Grúpa Gaeilge a phéinteáil ’35,000’ ar ‘aghaidh’ John Redmond ag Banc na hÉireann

Dúirt an grúpa Misneach gurb iad a scríobh i bpéint dhubh an figiúr ’35,000’ ar éadan Redmond san íomhá agus gur tagairt a bhí ann do líon na nÉireannach a ‘seoladh chun báis’ sa Chéad Chogadh Domhanda

misneach

Tá ráite ag an ngrúpa Gaeilge ‘Misneach’ gur bhaill dá gcuid a loit le péint an íomhá mhór chonspóideach de John Redmond ag Faiche an Choláiste i mBaile Átha Cliath.

Scríobhadh i bpéint dhubh aréir an figiúr ’35,000’ ar éadan Redmond san íomhá. I bpostáil ar na meáin shóisialta inniu, dúirt lucht Misneach gur léiriú an figiúr sin ar líon na nÉireannach a “seoladh chun báis” le linn an Chogaidh Mhóir. Mhol Redmond d’Éireannaigh dul chun troda ar thaobh na Breataine sa chogadh sin.

Bhain conspóid mhór le crochadh na n-íomhánna de phearsana stairiúla atá le feiceáil le cúpla seachtain anuas ar Bhanc na hÉireann. Ba iad Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chroch na híomhánna de Redmond, Henry Grattan, Daniel O’Connell agus Charles Stewart Parnell mar chuid de Chomóradh 1916.Faiche an cholaiste

Rinneadh cáineadh ar an taispeántas toisc gan aon bhaint dhíreach a bheith ag na daoine sin le hÉirí Amach na Cásca agus go háirithe toisc gur dhamnaigh Redmond an tÉirí Amach i ndiaidh na réabhlóide.

Dúirt urlabhraí ó Misneach go raibh an ceart ag an staraí Diarmuid Ferriter gur “unhistorical shite” a bhí sa chinneadh na híomhánna a chrochadh.

“Níl aon dabht ann faoin meon a bhí taobh thiar den mheirge lochtach ar Fhaiche an Choláiste. Is iarracht é laghdú ar luach a dhéanamh ar ár stair réabhlóideach. Teastaíonn uaidh an stát comhchéim a thabhairt do náisiúnaigh bunreachtúla coiméadacha a bhí glan i gcoinne pholaitíocht fhorásach lucht an Éirí Amach.

“Ní raibh triúr de na figiúirí ar an meirge fiú beo ag am an Éirí Amach agus bhí Redmond glan ina gcoinne. Ní hamháin sin ach sheas Redmond i gcoinne na réabhlóidithe i go leor bealaí eile. Bhí sé i gcoinne vótaí do mná, i gcoinne na gceardchumann agus i gcoinne pinsean a thabhairt do sheandaoine. I bhfocail staraí amháin le déanaí is “unhistorical shite” é an meirge,” a dúirt an t-urlabhraí.

Rinne an grúpa céanna iarracht le déanaí íomhá Redmond a chlúdach le cóip mhór d’Fhorógra na Cásca ach nár éirigh leis an iarracht sin. Taifeadadh físeán den eachtra sin.

Ar a leathanach Facebook, deir Misneach gur “grúpa Gaeilge Pobalda” iad atá ar son “athghabháil na Gaeilge” agus gurb é an príomhchuspóir atá acu ná pobal muiníneach Gaelach a thógáil.

Tá graifítí déanta ag an ngrúpa i gCathair na Gaillimhe freisin.

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana glacadh le rún go n-aithneodh an Conradh “an obair mhaith atá ar siúl ag an ngrúpa Misneach i mBaile Átha Cliath” agus go mbeadh Conradh na Gaeilge “ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile [le Misneach] i gcónaí”.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie ar maidin nach mbeadh aon ghlacadh ag an eagraíocht le gníomh na hoíche aréir.

“Mar a deir sé sa rún a ritheadh ag an Ard-Fheis, is í an dea-obair atá ar siúl acu [Misneach] a mholaimid agus is é sin an dea-obair ar son na Gaeilge amháin,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána gur damáiste coiriúil a bhí i gceist le graifítí ar bith agus go gcaitear “go dáiríre” lena leithéid. Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar urlabhraí ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Grúpa Gaeilge a phéinteáil ’35,000’ ar ‘aghaidh’ John Redmond ag Banc na hÉireann'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní namhad do Ghluaiseacht na Gaeilge a bhí i John Redmond ach a mhalairt. Murach an tacaíocht a fuair an Conradh ó John Redmond agus óna bpáirtí ag an am, an United Irish League, droch sheans go mbeadh an bua mór ag Conradh na Gaeilge, nuair a glacadh Seanad an NUI le rún a mhol de hÍde agus Mac Néill, go mbeadh Gaeilge ina ábhar riachtanach do Éireannaigh le fáil isteach in aon choláiste de chuid an NUI ón bhliain 1912 ar aghaidh.

    • Seán

      ná bac Conradh na Gaeilge, táimid ag caint ar shlad na milliún daoine ar mhaithe le himpirí craosacha. Ina theannta san, ba chuma le Redmond fén gcoismhuintir dhealbh i nGaeltachtaí na haimsire ar aon nós, ná baol air. stracaimís síos é! scrios ar gach impireacht is mo mhún anuas ar a roilig siúd….

  • Seán

    wow sin ealaín… banksy Bhleá Cliath….

  • Aralt Mac Giolla Chainnigh

    Mar tharlaíonns, táim gaolta le John Redmond (fada, fada ó shin trí fhréamh mo sin-sin-seanmháthair Harriet Redmond). Táim bródúil as cuid a bhain sé amach, ach i gcás an scéal thíos aontaím le Misneach nach bhfuil ciall ar bith é a luaigh i gcomhthéacs le fís Éirí Amach na Cásca. Agus ar ndóigh ollslad thar tuiscint a bhí sa Chéad Cogadh Domhanda: 35,000 Éireannaigh agus 60,000 Ceanadaigh. Bhí glúin ar fad scriosta.

  • Nathan d

    An déanfaimid tagairt den méad a fuair bás de bharr Éirí Amach na Cásca ar phictiúr Pádraig? Ar a laghad ba chóir dúinn tagairt a dhéanamh den méad pháistí a sheoil sé chun bháis más é sin an chás…