinise le Mariko Sumikura (Kyoto) agus leagan Béarla na hAlban le John McDonald (Dún Éideann)
Proinsias Mac an Ghirr
Cabháinis
Soe farrh hei
Shiz bin a nojis mad dae –
Wee birdie
Séamus
is ag imeacht go haibí ar chuma na mbeach atháimid anois… níl puinn aga againn chun an dúlra agus mistéir na beatha a shú isteach. féach ealaín Ohara áfach chun an támhnéal modartha a scaoileadh! féach cé chomh glinn glé is athá sé. fiú an ealaín nádúir a bhíonn ages na Gaeil (ag cuíneamh ar Thoraigh, Jack Yeats, James Hubert Craig, Tomás Ó Cíobháin agus ar an mBlascaod anois dom) is minic an radharc á bualadh ag síon nú ag díriú ar an dtalamh nú ar ghnó éigin athá ar bun ages na daoine fhéin. ba mhó i bhfad a bhraithfeá an tírdhreach fhéin ná neacha beaga eile sna peictiúirí sin. ach leis an haiku agus le shin-hanga – éiríonn linn iompó sa rud athá á fheiscint. deintear beag domhan chun é a fhiscint trí shúile an chréatúir. ba dhóigh le duine go bhfuil símplíocht ag baint leis seo mar dháinín. Tá! ach má thá…. is trí líne é adeir go leor mar gheall ar an nádúr, an duine, roth mór an tsaoil agus chomh tábhachtach le rud eile – gnó laethúil éinín an tsagairt! bead ag faire amach dó anois.