Gradam úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Fionntán de Brún – seo liosta na mbuaiteoirí go léir…

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers a d’fhógair buaiteoirí chomórtas litríochta an Oireachtais i gCill Airne tráthnóna i ndiaidh dó féile na bliana seo a sheoladh go hoifigiúil

Gradam úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Fionntán de Brún – seo liosta na mbuaiteoirí go léir…

Gradam litríochta don úrscéal is fearr san fhicsean ginearálta á bhronnadh ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar Fhionntán de Brún agus Uachtarán an Oireachtais,Máirín de Brún in éineacht leo. Pictiúr : Seán Ó Mainnín

Tá an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Fionntán de Brún as Béal Feirste dá shaothar Béal na Péiste.

 Mar scoláire is fearr aithne ar de Brún go dtí seo agus é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

 Anna Heussaff a fuair an dara duais dá saothar Faoi Smacht.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhuaigh duais filíochta na bliana seo dá cnuasach Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile. Bhuaigh an file as Trá Lí an duais don dán is fearr chomh maith le ‘Litir ó Barcelona’.

Duais na filíochta á bronnadh ag Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, ar Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Uachtarán an Oireachtais Máirín de Brún in éineacht leo. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Údar eile as Trá Lí, Brian Ó Conchubhair, atá ina léachtóir in Ollscoil Notre Dame, a thug leis an duais do Bhuaicshaothar Próis na Bliana do An Saol Bocht.

Míne Mhic Cóil as Ráth Chairn a ghnóthaigh an gradam eile próis dá leabhar Anna Bhán. Sna rannóga ficsin do dhaoine óga, bhí an lá le Katie ar an gCás le Éadaoin Ní Dhomhnaill as Inis Meáin agus An Seol atá fút le Anne Marie Nugent as Ros Cré, i dTiobraid Árann.

Alan Titley a bhuaigh an duais don ghearrscéal is fearr dá scéal Sagart, Leanbh, Cogadh: an seanscéal riamh.

Cluiche Liathróid Láimhe? le Diarmuid de Brún as Machaire Rátha i gcontae Dhoire a bhuaigh an duais don scéal do dhéagóirí.

An Robálaí le Ray Mac Mánais a bhuaigh an gradam do dhráma raidió na bliana agus Brídín le Micheál Ó Conghaile a ghnóthaigh an duais don dráma aon ghnímh is fearr.

Rinneadh bronnadh speisialta ar Scoil Mhuire Ros Muc i gConamara, an bhunscoil ‘a rinne an iarracht ab fhearr’ sna Comórtais Liteartha do Scríbhneoirí Óga i mbliana.

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí ar fad a fógraíodh sna comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR FÁSTA

COMÓRTAS: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA

An Dara Duais: €1,000
Faoi Smacht le Anna Heussaff, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8

An Chéad Duais: €3,000
Béal na Péiste le Fionntán de Brún, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

BUAICSHAOTHAR PRÓIS NA BLIANA

Urraithe ag TG4
Duais: €3,000
An Saol Bocht le Brian Ó Conchubhair, Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá

COMÓRTAS: SAOTHAIR DO DHAOINE FÁSTA

An Chéad Duais: €2,000
Anna Bhán le Míne Mhic Cóil, Ráth Chairn, Co. na Mí

COMÓRTAS: DÁN

Duais: €400
‘Litir ó Barcelona’ le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí

COMÓRTAS: CNUASACH FILÍOCHTA

Duais: €1,250
Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, An Loch, Cathair Chorcaí, Co. Chorcaí

COMÓRTAS: DRÁMA RAIDIÓ

Maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann
An Chéad Duais: €1,250
An Robálaí le Ray Mac Mánais, Baile Mhic Líon, Co. na Mí

COMÓRTAS: DRÁMA AONGHNÍMH

Duais: €600
Brídín le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC

Duaischiste: €1,200

ROINN A

An Chéad Duais: €400
Jeaic agus an Gas Pónaire le hÁine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

ROINN C

An Chéad Duais: €400
Peileadóirí Óga le Micheál Ó Conghaile, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS : SAOTHAR SPIORADÁLTACHTA / CREIDIMH / ÁBHAR MARANA

Duais: €750
Meanmanra an Tuata – a deir Daire lá le Ré Ó Laighléis, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir

COMÓRTAS: CUR CHUN CINN NA GAEILGE

Duais: €1,000
Conradh na Gaeilge 1905-1916 le Conor Ó Gallachóir, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH 

An Chéad Duais: €400
Sagart, Leanbh, Cogadh: an seanscéal riamh le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11

COMÓRTAS: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ

Duais: €500
Cluiche Liathróid Láimhe?  le Diarmuid de Brún, Machaire Rátha, Co. Dhoire

COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)

An Dara Duais: €750
Óró le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11

An Chéad Duais: €2,000
An Seol atá fút le Anne Marie Nugent, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann

COMÓRTAS: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

An Dara Duais: €750
An Choill Bheo le Alan Titley, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 11

An Chéad Duais: €2,000
Katie ar an gCás le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

 


 

COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG

IOMAITHEOIRÍ FAOI 21

COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)

An Chéad Duais: €300
Sos le Méabh Ní Chonaill, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí

IOMAITHEOIRÍ FAOI 16

COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)

An Dara Duais: €100
M’abhainn le hAisling Ní Shúilleabháin, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

IOMAITHEOIRÍ BUNSCOILE

COMÓRTAS C1: GREANNÁN (RANG 3 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

An Dara Duais: €50
Béigeal i Spás le Eabhan Ó Cathasaigh, Mainistir na Corann, Co Chorcaí

COMÓRTAS C2: GREANNÁN (RANG 4 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

An Chéad Duais: €75
Oooh agus an Gléas Ama le Lara Ní hAoláin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí

COMÓRTAS C3: GREANNÁN (RANG 5 – Bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta)

An Chéad Duais: €75
An Cailín Guma le Nessa Ní Chonchubhair, Bré, Co. Chill Mhantáin

BRONNADH SPEISIALTA

AN SCIATH LITEARTHA

Gradam an Oireachtais don Bhunscoil a rinne an iarracht ab fhearr in 2022 sna Comórtais Liteartha do Scríbhneoirí Óga – Scoil Mhuire Ros Muc, An Turlach Beag, Ros Muc, Co. na Gaillimhe

Fág freagra ar 'Gradam úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Fionntán de Brún – seo liosta na mbuaiteoirí go léir…'

  • Mícheál Ó Ruairc

    …. liosta na mbuaiteoirí go léir …??? Cheapas féin go ndúradh liom gur bhuas duais éigin … nó b’fhéidir gur ag brionglóidigh a bhíos …? Á, bhuel! Tiocfaidh mo lá. Mícheál Ó Ruairc