Bhí dhá mhórfhabht ar chóras na ngrád measta in Ardteist na bliana seo a chiallaíonn go bhféadfadh na torthaí a fuair thart ar 6,000 a bheith mícheart.
An Taoiseach Micheál Martin a d’fhógair sa Dáil inniu go raibh locht ar an gcóras agus déanfaidh an tAire Oideachais Norma Foley ráiteas níos cuimsithí faoin scéal tráthnóna.
Dúirt an Taoiseach gur “fhadhb theicniúil a bhain le códáil” ba chúis leis na fabhtanna.
Fágann an fhadhb go bhfuil marcanna níos airde i ndán do “cuid mhaith” daltaí, arsa an Taoiseach.
Dúirt Uachtarán Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (an ASTI) Ann Piggott gur “ábhar mór iontais” di a fháil amach faoin dá fhabht ar an gcóras.
Cháin an freasúra an rialtas as an tslí a láimhseáladh an scéal.
Dúirt urlabhraí oideachais pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin gur údar “alltachta” a bhí sa scéal agus mhaígh sé go raibh “praiseach eile” déanta i dtaobh chóras na ngrád measta.
Dúirt urlabhraí Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire gur “ábhar iontais amach is amach” a bhí sa scéal agus go raibh go leor ceisteanna le freagairt faoi.
Dúirt an Taoiseach gurb é an chéad rud a chaithfí a dhéanamh ná teagmháil a dhéanamh leis na daltaí a d’fhéadfadh gráid níos airde a bheith i ndán dóibh.
Bhí sé tábhachtach go gcabhrófaí leis na daltaí sin maidir le dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, arsa an Taoiseach.
Fág freagra ar 'Gráid níos airde i ndán do chuid mhór daltaí Ardteiste mar gheall ar lochtanna ar an gcóras'