Gradam scannáin bronnta ar ‘Fís na Fuiseoige’ le hAodh Ó Coileáin i Londain

Bronnadh an gradam don scannán faisnéise is fearr ar scannán fhear an Daingin ag searmanas in Ambasáid na hÉireann i Londain inniu

Gradam scannáin bronnta ar ‘Fís na Fuiseoige’ le hAodh Ó Coileáin i Londain

Tá Aodh Ó Coileáin, as an Daingean, tar éis an gradam don scannán faisnéise is fearr a bhuachan ag Féile Scannán Éireannach Londan dá scannán Fís na Fuiseoige. Bronnadh an gradam ag searmanas in Ambasáid na hÉireann i Londain tráthnóna.

“Cúis áthais faoi leith i mbliana agus Éirí Amach na Cásca á chomóradh, a bronnadh an gradam seo ar Fís na Fuiseoige. Toradh ar athbheochan cultúir a bhí san Éirí Amach, athmhuscailt na scéalta agus na dtraidisiún a bhain le talamh na hÉireann.

“Mhair an t-ábhar seo thar na mílte bliain agus tá súil agam go spreagfaidh Fís na Fuiseoige agus an gradam seo mic léinn agus daoine eile tabhairt faoi na scéalta seo a insint ar mheáin nua, le teicneolaíocht atá de shíor ag forbairt, i mbealaí úra an lucht féachana a aimsiú,” a dúirt Ó Coileáin, agus an gradam á ghlacadh aige.

Ba é Ó Coileáin a scríobh agus a stiúir an scannán, ina bpléitear “an dáimh le dúthaigh a mhúnlaigh an tsamhlaíocht liteartha Ghaelach” agus an féinaitheantas Éireannach “ón gcianaimsir anuas”.

Ghlac filí mór le rá páirt sa scannán, ina measc Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, Louis de Paor, Paddy Bush, Gearóid Mac Lochlainn agus Jackie Mac Donncha.

Moladh an scannán san iris Film Ireland as an “bportráid álainn dúthaigh agus teanga” a léirigh Ó Coileáin ina a shaothar agus as an léiriú a tugadh ar an tábhacht a bhain leis an nGaeilge sa “réabhlóid chultúir” a tháinig roimh Éirí Amach na Cásca.

Ní hé seo an chead ghradam atá buaite ag Fís na Fuiseoige ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath. Bronnadh gradam don chineamataghrafaíocht ab fhearr air ag Féile Scannán La na Cruinne i San Francisco i mí Aibreáin agus taispeánadh é ag féilte eile scannáin in Éirinn agus i Meiriceá ó shin.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir nua TG4, Alan Esslemont, le léiritheoirí an chláir as an ngradam a bronnadh inniu. Ba iad Colm Hogan agus an Dr Marina L Levitina ón gcomhlacht léiriúchain Counterpoint Films a léirigh an scannán do TG4.

“Cruthaíonn saothair mar seo gur féidir cleamhnas fuinniúil físiúil a dhéanamh idir an fhilíocht agus meán na teilifíse,” a dúirt sé “agus is saibhre an dá cheird dá bharr,” a dúirt Esslemont.

Craolfar Fís na Fuiseoige ar TG4 san oíche amárach ag 21.30.

Is teagascóir iriseoireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Ó Coileáin.

Fág freagra ar 'Gradam scannáin bronnta ar ‘Fís na Fuiseoige’ le hAodh Ó Coileáin i Londain'