Gradam Uí Shúilleabháin buaite ag ‘Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal’ le Tadhg Mac Dhonnagáin

Deir an tAire Stáit Gaeltachta gur ‘ábhar bróid agus mórtais’ é an caighdeán ard scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta atá le fáil i nGaeilge anois

Tadhg-Mac-dhonnagáin-770x385

Is é buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2015 ná Tadhg Mac Dhonnagáin, a fuair an duais as ucht a leabhair Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal. 

Fógraíodh buaiteoir na bliana seo ag Oireachtas na Gaeilge 2015 i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

Sé leabhar a roghnaíodh i gcomhair ghearrliosta na bliana seo don ghradam scríbhneoireachta, ar fiú €4,000 é d’foilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €3,000 d’údar an leabhair féin.

I measc na saothar a bhí ar ghearrliosta na bliana seo, bhí I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil; Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí; Ibíotsa le Labhrás Ó Finneadha; Idir Neamh is Talamh le Joe Steve Ó Neachtain; agus Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal, le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Déantar cíoradh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí an File in Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal, agus is iad Futa Fata, teach foilsitheoireachta an údair, a chuir i gcló é.

Ag caint dó le Tuairisc.ie níos luaithe an mhí seo faoin saothar, mhínigh Mac Dhonnagáin gur scannán faisnéise ba chúis leis an leabhar agus gur theastaigh uaidh fanacht dílis do phréamhacha na scannaíochta, rud a fhágann go bhfuil stíl bheoga, bhríomhar ag baint le scríbhneoireacht an leabhair agus cur i láthair an ábhair.

Agus an gearrliosta á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit go “spreagann comórtais ar nós Ghradam Uí Shúilleabháin agus na comórtais liteartha eile daoine peann a chur le pár agus cuidíonn siad le pobal léitheoireachta a chothú agus a neartú”.

“Is ábhar bróid agus mórtais é an caighdeán ard scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta atá le fáil i nGaeilge anois,” a dúirt McHugh.

Fág freagra ar 'Gradam Uí Shúilleabháin buaite ag ‘Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal’ le Tadhg Mac Dhonnagáin'