Gradam buaite ag scannánóir óg as Gaeltacht Chiarraí i gcomórtas náisiúnta

Bronnadh an duais don ‘Script Scannáin is Fearr’ ar Mhalachaí Ó Ciardhubháin, dá scannán ‘Nellie’ ag Gradaim do Scannánóirí Óga atá urraithe ag RTÉ

Gradam buaite ag scannánóir óg as Gaeltacht Chiarraí i gcomórtas náisiúnta

Tá gradam buaite ag scannánóir óg as Gaeltacht Chiarraí ag comórtas náisiúnta scannán an tseachtain seo.

Bronnadh an duais don ‘Script Scannáin is Fearr’ ar Mhalachaí Ó Ciardhubháin, dalta de chuid Pobalscoil Chorca Duibhne, dá scannán Nellie ag Gradaim do Scannánóirí Óga atá urraithe ag RTÉ.

Féile Scannán Idirnáisiúnta ‘Fresh Film’ atá i mbun an chomórtais, a bhfuil mar aidhm aige ardán a thabhairt do scannánóirí óga.

Tá an scannán buacach Gaeilge, a taifeadadh i gCorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí, le feiceáil ar líne.

Scéal faoi bheirt fhear, col ceathracha atá ag troid faoi fheirm a n-uncail in iarthar Chiarraí, lán na beirte ag súil gur aige féin a d’fhágfaí an talamh.

I mí Feabhra seo caite thug an scannán  Nellie mórdhuais leis ag féile scannán ‘Make me Laugh’ sa Pholainn agus tá aitheantas faighte aige ag féilte scannán eile in Éirinn chomh maith.

Tá an scannán feicthe ag breis agus 11,000 duine go dtí seo agus é le feiceáil ar líne anseo.

Fág freagra ar 'Gradam buaite ag scannánóir óg as Gaeltacht Chiarraí i gcomórtas náisiúnta'