Gunnaí móra, roicéid agus semtex – mheabhródh sé drochlaethanta na dtrioblóidí duit

Tá dúshlán mór roimh an tascfhórsa in aghaidh na coiriúlachta – mar a léirigh taispeántas airm agus armlóin an tseachtain seo

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Mheabhródh sé drochlaethanta na dtrioblóidí duit: gunnaí móra, roicéid, na céadta piléar, buama agus an t-ábhar pléascach semtex. Armlón scanrúil ab ea é, ar taispeáint ag na Gardaí, ábhar a gabhadh ó easaontóirí poblachtánacha le dhá bhliain anuas.

Ba í an tuiscint ba mhó a bhí le baint as an scéal ná gur mó de chumas atá sna heasaontóirí ionsaí a dhéanamh anois. Tá ag géarú ar an gcontúirt, dar leis na gardaí. Is olc an tuar do bhliain chomórtha 1916 é an scéal seo, agus dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána, John O’Mahony, go gcaithfí a bheith airdeallach ar fhaitíos foréigin i dtaca leis an gcomóradh.

Is fánach an áit a bhfaighfí údar trioblóide i dTuaisceart Éireann, mar atá a fhios ag an saol. Is léir ó bhaothchaint cheannaire an PUP, Billy Hutchinson faoin ‘baol foréigin’ a bheadh ann dá gcuirfí fáilte i Halla na Cathrach i mBéal Feirste roimh roinnt d’imreoirí sacair an deiscirt; gur furasta lasair a chur sa bharrach. Is léir freisin gur bhreá le heasaontóirí poblachtánacha na dílseoirí a ghríosadh chun foréigin, agus, i bhfianaise na trioblóide a tharraing comóradh an leathchéid ar an Éirí Amach i 1966, is gá do na Gardaí agus an PSNI a bheith ar an airdeall.

Thug na raidhfil AK47 agus roicéad nua-aoiseach, nár facthas a leithéid anseo cheana, chun cuimhne na lastais ón Libia a bhíodh ag an IRA Sealadach agus an t-armlón a bhíodh ag an Ulster Resistance, an grúpa dílseach a fuair arm agus armlón ón Aifric Theas sna hochtóidí. Ar ndóigh, mhaolaigh ar an gcontúirt ó easaontóirí nuair a ghabh na fórsaí slándála an t-ábhar a bhí ar taispeáint acu, ach tuigeann gach éinne nach raibh an t-iomlán faighte.

Chothaigh taispeántas na seachtaine seo scéin i measc an phobail, go háirithe mar nach bhfuil sna paraimíleataigh ach giota den fhadhb.

Cúis bhuartha sa bhreis é an ceangal a mhaítear atá idir an choiriúlacht eagraithe agus na heasaontóirí, agus é ráite go bhfuil na grúpaí paraimíleatacha ag fáil tacaíocht airgid ó choirpigh eile agus ag comhoibriú leo. Gnó é seo don tascfhórsa nua trasteorann a bunaíodh an mhí seo caite chun dul i ngleic le coiriúlacht agus ionsaithe sa dá dhlínse.

Tá an mheitheal ag dul i mbun oibre an mhí seo agus ionadaithe ann ón nGarda Síochána, an PSNI, na Coimisinéirí Ioncaim agus an HMRC (seirbhís chánach is chustaim na Ríochta Aontaithe).

D’eascair an mheitheal seo as an margadh polaitiúil a rinneadh idir an DUP, Sinn Féin agus na rialtais agus as an tuiscint choitianta go raibh leas á bhaint as an teorainn ag coirpigh, idir pharaimíleataigh, mhangairí drugaí, lucht smuigleála breosla agus dreamanna eile. Tá comhoibriú níos foirmeálta agus níos eagraithe i gceist idir na háisíneachtaí frithchoiriúla ná mar a bhí riamh cheana. Tá dóchas mór ag na rialtais go mbeifear in ann a dhul i ngleic le plá na coiriúlachta a bhfuil an oiread sin daoine agus maoine thíos leis le blianta anuas.

Obair dhúshlánach.

Fág freagra ar 'Gunnaí móra, roicéid agus semtex – mheabhródh sé drochlaethanta na dtrioblóidí duit'