Gradam Hall of Fame IMRO bronnta ar Shéamus Mac Géidigh


Tugadh aitheantas speisialta inniu i mBaile Átha Cliath don chraoltóir agus tráchtaire spóirt as Dún na nGall a bhásaigh go tobann anuraidh

Gradam Hall of Fame IMRO bronnta ar Shéamus Mac Géidigh


Cuireadh ainm Shéamuis Mhic Géidigh, an craoltóir agus tráchtaire spóirt a bhásaigh go tobann anuraidh, le Gradam Hall of Fame IMRO ag ócáid bhronnta a bhí ar siúl in oifig Údarás Craolacháin na hÉireann i mBaile Átha Cliath inniu.

Ghlac bean chéile Shéamuis, Dolores Mhic Géidigh, leis an ngradam agus bhí muintir Mhic Géidigh agus Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha i láthair chomh maith ag an ócáid.

54 bliain d’aois a bhí Séamus Mac Géidigh nuair a bhásaigh sé anuraidh  Bhí ina Bhainisteoir Réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Tuaisceart.

Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall dó agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar fhear uasal, mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shártráchtaire spóirt.

Dúirt Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha inniu
gur “onóir ar leith” é go mbronnfaí an gradam IMRO Hall of Fame ar chraoltóir.

“Tá muid an-mhórtasach agus bródúil go bhfuil sé le bronnadh ar ár gcara atá ar lár.  Is deacair cur síos a dhéanamh ar an méid a rinne Séamus ná an cineál duine a bhí ann.

“Ní amháin gur sárchraoltóir a bhí ann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus gur bhain sé an t-uafás amach sa ghairm sin, ach bhí tionchar aige mar dhuine orthu siúd uilig a casadh air ina shaol oibre, i gCLG agus i measc an phobail go ginearálta. Bhí cairde aige i ngach áit mar go raibh suim aige i ndaoine agus ina gcuid scéalta.  Airíonn muid uainn ár gcara agus guíonn muid suaimhneas síoraí dá anam uasal.”
Cuireadh tús le Gradam Hall of Fame IMRO in 2012, agus bronnadh cheana é ar Gay Byrne, Mícheál Ó Muircheartaigh, Seán Bán Breathnach, Marian Finucane, Larry Gogan, Áine Lawlor agus Tony Fenton.

Fág freagra ar 'Gradam Hall of Fame IMRO bronnta ar Shéamus Mac Géidigh
'